Breoiteacht an Rí

Do bhí rí ann uair éigint, agus do buaileadh ana-bhreoite go léir é. Bhí sé tabhartha suas chun báis. Ní raibh aon leigheas le déanamh dó, ach aon ní amháin: go gcaithfeadh sé léine a fháil ó dhuine éigint ná raibh aon rud ag déanamh buartha dhó, agus go raibh aigne shuaimhneasach aige: an léine seo a chuir uime agus do chaitheamh, agus go dtiocfadh sé thar n-ais arís ina shláinte chomh maith is a bhí sé riamh.

Sea. Do cheap an rí ná raibh aon mhoill an saghas so léine a fháil, agus do chuir sé amach a mhuintir ag lorg na léine. Bhíodar ag siúl leo agus nach éinne a chasfí orthu d’fhiafróidís de: “An dtabharfá do léine dhúinn i gcóir an rí? Do leigheasfeadh an léine é mura bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit.”

“Ó, tá mhuise,” a déarfaidís, “fiche rud.”

Thugadar roinnt laethanta mar seo ag cuardach, agus nuair a chídís duine ag amhrán do raighfí féna dhéin, i bhfoirm “Níl aon ní ag déanamh buartha dhó san.” Do neósfadh sé cad a bhí ag déanamh buartha dhó.

Ar aon tslí, do ghabhadar trí shráid a bhí ann, go minic, an fhad a bhíodar ag cuardach, agus do bhí fíodóir istigh i dtigh ann agus níl aon uair a ghabhaidís don doras ná go mbíodh sé ag amhrán. Isteach leo ag triall air.
“A leithéid seo atá uainn,” a dúradar, “agus is dócha go dtabharfair dúinn do léine, mura bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit, agus deabhraíonn tú ná fuil mar bíonn tú ansan i gcónaí ag amhrán, agus tú go meidhreach duit féin!”
“A’ d’iarraidh a bheith ag scaipeadh na buartha atáim,” a dúirt sé, “leis na hamhráin sin. Níl ach coicís ó imigh mo bhean uaim le fear eile, agus go deimhin, níl aigne ró-shuaimhneasach agam ó shin.”

Bhíodar ag filleadh abhaile, agus teipithe orthu aon duine a fháil ná go raibh rud éigint ag déanamh buartha dhó. Do chonaiceadar stracaire fir istigh in imeall coille. Do bhí tine bhrosnaigh déanta aige agus lon dubh ar bhior aige á rósta leis an dtine: port breá feadaíola aige.
“Ragham féna dhéin,” a dúradar; “cá bhfios ná gurb é an fear ceart é?”

Isteach leo ag triall air. “A leithéid seo,” a dúradar: “an bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit?”
“Ó, an dial blúire ar an dtalamh!” a dúirt sé. “Níl aon bhuairt aigne orm,” a dúirt sé: “táim chomh suaimhneasach im aigne le haon fhear sa dúthaigh. Aon bhuairt níl orm!”
“Is tú an fear a bhí againn á lorg!” a dúradar. “Féadfairse an rí a leigheas: ach caithfir do léine a thabhairt dó. Sin é an leigheas atá tabhartha dhó ar aon tslí ag dochtúirí.”
“Airiú, do thabharfainn is fáilte,” a dúirt sé, “ach fiú amháin níl pioc den léine agam le blianta, ná aon ní agam a chuirfeadh umum í. Agus ina dhiaidh san,” a dúirt sé, “tá aigne shuaimhneasach agam, agus gan aon ní ag déanamh buartha dhom.”

B’éigint dóibh filleadh abhaile, agus tar éis a raibh cuardaithe acu do theip an saghas so fir a fháil, ach an t-éinne amháin.

Agus nách ait an saghas duine go raibh aigne shuaimhneasach aige – fear ná raibh pioc den léine air! Agus an chuid eile go léir: fuíollach saibhris acu agus gan aon easnamh orthu, agus buairt nó guairneán aigne éigint orthu i gcónaí.

Theip an rí a leigheas nuair a theip an saghas so duine a fháil. Ach dá mbeadh pioc don léine ar stracaire an lon duibh do bhí an rí leighiste aige!

 

a-Th. 844
The search for a remedy for a king’s illness-the shirt of a happy and care-free man. The king’s messengers, having spent many days in fruitless enquiry, hear a beggar singing over his wayside fire. On assuring them that he has not a care in the world, they ask him for his shirt, but the poor man replies regretfully that he has not got one at all.

This and other printed versions listed in FFC 188 are from literary sources-a school-book or a paper.

Scéal ar Shagart

Scéal a bhíodh ag sean-daoine ar shagart a bhí chun Aifrinn a rá maidean Domhnaigh i séipéal éigint amuigh ar an dtuath. Do bhí cluith an Aifrinn curtha uime, agus ní raibh an pobal cruinnithe chuige fé mar ba mhaith leis. Dúirt sé leis féin: “Ní déarfad an tAifreann ar feadh sum neomataí féachaint an mbeadh níos mó des na daoine tagaithe.” Bhí saghas coille bige in aice an tséipéil. D’airigh sé an ceol amuigh sa choill mar a bheadh ceol éin. Chuaigh sé go doras agus d’fhéach sa treo inar airig sé an ceol, agus do dhruid tamall amach chun go bhfaigheadh radharc ar an éan a bhí ag cantaireacht. Fuair an t-éan ba dheise dá bhfeacaigh sé riamh agus níor airigh riamh aon cheol mar a bhí aige. D’éirigh an t-éan as an áit ina raibh sé, agus do dhruid uaidh tamall. Thosnaigh ar a chuid ceoil arís. Bhí ana-dhúil ag an sagart a bheith ag éisteacht leis, agus do lean tamall beag eile é, ach do chuimhnigh: “Tá an pobal cruinnithe anois,” a dúirt sé, “agus déarfaidh mé an tAifreann dóibh.”

D’fhill sé thar n-ais chun an tséipéil. Ní raibh aon phobal roimis, aon duine ach aon tseanduine amháin a bhí ag déanamh saghas éigint oibre in aice an tséipéil. D’fhiafraigh sé den tseanduine:
“Cár ghaibh an pobal a bhí ag cruinniú ansan chugam anois?”
“Ó, ní fheadar,” arsa an seanduine, “ní fheaca-sa aon phobal ann.”
“D’fhágas im dhiaidh iad,” a dúirt an sagart, “suim neomataí ó
shin: ní fheadar cár ghabhadar.”
“Ní fheadar-sa, leis,” arsa an seanduine, “ach tá scéal mór ar shagart a bhí anso cúpla céad bliain ó shin – gur ghaibh sé amach maidean Domhnaigh agus cluith an Aifrinn uime. Níor fhill sé riamh ó shin, agus ní fios d’éinne cár ghaibh sé.”

Ar chlos na bhfocal so don tsagart dhein seanóir críona caite dhe, agus do cailleadh é gan puinn moille.

Bhíodh an scéal so i measc na ndaoine, agus deiridís gur dócha gur de thoisc culaith an Aifrinn a bheith uime ag leanúint an éin gurb ea nár fhill sé. Ní fhéadadh na daoine aon tuairim a thabhairt cé acu éan ós na Flaithis an t-éan so nó, b’fhéidir, saghas mallaithe éigint eile a bhí ar thí díobháil a dhéanamh don tsagart.

 

A a-Th. 47Ir A
A priest vested for Mass awaits the arrival of the congregation in a wood close by and listens to a bird’s song. When he returns, as he thinks after a few moments, he finds no one in the church but an old man and from him he learns that there is a tradition locally of a priest who had disappeared 200 years before. On hearing this, the priest becomes a withered old man and dies.

This is the well-known legend of the Monk and the Bird, which has been studied in a delightful monograph by Professor L. L. Hammerich of the University of Copenhagen-Munken og Fuglen: En Middelalderstudie. Copenhagen, 1933.

An Láirín Mhuirceach Dhubh

Tráth éigint do bhí bean bhocht ann agus níor ráinig do mhuirín aici ach aon mhac amháin, agus do bhí so go holc aici – go dímhaoin, droch-ghnóthach.  Ní bhíodh puinn air a dhéanamh, agus dá luíod a bhíodh air a dhéanamh ní dheineadh sé é, le neart dímhaointis.  Bhí ana-dhúil aige i scoraíocht, imirt chártaí agus nithe eile don tsórt so: fé mar a déarfá gach aon rud dá olcas, agus gan aon aidhm aige aon ní fónta a dhéanamh, ná puinn cúnaimh a thabhairt don tseana-mhnaoi do mháthair dó.  Bhíodar chun cónaigh i seana-bhotháinín deataigh agus braoín-anuas, agus ní leogfadh an dímhaointeas dó amháin beartín dín a chur ar an mbothán.

Bhíodh sé ag teacht ó scoraíocht ana-dhéanach, agus do bhí áit ann ina raibh gruagach – seana-ghruagach mór.  Do ghabhadh sé in aice an bhaill seo gach aon oíche nuair a bhíodh sé ag teacht ó imirt na gcártaí.  Oíche éigint dá raibh sé ag gabháil ann, do léim an gruagach amach roimis.

“Fiafraím,” arsa an gruagach leis an bhfíde feá buachalla so, “an n-imreofá breith?”
“An dial,” ar seisean, “d’imreoinn – ba chuma liom.”

Fuair an gruagach paca cártaí agus do thosnaigh an imirt idir an mbeirt, agus má thosnaigh do bhuaigh an buachaill seo air.

“Cuir do bhreith!” arsa an gruagach.
“Cuirim do bhreith ort,” ar sisean, “cúirt bhreá go léir a dhéanamh dom in inead an tseana-bhotháin go bhfuilim féin agus mo mháthair chun cónaigh ann!”
“Beidh san amhlaidh!” a dúirt an gruagach.

Nuair a chuaigh sé abhaile ón scoraíocht ní fheadair sé canad isteach, geall leis, go bhféadfadh sé dul sa chúirt álainn go léir a bhí roimis in inead an tseana-bhotháin, agus do bhí an mháthair istigh roimis, agus is ar éigint a aithneodh sí í féin in aon chor ina leithéid d’áit le breáthacht.

Sea.  Bhí san go maith, agus d’inis sé an scéal don mháthair. Ní bhfuair sí aon locht ar an méid sin don scéal.  Níor stop sé den scoraíocht, agus do ráinig, oíche éigint dá raibh sé ag gabháil ann arís, gur léim an gruagach chuige.

“Sea, a fhir mhaith,” ar seisean, “an n-imreofá breith liom arís?”
“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh,” a dúirt an buachaill seo.

Fuair sé na cártaí agus do thosnaigh an imirt, agus má thosnaigh do bhuaigh sé arís ar an ngruagach.

“Cuir do bhreith!” arsa an gruagach.
“Cuirim do bhreith ort,” ar sisean, “fuíollach troscáin agus bídh agus saibhris a chur sa chaisleán so, nó sa chúirt seo, ag triall orm.

Ní choinneodh sé mise agus mo mháthair inár mbeathaigh a bheith ag féachaint ar na fallaí breátha atá ansúd!”

“Sea,” a dúirt an gruagach: “beidh san amhlaidh!”

Do bhí an saol ar a dtoil ar fad ansan acu, agus dá fheabhas saol a bhí acu ní fhanfadh an mac aon oíche istigh in aonacht leis an seana-mhnaoi de mháthair dó: bhí an iomarca dúil ins na cártaí aige.

Oíche éigint eile dá raibh sé ag teacht, cé a léimfeadh chuige ná an gruagach.  “Sea, a fhir mhaith,” a dúirt sé, “an n-imireofá breith liom arís anocht?”

“D’imreoinn,” a dúirt sé; “ba chuma liom.”

Do himireadh an bhreith, agus má himireadh b’é an cleas céanna é: do bhuaigh an buachaill air.

“Cuir do bhreith airís!” arsa an gruagach.
“Cuirim do bhreith ort,” ar seisean, “go gcathfaidh tú bean a fháil dom.”
“A Dhia mhuise,” arsa an gruagach, “maran deacair tú a shásamh! Shíleas go raibh rud maith déanta agam duit.”
“Sea.  Caithfir bean a fháil dom,” ar sisean.
Sea.  Isteach leo, pé áit go raibh mná ag an ngruagach, agus do thug sé chuige dosaen éigint duine acu – mná rua ab ea iad eile go léir.

“Féach,” a dúirt sé, “an bhféadfá bean a phiocadh astu san, nó an mbeifeá sásta le héinne acu?”
“Ní bheinn,” ar sisean, “mar níor airíos aon mholadh riamh ar mhná rua, agus pé cuma é, níor thugas riamh aon taitneamh do dhuine acu, nó an bhfuil aon tsaghas eile agat ach iad san?”
“Tá,” a dúirt an gruagach.  Thug sé leis scata eile ban, agus iad so go léir dubh.  “An bhfaighfeá éinne ina measc san,” arsa an gruagach, “a dhéanfadh aon tsásamh ort?”
“Ní bhfaighinn,” a dúirt sé; “táid siad so go léir ró-dhubh, agus ní beag dhom mé féin a bheith dubh gan a bheith ag breith duine acu súd <liom>!”

Do bhí cailín eile ar fud an tí, agus í ag éisteacht agus ag féachaint ar an obair go léir, agus do bhuail sí a méar uirthi féin ag déanamh comharthaí dho í féin a lorg ar an ngruagach.

“Is dóigh liom,” a dúirt sé, “go dtógfaidh mé an cailín sin ansan.  Is fearr í ná éinne des na mná atá taispeánta agat dhom.”
“Ní fheadar an tsaol,” a dúirt an gruagach – níor mhaith leis in aon chor í seo a bheith tofa aige – “ach ar ndóin, caithfear do thoil a thabhairt duit.”

An deamhan blúire dhe ná gur thóg roimis abhaile í, agus tar éis tamaill do deineadh iad a phósadh.  Airiú, do bhí ana-phósadh acu, agus slí rince agus gach aon ní chun a dtoile acu sa chúirt bhreá a bhí aige.

Do thosnaigh a bhean ar bheith ag insint nithe dhó agus ar bheith á chomhairliú.  “Do chomhairleoinn duit anois,” a dúirt sí, “fanúint sa bhaile agus gan a bheith ag gabháil i dtreo an ghruagaigh úd a thuilleadh. Geobhaidh san an ceannsmách ortsa dá fhaid a rithfidh leat, agus buafaidh sé ort san imirt.”

“Airiú, b’fhéidir ná buafadh,” a dúirt an buachaill – nó b’é an fear anois é, a fear pósta.
“Má bhuann sé ort,” a dúirt sí, “ní fheadaraís in aon chor ach na geasa le cruacht a chuirfidh sé ort, mar tá sé ag faire agus cuireann sé na geasa céanna san go minic ar dhaoine: Claíomh Solais atá ag gruagach sa Domhan Toir a thabhairt chuige isteach ina láimh, agus ceann an ghruagaigh ina theannta san.  Níl aon fhear draíochta sa dúthaigh,” a dúirt sí, “ró-mhaith don ghruagach so atá sa Domhan Toir, agus tá ana-dhúil aige seo a cheann a fheiscint, ar aon tslí, tabhartha chuige ag duine éigint, mar do bheadh an bua aige féin as san amach ar dhraíocht nó ar pé rud ba mhaith leis.”

Do leog sé air a bheith ag éisteacht léi agus leis an gcomhairle go léir, ach má bhí, an deamhan, níor stop san dos na cártaí é.  Théadh sé ag imirt i gcónaí, agus oíche eile dá raibh sé ag teacht cé phreabfadh chuige ná an gruagach!
“Sea, a fhir mhaith,” arsa an gruagach, “ní fheaca le tamall anois. Is dócha go bhfanann tú sa bhaile ar fad ó phósais?”
“Ní fhanaim, mhuise,” arsa an buachaill; “bím ag scoraíocht i gcónaí.”
“An n-imireofá breith anois?” a dúirt sé.
“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh,” a dúirt an buachaill.

Fuair sé na cártaí arís agus do thosnaigh an imirt eatarthu, ach má thosnaigh do bhuaigh an gruagach.
“Sea.  Cuir do bhreith!” arsa an buachaill leis.
“Cuirim do bhreith ort,” a dúirt an gruagach, “claíomh solais atá ag gruagach sa Domhan Toir – caithfir an claíomh so a thabhairt chugam isteach im láimh, agus ina theannta san caithfir ceann an ghruagaigh a thabhairt chugam!”
“Is dócha,” arsa an buachaill, “go mbeidh so cruaidh go maith orm?”
“Is cuma san,” a dúirt sé, “ach caithfir é a dhéanamh.  Do dheineas-sa gach ní dár iarrais-se agus caithfirse déanamh mar a deirimse anois leat.”

Do chuaig sé abhaile agus d’inis sé an scéal don mhnaoi.  “Bhí a fhios agamsa,” ar sise, “gurb shin mar a imeodh ort, agus anois féach cad atá le déanamh agat.  Téir ag triall air arís agus abair leis go gcaithfidh tú roinnt laethanta a fháil chun tú féin a fháil ullamh.”

Do chuaigh.  “Ó, féadfair,” a dúirt sé, “pé méid aimsire is maith leat.”

Do fuair an bhean srian dó.  “Comáin leat ag triall air anois,” a dúirt sí, “arís, agus abair leis go gcaithfidh sé capall a thabhairt duit chun an chlaímh seo do sholáthar, agus an chínn.  Tabharfaidh sé chugat roinnt chapall, capaill bhreátha go léir, agus ná tóg aon chapall acu so. Tabharfaidh sé chugat roinnt eile acu, ar dhath eile, agus capaill níos breátha ná an chéad chuid, agus ná tóg aon cheann acu so.  Beidh na capaill go léir aige á thiaispeáint duit, agus féadfair an tsrian so a chrotha: pé capall a thiocfaidh chugat cuir air an tsrian, agus ná toibh aon chapall eile ach an ceann san.”

Do bhí san amhlaidh.  Chuaigh sé ag triall ar an ngruagach.  “Sea anois,” a dúirt sé, “táim chun dul fé dhéin an ghruagaigh sa Domhan Toir, ach caithfir capall a thabhairt dom.”
“Tabharfad,” a dúirt an gruagach.  Do thiaispeáin sé dhó cuid des na capaill bhreátha so ach níorbh aon chabhair é, ní thógfadh sé aon cheann acu; agus i gcionn tamaill do chroth sé an tsrian agus do tháinig chuige seana-chapaillín dubh lom giobalach agus na cnámha as polla an chraicin aici.
“Airiú, ar ndóin,” a dúirt an gruagach, “níl aon bhaol gurb í sin a bhéarfair leat?”
“Sin í an ceann céanna atá agam le breith liom,” a dúirt an buachaill.
“Ó mhuise,” a dúirt sé, “tá sí go holc agat! Níl aon tora againn-ne uirthi sin anso.  Sin í go dtugaimíd “An Láirín Mhuirceach Dhubh” uirthi.”
“‘Sí an Láirín Mhuirceach Dhubh a bheidh agamsa!” a dúirt sé.
“Féadfairse na capaill bhreátha a choinneáilt.  Tá sí seo i bhfoirm maith mo dhóthain-se.  Is dócha ná hoirfidh aon chapall dom uim an am go bhfeicfidh mé an gruagach sa Domhan Toir – go gcuirfidh sé deireadh liom?”
“Á, ní móide go gcuirfeadh,” arsa an gruagach so.

As go brách leis, agus do bhí sé ag cur de riamh is choíche chun gur tháinig sé pé áit go raibh cúirt an ghruagaigh seo sa Domhan Toir. Bhí fallaí móra arda timpeall na cúirte, agus do dhein an Láirín Mhuirceach Dhubh isteach ar an bhfalla chun é a léimt, ach ní raibh aon choinne aige seo go bhféadfadh sí é a léimt agus is amhlaidh a thairrig sé srian léi chun gan é a leogaint di – tabhairt fé in aon chor.  Ach má dhein do labhair an láirín leis:
“Ná dein a leithéid,” a dúirt sí, “agus ná tairrig aon tsrian liomsa, pé áit go n-oirfidh dom dul.  Níl aon ní chun teip orm!”

Do dhruid sé amach tamall ón bhfalla arís agus do scaoil srian leis an láirín, agus má dhein ní raibh moill neomait uirthi an falla mór ard so a ghlanadh isteach.

Airiú, do bhí sé istigh, agus do fuair sé stábla agus do chuir sé an láirín isteach ann.
“Imigh ort anois,” a dúirt an láirín leis, “agus téir ag triall ar an ngruagach.  Abair leis pic chruinneachtan a thabhairt duit i gcóir do chapaill, agus ní mharóidh sé in aon chor anocht tú, b’fhéidir, mar cuirfidh sé ionadh air cad é an saghas duine atá tar éis teacht isteach os cionn an daingin le hairde atá timpeall air.”

D’imigh sé air fé dhéin an ghruagaigh, agus do bhí an gruagach go droch-hairíonach leis.
“Sea,” a dúirt sé.  “A leithéid seo atá uaim.  Tá mo chapall ar stábla agam, agus caithfidh tú pic chruinneachtan a thabhairt dom di mar bhéile.”  Do thug, go leisciúil.

D’fhill sé thar n-ais arís ag triall ar an ngruagach.  “Caithfidh mé féin,” a dúirt sé, “óstaíocht na hoíche a fháil uait.”

“Caithfear,” a dúirt sé, “is dócha, agus ní fheadar cé acu é, agus táim chun tú a mharú,” a dúirt sé.
“Ní dhéanfair a leithéid,” a dúirt an buachaill seo leis.
“Ní dhéanfaidh mé anocht é,” a dúirt sé; “agus ní mharód go fóill tú, b’fhéidir.  Ach má fhéadann tú aon chleas a dhéanamh, i bhfoirm cleas draíochta, níos fearr ná mar a fhéadfadsa a dhéanamh, b’fhéidir ná maróinn in aon chor tú.  Amárach,” a dúirt sé, “caithfirse tosnú ar an gcéad chleas.  Féadfair dul i bhfolach pé áit ar fud na háite seo gur maith leat é, agus má fhéadaimse tu a fháil, pé áit go bhfuileann tú dultha i bhfolach, beidh buaite agam ort, agus má bhuaim mar sin ort,” a dúirt sé, “trí lá as a chéile, buinfidh mé an ceann díot!”
“Agus má bhuaim,” a dúirt an buachaill, “cad atá le déanamh?”
“Tá,” a dúirt sé, “go raghadsa i bhfolach, trí lá i ndiaidh chéile, agus má fhéadann tusa mé a aimsiú beidh buaite agat orm.”

Sea.  B’shin mar a bhí, agus do chuaigh an buachaill ar maidin amárach agus d’inis sé don Láirín Mhuirceách Dhubh cad a bhí ráite ag an ngruagach leis.
“Sea go díreach,” ar sise.  “Bhí a fhios agam.  Tar anso,” a dúirt sí, “agus stath amach ceann des na fiacla astum – ceann i bhfad siar im bhéal air sin.”  Do dhein, agus ní raibh puinn tinnis uirthi in aon chor an fhad a bhí an fhiacal aige á statha.  Ba mhó a bheadh anois ar dhuine nuair a bheifí á straca uaidh!
“Féach anois,” a dúirt sí: “téir féin isteach ansan in inead na fiacaile, agus beidh tú mar a bheadh aon fhiacal istigh ann.”  Do chuaigh sé isteach i mbéal na láiríne, agus ba ghairid gur thosnaigh an gruagach ar bheith á lorg ins gach aon áit ar fuaid an bhaill, agus do bhí teipthe air baileach glan é a fháil, anso ná ansúd, chun go raibh an t-am caite a bhí ráite chun é a bheith fáltha.
“Sea.  Tar amach anois,” a dúirt an láirín leis, “agus cuir isteach an fhiacal cheart ionam.”  Do dhein.  Chuaigh sé ag triall ar an ngruagach.
“Cá rabhais i gcaitheamh na haimsire?” a dúirt an gruagach, “is a rá gur theip orm tú a fháil?”
“B’olc uait é,” a dúirt sé.  “Do bhíos amuigh timpeall an stábla i gcaitheamh an lae, pé cuma ná feacaís mé.”
“Tá buaite agat orm inniu,” arsa an gruagach.

Lá arna mháireach, d’inis sé don láirín cad a bhí le déanamh arís.
“Sea go díreach,” ar sise.  “Féach, tar agus stath ruibe amach as m’eireabal agus téir féin isteach ann in ionad an ruibe, agus beidh tú mar a bheadh aon ruibe den eireabal.”  Do dhein.

Airiú! do thosnaigh an phiardáil ag an ngruagach arís, agus an lorg, agus níor fhág sé aon áit gan tóch agus gan lorg chun go raibh an t-am caite arís, agus teip é a fháil.  Do bhuail an buachaill chuige.
“An bhfuil teipithe ort?” a dúirt sé leis an ngruagach.
“Tá,” a dúirt sé, “pé áit go rabhais.”
“Ní rabhas i bhfad ó bhaile, mhuise,” a dúirt sé.  “Do chaitheas an lá go léir ansan timpeall na gclóiseanna agus timpeall an stábla.”
“Theip orm tú a fheiscint,” arsa an gruagach.  “Tá buaite agat orm dhá uair,” a dúirt sé, “ach ní bhuafair amárach orm!”

D’inis sé arís amárach don láirín go gcaithfeadh sé dul i bhfolach.
“Sea más ea,” a dúirt sí.  “Tairrig ceann des na taraingí amach as crú thosaigh ansan agus téir isteach in inead an tarainge, agus gheallfainn dhuit ná haimseóidh sé ansan tú!”

B’shin mar a bhí.  Do thairrig sé an tarainge agus chuaigh sé féin isteach ann agus do dhein tarainge dhe.  Níorbh aon bhrí an réaba a bhí déanta ag an ngruagach na laethanta roimis sin á lorg seachas mar a dhein sé an lá so, ach b’é an cleas céanna é: theip air.
“Cá rabhais,” a dúirt sé, “gur theip orm tú a fháil?”
“Ní rabhas i bhfad uait in aon chor,” a dúirt sé.  “Ní théim chun aon aistir uait, ná ní théim ró-mhór i bhfolach ort in aon chor, pé cuma ná haimsíonn tú mé.  Bhíos ansan ar fud na gclóiseanna agat agus ar fud an stábla.”
“Sea,” a dúirt an gruagach.  “Tosnódsa anois amárach féachaint an bhféadfairse mé a fháil, más ea.”

D’inis sé don Láirín Mhuirceách Dhubh arís cad a bheadh ina chóir féin amárach, agus go gcaithfeadh sé an gruagach a aimsiú.
“Airiú,” a dúirt sí, “aimseóidh tú go breá.  Féadfair bualadh isteach ar fud an tí agus beidh cailín istigh ann.  Chífidh tú fáinne breá ar a méir. Sin é an gruagach, agus má fhaigheann tú aon fhaill ar an bhfáinne,” a dúirt sé, “snap don mhéir é agus bí á chaitheamh isteach sa tine, agus nuair a bheir, déanfaidh gruagach arís don fháinne.”

B’shin mar a bhí.  Do bhí an gruagach dultha i bhfolach, agus nuair a thosnaigh so ar é a lorg do bhí sé mar dhea á leogaint air bheith ag féachaint anso is ansúd ins gach aon bhall féachaint cá bhfeicfeadh sé é, chun gur bhuail sé isteach ar fud na cistean.  Do bhí an cailín istigh, ag obair léi, agus nuair a dhruid sí in aon chóngar dó thug sé fé ndeara an fáinne.
“Airiú,” ar seisean, “nách breá go léir an fáinne é sin ar do mhéir, a chailín!”
“Ó mhuise, ní breá,” a dúirt sí.

Do lean sé ag moladh an fháinne riamh is choíche, agus nuair a tháinigh sí in aon chóngar dó do strac sé an fáinne amach dá méir. “A Dhia,” a dúirt sé, “fáinne breá go léir! Ní thúrfaidh mé dhuit a thuilleadh é” – agus do dhein fé dhéin na tine leis chun é a chaitheamh isteach.
“Á, ná dein a leithéid!” arsa an fáinne.  Leis sin do dhein gruagach den fháinne.
“An raibh a fhios agat,” a dúirt an gruagach, “gur mé a bhí ann?”
“Is cuma liom cé acu é,” ar sisean.  “Bhí a fhios agam go bhfaighinn in áit éigint tú.”
“Tá buaite agat orm arís inniu,” ar seisean.
“Tá” a dúirt an buachaill, “agus buafaidh mé i gcónaí ort!”

D’fhan an scéal mar sin go dtí ar maidin lá arna mháireach.  Nuair inis sé don láirín an obair an lae a bhí roimis: “A leithéid seo d’áit go mbeidh sé inniu,” ar sise.  “Tá seó de chrainn úll sa gháirdín aige sin. Táid siad go léir líonta d’úllaibh ach aon chrann amháin, agus níl air sin ach aon úll amháin agus tá san ar an úll is breátha sa gháirdín. Sin é an gruagach,” a dúirt sí, “agus bí á lorg leat, agus ag siúl ins gach aon bhall, agus nuair a raghaidh tú sa gháirdín féadfair do shúil a chur ar an úll so atá ráite agam leat.  Strac anuas den chrann é, agus beidh an cailín ag faire ort i gcónaí.  Chomh luath is a thógfair anuas den chrann é, tairrig do scian amach as do phóca agus bí chun smut den úll a thabhairt don chailín, agus cuirfidh an gruagach in iúil é féin ansan duit!”

B’shin mar a bhí.  Do leog sé air a bheith á chuardach ar feadh i bhfad, agus i ndeire báire do bhuail sé tríd an ngáirdín ag féachaint ar na crainn agus ar na húlla, agus do chonaic sé an t-úll breá dearg in airde ar chrann, agus gan air ach an t-aon úll amháin.
“Mhuise, conas,” a dúirt sé leis an gcailín, “nár tháinig air sin ach an t-aon úll amháin?”
“Sea.  Ní fheadar,” a dúirt sí.
“Is dócha,” a dúirt sé, “gur úll ana-bhreá é le n-ithe” – agus do sciob sé ina láimh leis é anuas den chrann; thairrig scian as a phóca:
“Tabharfaidh mé a leath dhuitse,” a dúirt sé léi.

Leis sin do liúigh an gruagach: “Faire go brách, ná dein!” a dúirt sé.  “Mise atá ann.”
“Mhuise, an dial,” a dúirt sé, “is greannmhar an áit go rabhais, agus is greannmhar an rud a dheinis díot féin.  Dhóbair tú a bheith ite agam!”
“Sea, tá buaite agat orm ar aon tslí,” a dúirt an gruagach, “agus níl ach lá eile anois agat chun mé a lorg.”
“Loirigeód,” a dúirt sé, “agus is féidir liom tú a aimsiú.”

D’inis sé an scéal arís don láirín, agus conas mar a bhí ag éirí leis.
“Anois,” a dúirt sí, “‘sé an rud a bheidh déanta aige dhe féin amárach ná ubh.  Beidh sé istigh ar an ndriosúr, socair istigh fé bhéal báisín.  Sin é an áit go mbeidh sé.  Féadfair dul isteach, agus ‘sé an tríú báisín isteach ó chúinne an driosúra go mbeidh an t-ubh fé.  Leog ort tart a bheith ort agus go n-oirfeadh deoch duit.  Tóg an báisín, agus chomh luath is a thógfair beir ar an ubh.  Féatair a rá nuair a chífir an t-ubh gur ubh lofa é agus lig ort a bheith chun é a chaitheamh amach an doras, nó é a bhriseadh ar chloich – agus sin é an gruagach arís agat.”

Sea.  Do lean sé ag lorg an ghruagaigh an lá san, agus bhí an lá ag dul i ndéanaí agus i bhfoirm é cortha de bheith ag lorg an ghruagaigh. Do bhuail sé isteach sa chistin.  Bhí an cailín istigh.
“Airiú,” ar sisean, “tá tart orm”; agus leis sin do rug sé ar an mbáisín seo a bhí ráite leis, thóg don driosúr é, agus do bhí ubh istigh fén mbáisín.  Do rug ina láimh ar an ubh – agus ní raibh aon tart air ach ag leogaint air.  D’fhéach sé go géar ar an ubh agus do chroith é.
“Airiú,” ar seisean, “sin ubh atá lofa!”
“Níl go deimhin,” arsa an bhean.
“Is dóin deirimse go bhfuil,” a dúirt sé, “agus déanfadsa é a bhriseadh ar an lic is chífir go bhfuil sé lofa.”

Leis sin do labhair an gruagach: “Á, ná dein, ná dein!” ar sisean.
“Mise atá ann!”
“An dial, is greannmhar an áit go rabhais,” ar sisean, “agus dhóbair dom tú a bheith briste.”
“Scaoil uait mé,” a dúirt sé.
“Ní scaoilfead go fóill,” a dúirt sé.  “Fan mar a bhfuileann tú chun go neósfair dom cá bhfuil an Claíomh Solais.”
“Scaoil uait mé agus neósfad,” ar seisean.
“Inis dom é agus scaoilfidh mé uaim tú,” a dúirt sé.

B’éigint dó insint cá raibh sé.  “Tá sé ina leithéid seo d’áit,” a dúirt sé, “istigh i gcóthra.  Féadfair dul agus é a fháil.”

Chuir sé dhe fé dhéin an chóthra agus do choinnibh a ghreim go daingean ar an ubh chun go raibh an claíomh fáltha aige.  Do bhí bua ag an gclaíomh so, aon duine go mbeadh sé ina láimh d’fhéadfadh sé é féin a chosaint ar pé namhaid a thiocfadh ina threo.  Mar sin féin, nuair a bhí an claíomh ina láimh b’é an chéad rud a dhein sé ná buille den obh a bhualadh ar an gcloich, agus leis sin do dhein gruagach den obh, ach é a bheith marbh! Nuair a fuair sé an gruagach sínte marbh do bhain sé an ceann de leis an gclaíomh so ar a shuaimhneas, agus chomh luath is a bhí san déanta aige chuaigh sé ag triall ar an Láirín Mhuirceach Dhubh.
“Conas éirigh leat?” a dúirt sí.
“D’éirigh go maith,” a dúirt sé.  “Tá gach aon ní déanta agam fé mar a bhí ráite agat.”
“Má tá,” a dúirt sí, “beam ag dul abhaile.”

Bhíodar, chomh maith.  Thugadar a n-aghaidh ar an mbaile, agus nuair a thánadar do bhí an bhean go mórálach toisc an chlaímh agus an chinn a bheith tabhartha aige leis.

“Ach bíodh a fhios agat anois,” ar sise, “ná fuil deireadh agat leis an ngruagach eile fós.  Tá fhéachaint ort an claíomh san a thabhairt ina láimh dó, agus an fhaid a bheidh an claíomh ‘na láimh tá ina chumas é féin a chosaint ortsa, pé arm eile a gheófá chuige, agus chun do gheasa a chomhlíonadh féadfair é a shíneadh chuige, agus arís má fhéadann tú é a mhealladh uaidh ar aon tslí, chomh luath is a gheobhaidh tú thar n-ais it’ láimh é bain an ceann de.”

B’shin mar a bhí.  As leis fé dhéin an ghruagaigh.
“Ar thugais leat iad?” a dúirt an gruagach.
“Do thugas go cruinn,” a dúirt sé.  “Sin é ansan an ceann agat.”
“‘Sé, gan dearamad,” a dúirt an gruagach.
“Agus sin é an claíomh,” a dúirt sé, á shíneadh chuige ina láimh, agus ní raibh a ghreim bogaithe i gceart aige dhe nuair a dúirt sé airís leis a’ ngruagach:
“Ó, gabhaim párdún agat: tá ruidín salachair ansan is fan go nglanfaidh mé dhuit é.”

Do leog an gruagach uaidh é, agus ‘sé an glanadh a dhein so air ná é a tharrac ar an ngruagach agus an ceann a scotha dhe! Chuir san deireadh leis.

Abhaile leis arís fé dhéin na mná, go mórálach, agus deireadh curtha leis an ngruagach aige.
“Níl sé marbh i gceart in aon chor agat,” ar sise.  “Níl teora lena chuid draíochta san.  Maireann a chroí fós, agus ‘sé an áit go bhfuil croí an ghruagaigh sin, tá sé in ubh, agus tá an t-ubh san istigh i nid, agus Seabhac na Faille Fuaire ag tabhairt aire don ubh san.  Tá draíocht ar an Seabhac chomh maith leis an ubh, agus tá an Fhaill Fhuar ar bhruach na farraige.  Caithfeam an t-ubh san a bhriseadh,” a dúirt sí, “sara mbeidh deireadh leis an ngruagach.  Tiocfaidh an t-anam thar n-ais ann arís chun go mbeidh an t-ubh briste, pé uair é.”

D’imíodar araon fé dhéin na Faille.  “Béarfaidh mé liom téad,” ar seisean.  “Casfaidh mé fé bhun ascall orm féin í.  Féadfairse mé a leogaint síos agus mé a tharrac aníos arís nuair a bheidh an t-ubh fáltha agam amach as an nid.”

Do dhein chomh maith.  Do scaoil sí uaithi síos é agus bhí sí ar a dicheall go maith chun gan leogaint dó titim síos.  Ach nuair a tháinig sé in aon chóngar don nid amach leis an seabhac agus do thosnaigh air, ag faire ar na súile a phiocadh as.  Thairrig sé chuige a chlaíomh, agus scathamh éigint den chlaíomh dár thug sé ar an seabhac cad a bhuailfeadh sé ach an téad, agus do gheárr! Le fánaidh a ghaibh sé ansan, más ea, agus do thit ina chnaip isteach sa bhfarraige.

Do léim an seabhac thar n-ais isteach sa nid agus d’árdaigh leis ina bhéal an t-ubh, ach má dhein ba mhaith an mhaise sin ag an mnaoi a bhí i mbarra na faille: do dhein sí seabhac draíochta, i bhfad ní ba mhire ná an seabhac a imigh leis an ubh; do scaoil ina dhiaidh é, agus nuair a bhí an scéal ag dul dian ar an seabhac do leog sé don ubh titim uaidh síos insa bhfarraige.

Anois, ba dhó leat go raibh an scéal chomh holc le riamh, ach féach ná raibh, mar do bhí an fear ag snámh thíos sa bhfarraige agus ní raibh moill neomait ar an mnaoi bradán a dhéanamh de.  D’imigh sé ar lorg an uibh, agus níorbh fhada in aon chor chun gur tháinig sé thar n-ais agus an t-ubh aige.  Do dhein sí fear arís de agus an t-ubh ina láimh aige.

Nuair a tháinig sé go barra na Faille b’é an chéad rud a dheineadar ná an t-ubh a bhriseadh.  Do bhí an gruagach marbh ansan arís acu, agus do bhaineadar an ceann go glan de leis an gclaíomh.  Chuir san deireadh leis.  Níorbh fhéidir don anam teacht arís ann thar n-ais.

D’fhilleadar abhaile, agus bhí gach aon ní go breá agus go maith ar a suaimhneas acu as san amach.  Bhí saibhreas don dúthaigh acu, agus iad ana-mhór, ana-thábhachtmhar.  Do bhíodh seó des na comharsain ag gabháil dó: “Mhuise, is iontach ná díolann tú an tseana-láirín mhuirceach san!”  Ach níorbh aon chabhair é.  Do dhéanfadh sé rud orthu agus do scarfadh sé léi, ach i gcónaí do chomhairlíodh an bhean é gan í a dhíol.  I ndeireadh báire do bhídís ag magadh fé mar gheall uirthi, agus an dial blúire dhe ná gur árdaigh leis í go dtí aonach éigint agus do dhíol.  Do bhí sí ag féachaint go holc.  Ní gá dhom a insint gurb iad na tincéirí a cheannaigh í, mar b’iad.  Cheannaíodar ar shuarachas í.  D’árdaíodar leo í, agus nuair a fhill so thar n-ais abhaile ní raibh aon tuairisc in aon char ar an gcúirt bhreá a bhí aige.  Ní raibh pioc roimis ach an seana-bhotháinín mar a raibh sé féin agus a mháthair, agus fiú amháin ní raibh an bhean fanta roimis sa tseana-bhotháinín.

“Sea,” a dúirt sé; “tá an scéal chomh holc le riamh anois, agus ba dhiail an díchéille dhomhsa an láirín a dhíol.  Ní raibh aon cheart agam scarúint léi.  Is dócha go bhfuil sé chomh maith agam dul agus í a cheannach thar n-ais uathu arís, má thugaid siad dhom í, agus ní thabharfadh dá mbeadh a fhios acu na dea-thréithe atá ag baint léi.”

D’imigh sé air agus do lean sé riamh is choíche iad ó áit go háit, chun gur shroich sé áit éigint go raibh aonach, agus do fuair sé an mheitheal thincéirí ann agus an tseana-láirín acu: iad a’ d’iarraig í a dhíol agus gan aon cheannaíocht mhór uirthi.  Thosnaigh sé féin uirthi, agus pé airgead iarradar de thug sé dhóibh é.  Thug leis abhaile an láirín arís, agus chomh luath is a tháinig sé agus an láirín aige do bhí an chúirt álainn go léir roimis: a mháthair istigh roimis sa chúirt seo agus a bhean arís, chomh maith is a bhíodar riamh!

Gheallfainn dhuit nár chuimhnigh sé as san amach ar scarúint leis an láirín, pé faid a mhair sé.  Agus do mhair sé go fada – saol ana-fhada. Agus is dóigh liom – d’airínn gur mhair an bhean ní ba shia ná é, agus is dócha gur dhein, mar d’fhéadfadh sí sin í féin a choinneáilt ina beathaigh le draíocht pé faid ba mhaith léi.

Agus b’shin é an chuma gur chríochnaíodar, an triúr acu: é féin, an bhean agus an mháthair.  Agus ní ceart an Láirín Mhuirceach Dhubh a dhearmad, mar is í a dhein an chuid ab fhearr den scéal.

 

Aa-Th. 329
A widow’s son on three separate occasions wins a game of cards played with a gruagach (wizard) and obtains (a) a castle in place of his miserable dwelling; (b) furniture to equip his new home and the wealth to support him, and (c) a wife whom he chooses with care, preferring a maid in the wizard’s house despite the latter’s unwillingness to part with her.

In spite of her warning, the widow’s son plays another game with the wizard, and as forfeit must fetch a sword of light from another gruagach in the Eastern World, and also the owner’s head. He obtains a horse from his opponent at cards, and, aided by the wise counsel of his wife and the helpful horse, he arrives in safety at the gruagach’s castle. There he and the gruagach hide on three successive days from each other. The lad, on the advice of the helpful horse, hides (a) in the place of a tooth pulled from the horse’s mouth; (b) in a hair plucked from the horse’s tail, and (c) in the place of one of the horse’s shoes. His opponent fails to find him.

The gruagach hides (a) in a ring on a girl’s finger; (b) in an apple on a tree; and (c) in an egg; on each occasion the helpful horse enables the lad to discover the hiding-place. Finally, the lad compels the gruagach to show him the sword of light, with which he kills and beheads him, returning with these trophies to the gruagach who sent him on his quest. By a trick, he cuts off his head; but the gruagach’s life-essence is in an egg guarded in a nest by the Hawk of the Cold Cliff. The lad descends the cliff on a rope; by mischance, he cuts the rope, the egg falls into the sea; his wife, however, pursues the egg’s guardian, turning herself into (a) a hawk; (b) a salmon; on breaking the egg the gruagach dies.

Yielding to the stupid chatter of his neighbours, the lad sells the horse, but, on finding that the castle and its contents have been lost to him in consequence of his ingratitude, he recovers the horse, and with its return all is restored to him.
Add to versions already listed FFC 188, Béaloideas, Vol. 30, pp. 16, 21.

 

Eachtra ar Chníopaire

Do bhí cníopaire ann. D’fhan sé gan pósadh chun go raibh sé druidithe amach go maith ins na blianta. B’é an chúis fé ndeara dhó gan a thuilleadh cúnaimh a tharrac air: níor mhaith leis a bheith ag cothú mná. Dá bhféadfadh sé bean a fháil ná híosfadh pioc bhí sé ullamh ar a leithéid seo a phósadh.

Bhí bean éigint, nó cailín, agus chuir sí aithne air seo. Nuair a bhí aithne acu ar a chéile: ‘D’iarrfainn ort,’ ar sise, ‘mé a phósadh, ach cad é an chabhair dom é, mar tá locht mór ag baint liom.’
‘Cad é sin?’ arsa an cníopaire.
‘Ó mhuise, rud ná bíonn ar a lán ban,’ ar sise – ‘ní ithim pioc!’
‘Ní haon locht é sin ar mhnaoi,’ ar seisean, ‘agus mura bhfuil aon locht eile ort ach an méid sin, pósfad tú go tugtha.’

Do deineadh an pósadh, agus lá éigint i gcionn seachtaine nó mar sin tháinig sé isteach, agus bhí an bhean ag an mbórd roimis: gach saghas bídh os a comhair, agus í ag ithe léi go hampalach. Do leath a radharc air agus d’fhiafraigh: ‘An bhfuileann tú chun an méid sin go léir a dh’ithe?’
‘Táim,’ ar sise, ‘agus tuilleadh dá mbeadh sé agam!’

Thit an lug ar an lag aige. D’éirigh a chroí air agus do buaileadh breoite é. Cuireadh fios ar fhear dlí chun go ndeineadh sé uacht. Do thosnaigh an t-uacht, agus bhí caint na mná éirithe chomh mór san ina cheann ná féadfadh sé aon ní a rá ach: ‘Táim – agus tuilleadh dá mbeadh sé agam!’
‘Fiafraigh de,’ arsa an bhean leis an bhfear dlí, ‘an bhfuil a chuid go léir aige le fágaint agamsa.’
Chuir sé an cheist, agus b’é freagra a fuair sé: ‘Táim – agus tuilleadh dá mbeadh sé agam!’

Ba ghairid in aon chor a mhair sé, agus bhí an ball go léir uachtaithe don mhnaoi. Níorbh fhada tar éis bháis gur phós sí fear eile, agus gheallfainn dhuit nárbh aon chníopaire é ach a mhalairt!

Aa-Th. I458
An aged and miserly bachelor marries a girl who assures him that she has never eaten anything. He is quickly disillusioned when he finds his wife enjoying a meal. ‘Are you going to eat all that ? ‘ says he. ‘Yes,’ says she, and more if I had it! ‘ The miser, stricken to death by his wife’s deception keeps muttering over and over again: ‘ And more if I had it! ‘ sends for a lawyer to make his will. ‘ Ask him,’ says the wife to the lawyer, ‘if he intends to leave all to me.’ The husband replies: ‘And more if I had it! ‘ Soon after he dies, leaving his wife to choose a more understanding partner.

Scéal ar Lochlannach

Do chónaigh fear in áit éigint i gCiarraí: ball arna dtugaidís Clais na gCuach. Bhíodh sé ag obair, agus uaireanta ní fhaigheadh sé aon obair. D’imigh sé air ag lorg oibre. Níor stad cos de bhun gur chuaigh sé go Corcaigh. Theip an obair ansan air. As san go Sasana, agus do bhísé ag cur de riamh is choíche: d’fhaigheadh sé b’fhéidir seachtain anois is arís, ach bhí sé teipithe air aon obair shíoraí a fháil, agus bhí sé ag cuardach ins gach aon áit riamh is choíche chun gur shroich sé Tír na Lochlannach. Do casadh air seanduine ansan, agus dúirt an seanduine leis nuair inis sé gur ag lorg oibre a bhí sé:
‘Do thabharfainnse obair duint,’ a dúirt sé, ‘nó cad as duit?’
‘Thánag ó Éirinn,’ a dúirt an fear leis.
‘Airiú ‘se,’ a dúirt sé, ‘canad in Éirinn go rabhais?’
‘I gCiarraí,’ a dúirt an fear.
‘Na neósfá dhom canad ansan go rabhais?’
‘Áit arna dtugathar Clais na gCuach,’ a dúirt sé.
‘Sea go díreach,’ arsa an seanduine. ‘An bhfuil aithne agat an lios atá ann?’
‘Ó, tá go maith,’ a dúirt an fea, ‘mar níl sé i bhfad in aon chor ón áit inar chónaíos.’
‘Fan agamsa anois tamall,’ a dúirt sé, ‘agus tabharfadsa obair duit.’

D’fhan sé aige, agus níró-fhada a bhí sé fanta nuair a fhiafraigh an seanduine dhe: ‘An raghfá thar n-ais arís go hÉirinn,’ a dúirt sé, ‘agus teachtaireacht a dhéanamh domhsa?’
‘Ní raghainn.’ a dúirt an fear, ‘mar ná fuil aon ní agam a bhéarfadh ann mé. Níl feoirling airgid agamsa anois.’
‘Tabharfadsa do dhóthain airgid duit,’ a dúirt an seanduine. ‘Faigh ullamh tú féin ar maidin amárach. Ná bíodh aon eagla ort ná go bhfaighir fuíollach airgid uaimse. Imigh ort, agus nuair a ragha tú abhaile caithfir dul isteach sa lios. Seo dhuit saghas inneal bheag a bhéarfaidh ar aon rud a raghaidh in achrann ann. Beir leat é seo, agus cuir ar tinneal é ina leithéid seo d’áit nuair a raghair isteach ann, tá bord i leith do láimh clé nuair a raghair isteach. Tabhair leat pé rud a chífir ar an mbord san.’

Do fuair sé a dhóthain airgid uaidh, agus ar maidin lá arna mháireach thug sé aghaidh ar an mbaile arís.

Nuair a tháinig sé abhaile, i gcionn tamaill chuaigh sé fé dhéin an leasa. Bhí aithne mhaith ar an lios aige. Isteach leis, agus do chuir sé an ruidín seo a bhí tabhartha dhó ag an seanduine ar tinneal istigh san áit a dúradh leis. D’imigh sé isteach san tseomra eile agus do fuair sé istigh ar bhord a bhí ann rásúr. Chuir sé chuige é, agus d’fhan sé go dtí maidean lá arna mháireach féachaint cad air go mbeadh beirthe aige. Nuair a chuaigh sé ag triall ar an inneal bheag ar maidean lá arna mháireach cad abheadh roimis ná luch – beirthe ar shoc is ar shúilibh uirthi. Do chuir sé chuige go deas isteach i mboiscín í, agus as go brách leis arís fé dhéin an tseanduine: an luch agus an rásúr aige. Nuair a chuaigh sé ag triall air:
‘Ní rabhais i bhfad,’ a dúirt sé leis.
‘Ní rabhas,’ a dúirt sé; ‘níor dheineas aon mhoill.’
‘Ar thugais chugam na rudaí a dúirt leat?’
‘Airiú, an deamhan uathu!’ ar seisean, ‘do thugas, agus bhí cathú orm. Thugas liom an rásúr,’ a dúirt sé, ‘pé saghas í; agus do bhí cathú orm i dtaobh na luiche a bhí romham san inneal bheag a thabhairt chugat, mar níl aon ghnó agat di!’
‘Is cuma dhuit,’ a dúirt sé; ‘buinfeam tarrac éigint aisti.’
Do chuir sé tadhscán uisce ar an dtine, agus nuair a bhían t-uisce te shocraigh sé é féin ar chathaoir.
‘Faigh an rásúr anois,’ a dúirt sé leis an bhfear so, ‘agus dein mé a bhearradh.’
‘Níor bhearras éinne riamh,’ ar seisean, ‘agus ní hiontaoibh liom tosnú ort.’
‘Ó, níl baol ort,’ a dúirt an seanduine.

B’éigint dó tosnú agus é a bhearradh, agus chomh luath is a bhí sé bearrtha aige do dhein an fear breá óg de arís!

Do bhí seanabhean ina suí sa chúinne, agus íchomh críonna leis an seanduine, nó níba shine. ‘Bearr mise anois!’ a dúirt sí.
”Dhia, an dial ort!’ ar seisean. ‘Conas a bhearrfainn tusa? Riamh ó rugamh mé níor bhearras aon bhean, a rá go dtosnóinn ortsa!’
‘Ná bíodh aon siar ná aniar agat,’ a dúirt sí, ‘ach tosnaigh agus bearr mé láithreach baill!’

B’éigint dó, agus nuair a bhí sí bearrtha aige – an bhean bhreá óg a dhein di arís! Do bhí an bheirt ansan aige, chomh breá, chomh hóg de bheirt is d’fhéadfá féachaint orthu.
‘Nuair atá an óige againn arís,’ a dúirt an fear, ‘tá sé chomh maith againn féasta a bheith againn.’

Fuair sé an luch agus do chuir ag beiriú í. Nuair a bhí an luch beirithe tógamh amach ar phláta í – is dócha ná raibh an pláta ró-mhór! An t-anairthe óladar ar dtúis, agus nuair a bhí an t-anairthe ólta acu do chonaic sé an lios a bhí i gClais na gCuach, agus bhí ór ins gach aon chúinne den lios!

‘A Dhia Mhuair!’ ar seisean. ‘Dá mbeinn sa bhaile – agus bead, láithreach!’
‘Ó, ní leóthair imeacht,’ arsa an seanduine, ‘chun go n-íosfair blúirín den fheoil.’ B’shin é uair a cuireadh chúcu an luch ar an bpláta, agus do roinneadh idir an dtriúr í. Chomh luath is a bhlais sé an fheoil theip air a thuilleadh den ór a fheiscint: ní bhfuair sé aon radharc eile air.
‘Aililiú!’ ar seisean. ‘An té ná híosfaidh an fheoil – nó ná faigheadh an fheoil – ba mhór an seó an t-anairthe!’

Agus tá an seana-rud so fanta ó shin in ár measc; ach tá athrú acu á dhéanamh air anois: ‘An té ná faigheadh an fheoil,’ a deir siad, ‘is mór an nócht an t-anairthe.’ Ach ar an slí eile airínnse an rud so ráite ar dtúis.

Aa-Th. 726* (FFC 188)
A Kerryman in search of work finds himself in Lochlann (Norway ?)*. He meets an old man who asks him what part of Ireland he comes from and, further, from what part of Kerry. When the old man hears that his native place is Clais na gCuach (The Hollow of the Cuckoos-a fictitious name) he asks the man if he knows a lios (a ‘fairy fort’) there, and the man tells him that it is close to his home. The old man sends him to Ireland to fetch certain things-unspecified-which he will find in the fairy fort. The messenger returns with a razor and a mouse. With the razor he shaves the old man and his wife, whereupon they regain their youth. The mouse is boiled, and when the Kerryman drinks the soup, he sees every corner of the fairy fort full of gold, but he is coaxed by his host to taste some of the mouse-meat, and this golden vision vanishes. The tricked Kerryman exclaims: ‘ For the person who has not eaten the meat great is the import of the broth! ‘

See Christiansen: Legends, 5010. O’Sullivan: Folktales 192 (276); Béaloideas, Vol. 29, p. 13 (137).

*Scandinavia is dóichí atá i gceist le Tír na Lochlannach

An Fhaidhleann Mhór trí Thine!

Tráth éigint do bhí bean bhocht ann. Ní raibh puinn slí mhartha aici, agus mar sin féin bhí sé ag maireachtaint léi go deas seascair. Ní raibh éinne sa tigh in éineacht léi. Do thugadh sí tamall ag obair dos na comharsain agus tamall eile do bhailíodh sí iarrachtaí, idir a bheith ina bhacachas agus nífheadar cad a thabharfainn air. Agus do bhíodh ana-dhúil aici a bheith ag sníomh agus ag cniotáil agus ag gabháil don olainn ar gach aon saghas slí. Do thuilleadh sí pinginí airgid ar an rud so. D’oibríodh sí moch déanach, agus oíche éigint bhí sí fanta ana-dhéanach ag obair, ag gabháil don olainn, nuair a bhuail chúici isteach beirt seanabhan. Ní rabhadar ró-chríonna, ach mar sin féin níor mhná óga iad, agus bean óg acu á thabhairt leo ag triall ar an seanamhnaoi. Chuadar chun cainte leis an seana-mhnaoi agus dúradar léi gurb shin bean óg a fuaradar amuigh ansan, ‘go bhfuil taom éigint fáltha aici, is dócha, agus fágfam anso í anois ar feadh tamaill, féachaint an dtiocfadh aon fheabhas uirthi.’

Níor aithin an tseanabhean so an bheirt, ná an bhean óg, agus mar sin féin do dhein sí aon rud a fhéadfadh sí don mhnaoi óig, agus ní raibh puinn mothú inti. Do thosnaigh an bheirt sheanabhan in éineacht leis an mnaoi na holla ar bheith ag obair – duine acu ag cárdáil agus duine acu ag slámáil, agus le teacht an lae d’imíodar uaithi agus ní bhfuair sí a thuilleadh dá dtuairisc an oíche sin.

D’fhan an scéal mar sin ar feadh seachtaine. Do bhí an bhean óg aici. Ní raibh húm ná hám inti, ná aon mhothú in aon chor. Bhí gach aon aireachas ag an seana-mhnaoi á thabhairt di. Do bhuail chuici arís, oíche acu, an bheirt sheanabhan chéanna, agus é go maith déanach san oíche. Thosnaíodar arís ar bheith ag cárdáil agus ag slámáil di. Bhíodar ag obair leo, agus dúradar leis an seana-mhnaoi dul amach agus go gcaithfeadh sí scruid éigint a sholáthar dóibh i gcómhair na hoíche.
‘Ní fheadar,’ a dúirt sí, ‘cad é an scruid a bheadh agam?’
‘Cuir síos corcán uisce, ar aon tslí,’ a dúradar.
‘Níl an t-uisce istigh agam,’ a dúirt sí.
‘Ó, tabhair leat é,’ a dúradar.

Amach léi, agus bhí sí dultha chun droch-hamhrais ar an mbeirt sheanabhan. Do thug sí léi tadhascán uisce agus do chuir i gcorcán ar an dtine é. Do bhí an bheirt ag obair leo ar an olainn. Amach léi a’ d’iarraidh tadhascáin eile dhe, agus d’fhan sí amuigh ag éisteacht féachaint cad a bheadh ar siúl acu an fhaid a bheadh sí uathu. Do thosnaigh duine acu crónán amhráin:

‘Cailleach ag cárdáil is cailleach ag slámáil,
Is is maith an scruid áirneáin bean an tí ar ball againn.’

Is amhlaidh a bhíodar ag faire ar í a mharú agus í dh’ithe. D’airigh sí uathu go breá cad a bhí le déanamh – ‘Agus is dócha,’ a dúradar, ‘dá mbeadh aon mhothú sa mhnaoi óig seo go dtabharfadh sí cúnamh son tseana-mhnaoi – go dteipfeadh orainn í a mharú. Ach níl, ná ní bheidh, mar tá biorán suain ina cluais, agus chun go dtógfar é sin as an gcluais fanfaidh sí sin mar atá sí.’

Do tháinig an tseanabhean isteach arís le tadhscán den uisce, agus an rud go léir airithe aici. Chuir sí sa chorcán é, agus do bhí crích aici á dhéanamh ar fud an tí ar feadh tamaillín. Rug sí ar sheana-thuaigh a bhí ann is bhuail sí buille dhe sa bhloc a bhí ann is chuir ina seasamh ann í, agus do chaith sí amach tadhscán uisce. Thóg sí crann aráin a bhí ann is chuir sí i gcoimeád é. Do chuir sí liú aisti:
‘Olagón!’ ar sise. ‘Nách mór an scrios é! Tá an Fhaidhleann Mhór trí thine!’

Do léim an bheirt seanabhan a bhí istigh. Bhuaileadar a mbasa.
‘Ó, a thiarcais!’ arsa duine acu; ‘mo mhac! Tá sé imithe.’
‘Ó, éist!’ arsa an bhean eile/ ‘Nách measa dhomhsa mo shean-duine féin!’

Amach leo, agus nuair a chuadar amach ní raibh aon ionadh le feiscint. Ba mhaith an mhaise sin ag an seana-mhnaoi istigh, do chuir sí glas ar an ndoras agus do choigil an tine. Níorbh fhada in aon chor chun gur tháinig an bheirt amuigh ag glaoch iad a ligint isteach.
‘Ní leogfad,’ a dúirt an bhean istigh; ‘ní haon iontaoibh liom sibh.’ Bhíodar ag múirínteacht uirthi ach níorbh aon chabhair é. Do ghlaodar ar uisce na gcos chun an dorais a oscailt dóibh.
‘Ní fhéadfainn é,’ arsa uisce na gcos, ‘mar táim caite amach anso fé n-úr gcosa san aoileach.’
‘Is olc é,’ a dúradar. ‘Cá bhfuileann tú, a thuaigh,’ a dúradar, ‘nó an n-osclófá an doras dúinn?’
‘Ní féidir é,’ a dúirt an tua, ‘mar táim curtha anso – mo bhéal go daingean sa bhloc.’
‘An bhfuil aon sméaróid tine ansan osclódh an doras dúinn?’ a dúradar.
‘Ní fhéadfainn corraí,’ a dúirt an sméaróid, ‘mar tá mo chaipín oíche curtha orm!’ – Do bhí an luaith curtha os cionn na tine.
‘Cá bhfuil an crann aráin,’ a dúadar, ‘nó an n-osclódh sé dhúinn?’
‘Féach ná féadfainn, is dóin,’ a dúirt an crann aráin, ‘mar tá mo chos rachta.’

B’shin mar a bhí. Níorbh aon chabhair dóibh a bheith ag tathaint ar an seana-mhnaoi – ní osclódh sí dhóibh, agus b’éigint dóibh imeacht.

Lá arna mháireach do chuimhnigh an tseanabhean ar cad a bhí ráite mar gheall ar an mnaoi óig a bhí fágtha aici. Do chuardaigh sí an biorán ina cluais agus do fuair sí sáite ann é. Do thóg an biorán suain as an gcluais, agus do thosnaigh an bhean óg ar chaint léi agus ar insint di cérbh í agus conas mar a fuadaíodh nó a sciobadh í ag na seana-mhná so, agus gur dócha go raibh rud éigint fágtha ina hinead, ach ná raibh a fhios ag a muintir cá raibh sí féin gofa. Airiú, ní raibh sí ró-fhada ó bhaile in aon chor. Do bhí aithne mhaith ag an seana-mhnaoi ar a hathair: fear breá go léir – duine uasal ab ea é – a dúirt an tseanabhean.

I gceann lae nó dhó do cheartaíodar iad féin chun dul fé dhéin muintir na mná óige. D’imigh an bhean óg agus an tseanabhean, agus ar ndóin, is orthu a bhí an ionadh nuair a bhuaileadar chucu mar do bhí sí curtha acu le seachtain roimis sin nó níos a mhó – mar a shíleadar. Is dócha gur sciobtha a bhí sí; agus do shamhlaíodh daoine uim an am san go sciobaithí mórán daoine, go mór mór éinne go mbeadh aon bhreáthacht ag baint leo: b’iad ba mhó a sciobaithí; agus ní chreididís gur bás nádúrtha a fhaigheadh éinne óg: ‘sciobadh a thugaidís air i gcónaí. Ach do bhí sí seo sciobaithe ar aon tslí, ach do bhí sí beirthe thar n-ais anois ag an seana-mhnaoi. B’éigint dóibh géilleadh agus creidiúint a thabhairt don tseana-mhnaoi ná raibh sí curtha acu nuair inis sí an scéal go léir agus conas a thug an bheirt sheana-bhan chuici. Ní fheadar éinne cérbh iad na seana-mhná so, ach is dócha go raibh daoine éigint ag baint leo sa bhFaidhleann Mhóir, a rá go rabhadar chomh cráite nuair a airíodar trí thine í.

Do tháinig an tseanabhean thar n-ais, agus má tháinig ní leogfadh eagla dhi fanúint sa tigh níos mó. Do chuaigh sí ag triall ar an nduine uasal so go raibh an iníon beirthe uaidh, agus do choinnibh an duine uasal an tseanabhean go ceannasach, agus is é a thug gach ceart di pé faid a mhair sí ina theannta.

Aa-Th. 5oI* (FFC 188)
Two old women from a fairy ‘fort,’ carrying a young girl into whose ear they had put a slumber-pin (biorán suain), thus rendering her unconscious, enter a house whose occupant is busily engaged spinning wool. The mysterious visitors put the helpless girl in charge of the woman of the house, and, before departing at dawn, assist her in her work. A week later, the fairy women return and ask the housewife to fetch them some water. She does so but, suspicious of their attitude, on returning from a second visit to the well, she listens to their talk and overhears them chanting a refrain:
‘A hag carding, and another hag teasing [the wool],
And the housewife will serve later as a tasty morsel ! ‘
The housewife fills the cauldron with water, drives an axe firmly into a block of wood, throws some of the water outside the house, hides the bread-stick (crann aráin) and then rushes into the house shouting: ‘Alas, alas I The Faidhleann Mhór is ablaze! ‘

The two old women leave the house in dismay, one crying out that she has lost her son, the other her husband. But, when they find that they have been tricked, they return, only to find the house bolted against them. They call in turn for help from the feet-water, but the water replies that it cannot help as it has been thrown out. Neither can the axe nor an ember from the fire come to their aid, as the axe is fastened in a block of wood, and the ashes have been spread over the embers. The fairy-women are baffled and depart. Having learned from their chatter how the girl whom they had left in her care can recover her speech, the housewife removes the slumber-pin, the girl tells that she had been carried off and a changeling substituted for her. The woman restores the girl to her sorrowing parents who reward her by bringing her to their home as she fears another visit from her vengeful visitors.
To the versions listed FFC 188 add Béaloideas, Vol. 18, p. 115 and Vol. 24, p. 65.

‘Dé Luain is Dé Máirt’

Tráth éigint do bhí duine beag ann go raibh drún air. Ní dheineadh sé puinn oibre. ‘Sé an rud is mó ar go n-oibríodh sé, ag bailiú shlat agus ag déanamh ciseán agus á ndíol. Lá éigint dá raibh sé ag bailiú na slat do ráinigh dó a bheith á ngearradh in aice leasa a bhí ann, agus d’airigh sé istigh sa lios an rócháinín amhráin, go deas binn, ach b’é a raibh san amhrán:

‘Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt…’

Do lean an rud mar seo, agus ní thaitin leis an chuma go raibh an t-amhrán. Do chuir sé féin tuilleadh as an Luan agus an Mháirt – ‘Is Dé Céadaoin!’ a dúirt sé.

‘Airiú, rith amach,’ a dúradh, ‘agus féach cé a shocraigh an t-amhráinín dúinn. Tá sé ana-dheas anois:

“Dé Luain is Dé Máirt is Dé Céadaoin.”‘

Do tháinig duine amach agus chonaic sé an duine beag so amuigh agus an drún air. Isteach leis. D’inis sé cad é an saghas duine a bhí amuigh: ‘Airiú, firín beag,’ a dúirt sé, ‘agus drún air.’

‘Téir amach,’ a dúirt sé, ‘agus bain de an drún.’ Amach leis agus do bhain de an drún. D’imigh dé abhaile go meidhreach díreach fonnmhar, agus gan aon tuairisc ar a dhrún aige.

Do bhí fear eile ar an mbaile go raibh drún air, agus nuair a airigh sé é seo tháinig sé ag triall air féachaint arbh fhíor é. ‘Is fíor go maith,’ ar seisean, ‘agus b’sheo a raibh déanta agam-sa nuair a bhaineadar díom é.’

‘Ó, an dial blúire dhíom ná go raghaidh ann,’ a dúirt sé, ‘agus bainfid siad dhíom é.

D’árdaigh sé leis scian agus do lig air dul ag gearreadh slat timpeall an leasa. Níorbh fhada dhó ann in aon chor nuair a airigh sé an t-amhrán istigh:

‘Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt is Dé Céadaoin.’

‘Is Déardaoin, leis!’ ar seisean.

Do hairíodh istigh é. ‘Rith amach,’ a dúirt an seana-bhuachaill istigh, ‘agus féach cé a loit ár n-amhrán.’

Amach le duine agus d’fhéach sé air. Chuaigh isteach arís agus d’inis: ‘Fear eile,’ a dúirt sé, ‘go bhfuil drún air.’

”Dhia an dial uaidh!’ ar seisean. ‘Do loit sé ár n-amhrán. Tóg leat amach an drún úd a bhainis don fhear eile agus cuir air é!’

Thóg sé leis amach é agus do chuir sé in áirde ar an ndrún a bhí air é!

D’fhill sé abhaile agus a dhá cheann i dtalamh ar fad leis an ndrún a bhí air; agus do gheallfainn dhuit, pé rud a dhein an lios, ná slata, gurbh fhearr leis go mbeadh fanta sa bhaile aige leis an t-aon drún amháin ná drún an fhir eile a bheith tabhartha aige leis as an lios!

Agus is minic a bhítí ag magadh fé mar gheall ar an drún na beirte a bheith air in inead déanamh lena dhrún féin!

14. Aa-Th. 503
The dwellers of a fairy ‘fort’ (lios) remove a hunchback’s hump as a reward for adding ‘Wednesday’ to their rhyme: ‘Monday, Tuesday. Monday, Tuesday,’ but punish another hunchback, who had spoiled their chant through adding the word ‘Thursday,’ by placing the discarded hump on top of his own.

Fionn agus Seachrán Sálfhada

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh

Fear ab ea Fionn ná milleadh sioc ná sneachta air, agus mar a dúirt cheanna, mochóidí maith ab ea é. Ar aon tslí, do ráinig dó bualadh amach maidean shneachtaigh, agus sa tsiúl dó, chonaic sé rian sa tsneachta – cos duine. B’shin é an rian coise ba shia a chonaic sé riamh. Do shín sé é féin istigh i rian na coise, ach má dhein, ba shia an rian do chúpla troigh ná Fionn. ‘An dial,’ ar seisean, ‘ ní stadfad choíche chun go bhficfidh mé cad é an saghas duine go bhfuil an chos san air!’ Do lean sé leis tríd an sneachta, agus rian na coise roimis i gconaí, chun gur casadh isteach i gcoill é. Bhí sé ag siúl ar fud na coille, agus an rian aige á leanúint nuair a chonaic sé uaigh an bhéiltheach mhór thine. Do dhruid sé fé dhéin na tine. Is amhlaidh a bhí fear ansan roimis-an tine mhór déanta aige, agus boidhléir nó coire mór ar an dtine aige – feoil beirithe sa bhoidhléir aige, agus nuair a chonaic sé Fionn:
‘Airiú,’ ar seisean, ‘a fhir bhig, druid liom – tánn tú leata!’ Do dhein san dánaíocht ar Fhionn chun dul féna dhéin. Do dhein sé air, agus nuair a tháinig sé ina aice, d’fhéach air go maith. Fear mí-chuíosach dob ea é.
‘Tar in aice na tine,’ a dúirt sé le Fionn. Do tháinig, agus ní fhéadfadh sé pioc a dhéanamh ach féachaint ar an bhfear uathásach mór agus an chos fhada go léir air.
‘Tánn tú ag féachaint orm,’ a dúirt an fear leis – thug sé fé ndeara go raibh – ‘agus ní hionadh é. Tá an chos tagaithe orm,’ a dúirt sé, ‘agus de dheascaibh na coise sin ‘sé ainm a tugathar orm: Seachrán Sálfhada. Táim anso anois, agus do bhí damh mór againn sa bhaile. Bhí sé i bplé idir mé féin agus deartháir a bhí agam arna dtugathar GIúin Ramhar. Do bhí mo mháthair agus bean mo dheartháir agus mo dheartháir – cheapadar an damh so a choinneáilt acu féin. Do ghoideas an damh uathu agus bhíos ag cur díom riamh is choíche chun gur thánag anso leis. Tá sé marbh anois agam,’ a dúirt sé, ‘beirithe, agus mórán feola air, agus níl aon bhaol ná go bhfuil mór-chuid anairthe air.’

B’fhíor dó, agus ní raibh na hárthaí, is dócha, raidhsiúil aige. ‘Sé an áit go raibh an t-anairthe in adhairc an bhulláin. Bhí sí curtha ina seasamh agus a ceann síos sa talamh, agus an t-anairthe líonta isteach inti.
‘Ith leat anois,’ a dúirt sé le Fionn, ‘agus ná fág aon ocras ort féin!’
Do thosnaigh Fionn agus Seachrán ar bheith ag ithe an bhulláin, agus uim an am go raibh deallramh nó a ndóthain ite acu d’airíodar an fothram ag teacht féna ndéin tríd an gcoill. Cad a bheadh ag teacht ná Glúin Ramhar – nuair a thug sé fé ndeara go raibh an bullán, nú an damh, goidithe uaidh féin agus ón gcuid eile dá mhuintir.
‘Airiú, a Sheachráin,’ ar seisean, ‘do dheinis mar sin é, ach má dheinis, díolfair as!

Do thosnaigh an bheirt ar a chéile, agus an té a thiocfadh ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachaint ar chath nó ar chrua-chomhrac, ag feachaint ar an ndís seo ba chóir dó teacht. Do bhíodar sa mhig le chéile – níorbh fhios ceocu gheodh an ceann smách, agus ba mhaith le Fionn páirt a thógaint le Seachrán, toisc go raibh an bullán, nó smut de, ite aige. Do rug sé ar an dtuaigh a bhí ann lenar buaileadh an bullán, agus do thug iarracht ar Ghlúin Ramhar a bhualadh leis an dtuaigh, ach níor fhéad sé é bhualadh níos aoirde ná an colpa. Do bhain Glúin Ramhar crothadh as a chois, i bhfoirm mar a phriocfadh creabhar caoch é – agus is dócha, go deimhin, ná rabhadar ion an mhaidean shneachtaigh sin – agus leis an gcrothadh a bhain sé as an gcois do chuir sé Fionn níos aoirde ná an crann dob aoirde sa choill. Cá dtitfeadh sé ná anuas isteach san adhairc mar a raibh an t-anairthe. Bheadh sé loiscithe, ach le fuacht an tsneachtaigh do bhí an t-anairthe tar éis fuaradh, agus b’éigint dó naoi mbuile snáimh a thabhairt chun teacht amach as an adhairc! B’é an deireadh a tháinig air gur chaith an bheirt stad don chomhrac, agus do rug Glúin Ramhar ar cheathrúin don bhullán agus d’ith.Nuair a bhí san déanta aige, d’imigh sé agus dúirt le Seachrán:
‘Bainfeadsa cúiteamh amach fós,’ ar seisean, ‘má mhairim leis!’
Sea; do bhí Seachrán agus Fionn ar a suaimhneas. D’itheadar tuilleadh don damh, agus d’óladh cuid don anairthe tar éis Fhinn a thitim ion, afaigh.
‘Cá bhfuil do bhaile?’ a dúirt Seachrán le Fionn.
‘Nílim i bhfad ón áit seo,’ a dúirt sé.
‘Raghaidh mé leat,’ ar seisean; ‘níl aon chabhair dom aghaidh a thabhairt orthu súid anois – mharófaí mé.’

Tháinig sé abhaile in éineacht le Fionn, agus d’fhan sé ansan in éineacht leo ar feadh gach fhaid, agus ní raibh aon tuairisc acu á fháil o Ghlúin Ramhar ná óna máthair ná ó mhnaoi Ghlúin. Tar éis tamaill do tháinig Glúin Ramhar chucu arís.
‘Sea anois,’ a dúirt sé le Seachrán, ‘táimid – nó táimse, ar aon tslí,’ ar seisean, ‘chun maitheamh duitse, agus is dócha nach buan cogadh na gcarad. Níl aon deabhramh air bheith buan eadrainn anois, mar tá cogadh, nó cath, fógartha ormsa,’ a dúirt sé, ‘a tír eile, agus is amhlaidh a thánag fé t’dhéin chun go raghfá féin agus tuilleadh don Fhéinn liom sa chath so.’
‘Ragham agus fáilte,’ a dúirt Fionn – b’é an chéad fhear a labhair é.
‘Ragham,’ a dúirt Seachrán, ‘agus ní haon dóigh in aon chor an dream so fhógair cogadh ort.’

D’imíodar orthu in éineacht le Glúin Ramhar, agus b’é an chéad rud a dheineadar tosnú ar iad féin a ghléasadh i gcóir cogaidh, agus nuair a bhíodar gléasta, as go brách leo. Dúirt bean Ghlúin Ramhar leo nuair a bhíodar ag imeacht:
‘Más bás do Ghlúin Ramhar sa chath,’ a dúirt sí, ‘cuiríg in áirde brat dubh ar bhúr loingeas nuair a bheidh sibh ag teacht thar n-ais.’

Ghealladar di, ach nuair a imíodar uaithi dúirt Glúin Ramhar leo:
‘Má maraítear mise sa chath,’ a dúirt sé, ‘ná cuirig in áirde an brat dubh nuair a bheidh sibh ag filleadh, nó má dheineann sibh, cuirfidh sí an duine déanach agaibh ar thóin na farraige le draíocht!’
B’shin mar a bhí, agus do buaileadh an cath. Do fuair na Fianna agus Seachrán agus Glúin Ramhar an ceann smách orthu, ach cad é an chabhair sin – cé go bhfuaireadar an ceann smách, do maraíodh Glúin Ramhar sa chath. Ar a dteacht abhaile dhóibh níor chuireadar in áirde an brat a bhí ráite aici, agus nuair a thánadar, chonaic sí go raibh sé marbh, agus do bhí ráite aici leo é a thabhairt leo beo nó marbh. Do bhí sé tugaithe acu leo agus é marbh.
‘Ba mhaith an bhail oraibh,’ a dúirt sí; ‘nár chuirúir in áirde an brat a dúirt libh, mar do chuirfinnse an duine déanach agaibh ar thóin na farraige, agus is cuma dhíbh cé acu é,’ a dúirt sí, ‘mar imireod cleas draíochta éigint ortsa agus ar do chuid fear, a Fhinn Mhic Cumhaill!’
‘Ná himir aon chleas ormsa,’ arsa Fionn; ‘ní sinn fé ndear marú t’fhir, ach maran sinn, do dheineamar ár ndícheall; agus anois, ‘a dúirt sé, ‘do maraíodh seó dom chuid fearsa ann, agus le cleas nó draíocht ná díscig mo chuid fear níos mó!’
‘Cá bhfios,’ arsa Conán, ‘ná go mbeadh rud éigint a leighisfeadh é, nó a thabharfadh thar n-ais arís é? A Fhinn,’ a dúirt sé, ‘cogain an ordóg!’

‘Greadadh chugat ‘arsa Fionn, ‘táim cráite riamh agat ó chogaint na hordóige!’ Agus mar sin féin, do chogain: ón gcraiceann go dtí an fhuil, ón bhfuil go dtí an fheoil, ón bhfeoil go dtí an cnámh, ón gcnámh go dtí an smúsach, agus ón smúsach go dtí an smior. ‘Tá leigheas dó,’ ar seisean, ‘ach cad é an chabhair é – leigheas is ea é nach féidir a fháil: dá bhfaigheadh sé trí deocha de dhruim an fháinne atá ar Shliabh na Fiodóige, do leighisfeadh san é – thiocfadh sé thar n-ais arís chomh maith agus a bhí riamh. Ach ní leothaig aon duine dul a d’iarraig an fháinne seo ach aon fhear amháin den Fhéinn, sin é Diarmaid Donn – nó cad a déarfá, a Dhiarmaid?’ arsa Fionn le Diarmaid.

‘Ní fheadar,’ arsa Diarmaid, ‘is dócha go bhfuil sé deacair go maith an fáinne sin d’fháil. Ach mar sin féin, tabharfad fé – ní maith liom an fear so a fheiscint marbh’ – b’shin é Glúin Ramhar.

Tar éis tamaill, do shocraigh Diarmaid é féin chun dul a’ d’iarraidh an fháinne. As go brách leis, agus do bhí sé ag cur de riamh is choíche lena bhád, nó leis an mBreac-Chuaith, gan éinne in éineacht leis ach é féin, chun gur tháinig sé isteach sa tír seo mar a raibh an sliabh agus an fhiodóg. Bhí sé ag siúl ar fuaid na háite, agus ní raibh an sliabh i bhfad in aon chor ón gcuan mar ar tháinig sé isteach. Bhí sé ag cur de suas i gcoinnibh an tsléibhe nuair a casadh air botháinín in imeall an chnoic. Chuaigh sé isteach sa bhotháinín, agus do bhí bean roimis istigh ansan – an bhean bhreá go léir.
‘Airiú, a Dhiarmaid,’ ar sise, ‘cad a thug tú?’
‘Do thug a leithéid seo,’ arsa Diarmaid: ‘an bhfuil aon áit anso go bhfuil fáinne agus fiodóg ag cosaint an fháinne?’
‘Tá an áit ann,’ a dúirt sí, ‘agus is maith atá a fhios agamsa go bhfuil, mar tá m’fhear féin sínte ar an sliabh san. Do bhíos pósta,’ a dúirt sí, ‘le deartháir do Ghlúin Ramhar agus do Sheachrán Sálfhada, agus do cuireadh mar gheasa ar an bhfear a bhí agam an fáinne a bhí ar an sliabh so do bhreith leis ag triall ar ghruagach éigint, agus chuaigh sé fé dhéin an fháinne, agus do thit sé ar an sliabh le neart draíochta, agus níl aon bhaol ná go dtitfirse leis ann. Féach uait amach ar an gcuan,’ a dúirt sí: ‘an bhfeiceann tú na loingeas go léir atá stopaithe ann? Níor fhéadais-se do long a thabhairt isteach i ngear míle don chuan amháin. Do tháinig gaiscíoch nó gaiscíg is gach long acu san a chíonn tú, a’ d’iarraidh an fháinne sin, ach má tháinig, níor fhilleadar riamh ar a gcuid loingeas. Thiteadar le draíocht ar an sliabh, agus níl ionatsa,’ a dúirt sí, ‘ach abhac ar ghualainn na bhfear agus na ngaiscíoch atá titithe ar an sliabh san.’
‘Sea; níl leigheas air anois,’ arsa Diarmaid; ‘déanfadsa mo dhícheall.’ D’fhan sé in éineacht léi an oíche sin, agus ‘sé an áit gur chuir sí chun codlata é ná isteach i mbosca snaoise a bhí aici. Nuair a éirigh sé ar maidin fuair sé bia agus deoch uaithi, agus d’inis sé go cruinn di fáth a thruis, agus cé a bhí marbh, agus nuair inis ba mhó ná san an beann a bhí aici air, agus do thug sí aon eolas do fhéadfadh:
‘Nuair a dhruidfidh tú tamall suas don tsliabh,’ a dúirt sí, ‘ní fhéadfaidh tú dul in aon ghear don áit go bhfuil an fhiodóg gan a bheith ag siúl ar chorpaibh gaiscíoch. Tá an fhiodóg thuas ar an bpointe is aoirde don tsliabh ‘na seasamh ar struicín cloiche. Tá an fáinne fena cois – ceol breá aici á sheinnt, agus leis an gceol so ‘sea thitid siad go léir fén ndraíocht. Ní fheadar cad fhéadfairse a dhéanamh,’ a dúirt sí, ‘chun tú féin a sheachaint ar an ndraíocht so – ná bí ag éisteacht ró-mhór leis an bhfiodóig, má fhéadann tú.’

D’imigh sé air, agus gach aon chomhairle dá fheabhas a fhéadfadh sí a thabhairt dó fáltha aige. Ní raibh sé i bhfad suas don tsliabh nuair a chonaic sí na gaiscíg go léir sínte, na fir mhóra bhreátha, a gcluite caite ina n-aice. D’imigh sé air tríothu, agus ba ghairid gur airigh sé ceol na fiodóige. Má airigh, do bhí sé ag dul in olcas agus in olcas, agus ag faire ar thitim. A d’fhonn coinneáilt ó thitim agus chun a chuid fola a choinneáilt ina rith do thugadh sé prioc don chlaíomh dá cholpa – bhaineadh sé fuil as féin. Do choinnibh so ina bheathaidh ón ndraíocht é, chun gur dhruid sé in aice an struicín mar a raibh an fhiodóg ag seinnt an cheoil. Ar sioc na seac, do chuaigh sé chomh fada leis an struicín, agus do thug fogha dá chlaíomh fén bhfiodóig. Leis sin d’éirigh sí. Do sciob Diarmaid an fáinne agus chuir ina phóca é. D’fhan sé fena cois ar an struicín.

Ní túisce a éirigh an fhiodóg don fháinne ná a éirigh gach aon ghaiscíoch a bhí ar thaobh an tsléibhe fén ndraíocht. Thosnaíodar ar a chéile le cluite, agus “Agatsa atá sé! Agatsa atá sé!” acu le chéile an fáinne. D’fhanadar mar sin ag léasadh a chéile le cluite, agus Diarmaid ag gabháil tríothu ag dul fé dhéin an chuain chomh maith is a d’fhéad sé, agus an fáinne aige, agus deireadh sé anois is arís thugadh sé fogha do chlaíomh fé ghaiscíoch – “Agatsa atá sé!” a deireadh sé, agus ní raibh aon aidhm aige ar fanúint le cath ná comhrac, ach a bheith ag déanamh ar a loing chomh mear is a d’fhéad sé.

Do bhailigh sé é féin anuas don tsliabh agus amach leis, ag siúl ó loing go loing, amach chun gur chuaigh sé amach ina loing féin. Do bhíodar leanta don chomhrac ar fuaid an tsléibhe i gcaitheamh na haimsire, agus dúirt gaiscíoch éigint acu i ndeireadh báire: ‘Stadaigh!’ a dúirt sé, ‘don chomhrac; ní hag éinne agaibh atá an fáinne, ach má thugúir fé ndeara an firín beag a ghaibh ansan ó chéinibh – níorbh aon ghaiscíoch é de réir deallraimh,’ a dúirt sé: ‘bhí sé ró-éadrom, ró-bheag – is aige sin atá an fáinne. Stadaigh anois de bhúr gcath le chéile de dheascaibh an fháinne! Tá an fáinne imithe aige siúd; agus an bhfeiceann sibh,’ a dúirt sé – ‘tá a long aige á stiúrú amach anois ós na loingeas eile, agus b’fhearra dhúinn é a leanúint.’

As go brách lena raibh de ghaiscíg ann agus gach éinne acu ag déanamh fé dhéin a loinge féin. Do thosnaigh an fiach ar Dhiarmaid, ach má thosnaigh, ba bheag an chabhair é: ní raibh long eile ar an bhfarraige ba mhire ná Breac-Chuach Fhinn Mhic Cumhaill. Bhí sé ag cur de riamh is choíche chun gur tháinig sé chomh fada le tigh Ghlúin Ramhar.
‘A Dhiarmaid,’ a duaradh, ‘ar thugais leat an fáinne?’
‘Do thugas go maith,’ arsa Diarmaid; ‘níor theip aon ní riamh orm, agus níor theip orm an fáinne a thabhairt liom. Ach ní haon chabhair dom é thabhairt liom. Tá slua ag teacht im dhiaidh,’ a dúirt sé: ‘do mharóidís a raibh de Fianna agus Glúin Ramhar agus Seachrán agus a raibh riamh acu ann!’

Do chuaigh bean Ghlúin Ramhar amach agus do chonaic sí an fharraige dubh le loingeas ag teacht. Do chuir sí an uile long dá raibh ann, agus gaiscíoch, ar thóin na farraige le draíocht. Do tugamh na trí deocha do Ghlúin Ramhar do dhroim an fháinne, agus do bhí sé chomh maith ina shaol agus ina shláinte is do bhí riamh.

D’fhan Fionn agus Seachrán agus pé méid den Fhéinn a bhí ann ansan in éineacht le Glúin Ramhar, agus ní raibh feall na mioscais le himirt ag bean Ghlúin orthu as san amach.

Tar éis tamaill, thugadar a n-aghaidh ar an mbaile, agus do tháinig Seachrán leo. Dúirt sé gur bhreá leis a bheith in éineacht le Fianna Éireann – go raibh saol ana-bhreá acu. Tháinig sé leo, agus d’fhan Seachrán in éineacht leis na Fianna riamh ó shin, agus bhí togha gaiscíg acu ann, agus is mó cath cruaidh go raibh sé ann in éineacht leo.

B’shin é an scéal ar Ghlúin Ramhar agus ar Sheachrán, agus deirim leat go raibh sé leadránach a dhóthain tar éis an blúire siúil a dhein Fionn an mhaidean shneachtaigh seo!

Bacaigh Bhaile Mhúirne

le hAmhlaoibh Ó Loingsigh (Éigse III [1941-42] lch 101-2)

1 – “Bacach Fada an Tóchair”

 Tá áit i mBaile Mhúirne ar na dtugaimid an Tóchar. Tráth éigint ina rabhthas ag déanamh tí anso bhí mórán ceárdaithe ag obair air, saoir agus siúinéirí. Ach go mí-ámharach do bhuail duine des na siúinéirí é féin i gcnámh na lorgan leis an dtuaig. Ansan dúirt ná déanfadh sé a thuilleadh siúinéireacht, agus dá mb’áil le duine éigint acu cead a thabhairt dó dul ag bacachas go n-imeodh sé láithreach baill. Do thosnaigh duine de na saoir agus b’sheo mar a dúirt:

“Más gluaisracht feasta is fearr leat
as go gcaithir uait an cheárd ghlan –
ón dtuaig taoi caite cráite
as ó árd-obair shaoir –
ceartaigh chugat gach áise
ba dhual is ba cheart chun a soláthair,
cleith is adharc is mála,
agus fém láimh-se gheobhair brief.

“Caithir a bheith is’ foreman
ar bhacachaibh na Fódla
i gcaibideal is i gcóisir
is i ndóirse gach tí;
Bead a gcáibíní ina ndóirnibh
ag beannchadh ‘s gach ród duit,
is ag tobaireachaibh órtha
ní leogfaid siad suí.

“Nuair a shiúlóidh tú na ráigiúin
is líonta a bheidh do mhála,
ar an dTóchar leag do charáiste
is tabhair spás seal dod mhnaoi;
ach bíodh fuaim do ghutha anáirde
le Duain na mBreith go cráite;
gheobhair mór-chuid ola is práis
is gan áireamh ar im.”

2 – Bacach eile, ón dTóchar Theas

Do bhíodh bacach eile ar an dTóchar theas, tamall siar ó Áth Ceachan, in aice Dhún Mán Bhuí. Thagadh so Cincís Bhaile Mhúirne. Bhíodh lá mór ann ag na bacaigh go léir. Bhí bacach an Tóchair ana-thugtha chun óil, agus nuair a bhíodh meisce air dheineadh sé bruíon leis na bacaigh eile go léir:

“Mise Bacach an Tóchair” (a deireadh sé),
“ach más mé, nílim bacach ná bórach!”

3 – Cruinniú Bliantúil na mBacach

Bhí tráth éigint go mbíodh cruinniú ag bacaigh Chúige Mumhan. B’í Cill Abáin i mBaile Mhúirne ba bhall cruinnithe dhóibh. Chaitheadh gach bacach a bheadh beo a bheith ann an lá san, nó leathscéal maith a thabhairt i dtaobh gan teacht. Do dheinidís athnóchaint ar a gcaradas, agus mar an gcéanna an chuid acu go mbíodh droch-aigne eadarthu ní dhearmadaidís a mbruíonta d’athnóchaint! Bhí smacht acu ar mhuintir na paróiste. Seachtain roimis an gcruinniú nuair a bhídís ag bailiú chun na háite, agus seachtain tar éis lae an chruinnithe an fhaid a bhídís a d’iarraigh scaipe, bhídís ina sluaite ar na dóirse ag na daoine, agus ní leogadh eagla d’éinne “is olc san” a rá leo.

Áille na hÁilleacht

áilleTráth éigint do bhí rí in Éirinn. Do bhí triúr mac aige agus iníon. Bhíodar so fásta suas, agus ní raibh bean eile nó cailín ba dheise le fáil ná an iníon: ‘Áille na hÁilleacht’ a thugaidís uirthi.

Ar aon tslí, do buaileadh breoite bean an rí agus ba ghairid in aon chor a mhair sí. Nuair a bhí sí ag dul chun báis do ghlaoigh sí chuici an triúr mac agus an iníon álainn seo. Thug sí scian an duine don triúr mac – sceana óir – agus do thug sí cíor óir don iníon. ‘Níl aon rud a bheidh gearrtha leis na sceana so,’ a dúirt sí, ‘nó pé duine a ghearrfaidh leo, ná go n-aithneoidh sibh gurb iad a ghearr é. Agus an chíor: pé tuirse nó buairt nó breoiteacht a bheidh ort, nuair a chíorfar do cheann leis an gcíor seo imeoidh do chuid tuirse agus buartha, agus tiocfar thar n-ais arís id shláinte chomh maith is a bhís!’

B’shin mar a bhí. Do cailleadh bean an rí agus do cuireadh í, agus níl aon bhaol ná go raibh buairt ina diaidh, agus do bhí an chlann ar buile ar fad ina diaidh. D’imigh an aimsir, agus fé mar imigh an aimsir do bhí an brón ag lagú orthu agus ar an rí chomh maith san. I gcionn tamaill, pé donas a shéid fé, do chuimhnigh sé ar phósadh arís, agus ní áiteodh an saol air ná go bhfuair sé bean uasal eile. Bhí a chlann fásta suas, agus do thug sé leis an bhean so mar leasmháthair orthu. Bean ana-bhreá ab ea í seo, cé ná raibh a tréithe de réir a breáthacht!

Ar dtúis, nuair a tháinig sí, dúirt sí leis an rí ná raibh a fhios aici go raibh aon chlann aige, agus nárbh fhearr léi ann iad ná as!
‘Sea,’ a dúirt an rí, ‘caithfid siad a bheith ann. Táimse chomh baoch díobh san is dá mb’iad do chlann-sa iad.’
‘Nílim-se baoch díobh,’ a dúirt sí, ‘i dtaobh is ná fuil aon saghas díobhála agam le déanamh dóibh, ná ní imireod cleas ná feall orthu.’

B’shin mar a bhí ar feadh tamaill, agus lá éigint dúirt sí leis an dtriúr mac: ‘Anois, tabharfadsa dhíbh,’ a dúirt sí, ‘trí caipíní liaithe déanta as lomara an mhuilt draíochta, agus nuair a chuirfidh sibh oraibh na caipíní seo, nó pé faid a bheidh siad oraibh, ní féidir draíocht ná cleas a imirt oraibh.’

Do chuir so áthas ar an dtriúr mac, agus lá éigint do thug sí dhóibh na trí caipíní liaithe. Do chuireadar orthu na caipíní agus ní túisce a chuireadar orthu iad ná éirigh an triúr ina dtrí préachán draíochta! D’imíodar san aer leis na caipíní liaithe orthu.

Do bhí ionadh ar an athair agus ar an ndeirfír cad a bhí déanta aici leo, ach níor dhein sí aon cheilt ar cad a bhí déanta aici leo.
‘Táid siad imithe,’ a dúirt sí, ‘agus choíche arís ní fhillfid siad. Fanfaidh an draíocht so orthu, pé áit ina ngeobhaid siad.’
‘Más mar sin atá an scéal,’ a dúirt an rí, ‘féadfair-se a bheith ag imeacht chomh maith leo – ní bheir-se mar bhean agam-sa, ná ní leóthair a bheith san áit ina mbead. Bailigh suas anois,’ a dúirt sé, ‘aon ní a bhaineann leat, agus fág mo thigh!’

B’éigint di. D’imigh sí uirthi, agus ní fheadar éinne cár ghaibh sí.

Ní raibh pioc sa tigh ach buairt ar an rí, agus ar an iníon, toisc a deartháireacha a bheith imithe. Bhídís i gcónaí, ó huair go huair, ag faire féachaint an bhfeicfidís ag teacht in aon bhall iad, agus ní thiocfadh préachán ar fuaid an bhaill ná go mbeifí ag faire air le súil is gurb iad a bheadh ann. Ach ní rabhadar. D’fhan an scéal mar sin ar feadh gach fhaid. Ní raibh sa tigh ach an rí agus an iníon. Pé cuma é, do buaileadh isteach in aigne an rí go mbeidís ag teacht fé dhéin an tí uaireanta, dá mb’fhéidir iad d’fheiscint, agus dúirt an iníon:
‘Má táid,’ a dúirt sí, ‘ba cheart dúinn-ne bia a bheith ullamh ina gcóir pé uair a thiocfaidís.’
‘Ní thagaid siad isló,’ a dúirt an rí; ‘tá a fhios agam ná tagaid. Ach pé cuma é, samhlaím go dtagaid siad istoíche.’

Ba mhaith an mhaise sin ag an ndeirfír: do shocraigh sí bia agus d’fhág sí ar an mbord é nuair a bhíodar ag dul a chodladh. Ach má fhág ní raibh aon fhoghail curtha ar an mbia nuair a éiríodar arís ar maidin. Níor stad sí air sin: do choinnibh sí suas an nós – an bia a chur ar an mbord chucu le súil is go dtiocfaidís.

Maidin éigint dár éirigh sí d’fhéach sí ar an mbia – ar an arán, ar an bhfeoil, agus ar an im. ‘Níl aon bhaol,’ a dúirt sí, ‘ná gur scian mo dheartháir críonna a ghearr an blúire anuas den phíosa feola atá ansan!’ Agus d’fhéach arís ar an im, agus dúirt:
”Sí scian an tarna dearthár a thóg an píosa ime!’ Agus nuair a fhéach sí ar an arán: ‘Níl aon bhaol,’ a dúirt sí, ‘ná gur gearradh cuid den arán san le scian an dearthár is óige agam!’

D’inis sí an rud go léir don rí, agus do bhí iontas air agus dúirt léi:
‘Fág bia ar an mbord gach oíche acu, pé acu a thiocfaid siad nó fhanfaid siad.’
‘Ó, táid siad ag teacht,’ a dúirt an iníon. ‘D’aithneoinn na gearrthaíocha atá déanta ag na sceanaibh.’

B’shin mar a bhí, agus do bhíodh rud éigint bainte as an mbia gach oíche ar an mbord. Do chuimhnigh sí i gcionn tamaill: ‘Fairfidh mé anois iad,’ a dúirt sí, ‘oíche éigint, agus beidh a fhios agam an dtagaid siad, nó an préacháin nó mo dheartháireacht atá ag teacht.’

Do dhein chomh maith, D’fhan sí in áit éigint ag faire orthu, agus i gcionn i bhfad don oíche do tháinig na trí préacháin. Shuíodar chun an bhoird agus do bhaineadar díobh na trí caimpíní liaithe, agus chomh luath is a bhaineadar díobh iad do dhein triúr fear díobh – na deartháireacha, fé mar a bhíodar riamh! Do bhain so preab aisti, agus ní fheadair sí cad ba mhaith dhi a dhéanamh. Mar sin féin, do léim sí chucu agus do rug thíos is thuas orthu, agus do ghluais an pógadh agus an cion agus an obair.
‘Ní imeoidh sibh anois choíche arís,’ a dúirt sí.
Dheineadar mórán cainte le chéile.
‘Á, imeóm arís,’ a dúradar, ‘faire go fóill dúinn do chollóimís néal bheag éigint: táimid buailte amach le heaspa codlata. Glaoigh orainn roim lá mar cathfam a bheith amuigh arís.’

D’fhan sí ag faire dhóibh agus do shín an triúr acu agus thit ina gcodladh. An fhaid a bhíodar ina gcodladh, pé rud a chuir isteach ina ceann:
‘Dá mbeadh na caipíní dóite agam níl aon bhaol go bhféadfaidís imeacht a thuilleadh, mar do bheadh an draíocht bainte agam díobh.’ Chomh luath is a fuair sí ina gcodladh sa cheart iad d’adaigh sían tine, agus nuair a bhí an tine ar lasadh go maith aici fuair na trí caipíní draíochta, agus nuair a ghlaoigh sí ar an dtriúr deartháir b’é an chéad rud a loirgeadar – na caipíní.
‘Níl siad so le fail a thuilleadh agaibh,’ a dúirt sí, ‘mar do loisceas iad san sa tine.’

Thosnaigh an triúr ar lógóireacht. ‘Faire go brách’ a dúradar. ‘Ní hé gur dheinis linn é?’
‘Tá sé déanta agam,’ ar sise, ‘pé acu maith nó díobháil díbh é.’
‘Ó, an díobháil is mó a fhéadfá a dhéanamh,’ a dúradar. ‘Do bhí caé agann0ne a bheith saor tamall ón ndraíocht an fhaid a bheadh na caipíní againn, ach nuair atáid siad loiscithe anois agat níl aon bhaol ná go bhfanfaidh an draíocht orainn-ne go deo agus ní féidir sinn a shaoradh uaidh, agus ní fheicfear a thuilleadh sinn!’

Do thosnaigh sí ar lógóireacht chomh maith leo. Leis sin do dhein na trí préacháin díobh arís, gan aon chaipíní orthu, agus do sceinneadar uaithi le teacht an lae. D’fhiafraigh sí dhóibh ar linn imithe dhóibh agus iad ag gol:
‘An bhfuil aon chaoi go bhféadfaí sibh a shaoradh ón ndraíocht, nó cad fhéadfainn a dhéanamh chun aon tairbhe a dhéanamh díbh?’
‘Níl,’ a dúradar, ‘is dócha, aon chaoi ar sinn a shaoradh uaidh. Níl aon rud a shaorfadh sinn ach go gcaithfeá trí léinteacha a dhéanamh dúinn don cheanabhán móna. Chaithfeá na léinteacha sa a dhéanamh gan aon fhocal a labhairt an fhaid a bheifeá ag gabháil dóibh, agus gan aon deoir a shileadh.’

D’imíodar air sin. B’shin a bhfuair sí de thuairisc uathu. D’inis sí an scéal go léir don rí ar maidin, agus do throid an rí – bhí sé ar buile ‘olcas a bhí curtha chúcu. ‘An ndóin,’ a dúirt sé, ‘b’fhearr leogaint dóibh a bheith ag teacht agus ag imeacht mar sin ná iad a bheith imithe gan feiscint go deo arís!’
‘Sea,’ a dúirt an iníon, ‘déanfadsa mo dhícheal dóibh ar aon tslí. Ní fhanfaidh mé anso ina ndiaidh, agus pé aimsir a thógfaidh sé ormsa,’ a dúirt sí, ‘baileoidh mé oiread don cheanabhán móna is go bhféadfaidh mé trí léinteacha a héanamh dom thriúr deartháir.’

D’imigh sí uirthi is d’fhág sí an rí ansan ina aonar. Bhí sí ag siúl léi riamh is choíche chun gur casadh isteach i seana-mhoing portaigh í mar a raibh mórán don cheanabhán móna. Thosnaigh sí ar é a bhailiú, agus thugadh sí gach aon lá ar fuaid an phortaigh ag bailiú. Do bhí botháinín amach in imeall an phortaigh, agus do bhailíodh sí cadhráin mhóna agus rudaí ann. Dhein sí tine sa bhotháinín di féin, agus do chuaigh síchun cónaigh ar fad i ndeireadh báire ann. Is ann a bhíodh sí i gcónaí.

Do bhí ionadh ar na daoine cad é an saghas í, agus aon duine a chasfaí uirthi a labharfadh léi ní raibh aon fhocal aici le labhairt leis, agus in inead ‘Áille na hÁille’ a bheith mar ainm uirthi as san amach ‘sé an ainm a bhí ag muintir na háite uirthi ná ‘Ceanabhán Ciúin,’ mar bhí sí ag bailiú an cheanabháin agus gan aon fhocal cainte aici.

Thug sí breis is bliain sa tigh seo. Do bhí oiread bailithe aici i gcaitheamh an tsamhraigh is a dhéanfadh na léinteacha, ach bhían obair go léir ar é a cháirdeáil agus do shníomh agus fíodóireacht a dhéanamh air, agus do dhein sí féin an rud go léir, nó bhí sí á dhéanamh.

Do chónaigh duine uasal ana-mhór in aice na háite. Bhíodh sé amuigh go minic lena ghunna agus lena ghadhair, agus ghabhadh sé tríd an seana-mhoing seo ag lorg naoscach is rudaí, agus do casadh air í seo uair éigint. Thug sé fé ndeara an bhreáthacht go léir a bhí ag baint leis an gcailín, agus bhí a fhios aige cá mbíodh cónaí uirthi – sa tseana-bhothán. Tar éis tamaill, pé cúrsa lae nó fiaigh a bheadh tabhartha aige chaithfeadh sé glaoch isteach sa tigín seo, agus do ghlaoigh go mion agus go minic. Do bhí duine éigint chomh holl-scéaltach is gur inis sé do bhean an duine uasail go raibh bean eile i dtigín an phortaigh, mar a thugaidís air, agus go mbíodh an duine uasal ag glaoch ann go minic. Sea. Níor chreid síar feadh i bhfad é, agus i gcionn tamaill do hinseadh arís di go raibh duine clainne ag an mnaoi a bhí i dtigín an phortaigh, agus gur leis an nduine uasal an duine clainne. Chreid sí ansan é, agus lá éigint dá raibh an duine uasal as baile do tháinigh sí féin chun go bhfeicfeadh sí cé a bhí i dtigín an phortaigh, nó arbh fhíor na scéalta a bhí insithe dhi. Chomh luath is a tháinig sí isteach d’aithin sí an bhean a bhí i dtigín an phortaigh, agus mar an gcéanna d’aithin an bhean a bhí i dtigín an phortaigh í siúd – cé a bheadh ann ná an leasmháthair, pósta ag an nduine uasal so nuair a imigh sí ó Rí Éireann!

Do bhí an fhearg uirthi, agus ní fhéadfadh iníon an rí labhairt léi. B’é an chéad rud a dhein sí ná breith ar an leanbh agus é a mharú. Do ghear sí na méireanta don leanbh – saghas straca a thabhairt dóibh, agus do chuimil an fhuil do bhéal na máthar. Bhían mháthair ag féachaint ar an rud go léir agus níor labhair sí, agus níor fhéad sí gan deoir a shileadh, cé go raibh san leis coiscithe uirthi, agus chuimhnigh sí uirthi féin nuair a bhí an deoir ag titim óna súil. Do bhí an léine aici á dhéanamh. Do bhuail sí an léine suas i gcoinnibh a súl, agus do dhein fuil don deoir a bhí titithe ar an léine.

D’imigh an bhean nuair a bhí so déanta aici, agus tráth éigint lá arna mháireach do tháinig an duine uasal ar fuaid an bhaill arís agus do chonaic sé an obair a bhí déanta – an leanbh marbh agus rian na fla ar bhéal na máthar.
‘Cad é an saghas mná in aon chor í,’ a dúirt sé leis féin, ‘nó an amhal a bhí sí chun an linbh a dh’ithe?’ Bhí sé ar buile, agus do rug leis abhaile í.

‘Cuirfeadsa pionós ort de dheascaibh an ruda so,’ a dúirt sé. Ní dúirt sé smiug. Bhí a cuid léinteacha aici, agus a bhformhór déanta aici.

Sea. Do thosnaigh a bhean féin air: ná raibh aon deabhramh dó a bheith dultha in aon chor go dtítigín an phortaigh; ach níorbh aon chabhair a bheith leis.
‘Cuirfidh mé chun báis í,’ a dúirt sé, ‘de dheascaibh an linbh’ – agus do bhí lá ceapaithe aige chun í a loscadh. Do bhí carn mór brosnaigh agus seana-aitinn agus gach aon ní dá thriomacht bailithe aige, agus ag á chúnamh, agus do bhí fógra curtha amach aige is gach aon bhall timpeall air teacht ag triall air an lá san chun go bhfeicidís an loscadh a thabharfadh sé dhi.

Do tháinig an lá, agus má tháinig ní raibh na léinteacha críochnaithe. Bhí sí ag obair léi agus gan smiug aici á labhairt. Thógadar leo í go dtí pé áit ina raibh an tine mhór socair, agus do lasadh an tine chun í a chaitheamh isteach inti. Do bhí an tine ar lasadh, agus bean an duine uasail á rá gur cheart í a chaitheamh isteach an fhaid a bheadh an tine chomh maith, agus do thaispeánadh sí an léine seo go raibh an braon fola déanta don droir a shil iníon an rí: ‘Féach,’ a deireadh sí, á taispeáint dá raibh láithreach – ‘an léine a bhíaici á dhéanamh,’ a deireadh sí, ‘ nuair a mhairbh sí an leanbh. An bhfeiceann tú cuid d’fhuil an linbh uirthi?’ Bhí ana-dheithneas uirthi chun í a chaitheamh isteach, agus má bhí do bhí duine uasal mór eile tagaithe ann ag féachaint ar an obair.
‘Stadaig go fóill anois,’ a dúirt sí; ‘ná cuirig isteach in aon chor í. Tá rud éigin greannmhar ag baint leis an mnaoi sin, agus tá gnó greannmhar éigint ar siúl aici. Ní aon ní curtha ina leith agaibh,’ a dúirt sé, ‘ach marú an linbh. Ní fheacaigh éinne an leanbh aici á mharú; agus i dtaibh an duine uasail a bheith gofa léi,’ a dúirt sé, ‘ní dheinim an iomad ionadh dhe sin, mar ar íseal ná uasal ní theipeann an tuathal! Scaoilig thoraibh roinnt neomataí eile,’ a dúirt sí, ‘agus is uiriste í a dhó aon tráth má théann sé air díbh.’

Bhí an cnaipe déanach aici á chur sa léine dhéanach. Bhí sí ag éisteacht leis an gcaint go léir, agus anois do bhí an cnaipe déanach aici á chur sa léine dhéanach acu. Nuair a bhí an cnaipe curtha isteach aici do thairrig sí chuici an chíor. Níl aon bhaol ná gur fhéach sí go holc agus go suaite agus go caite tar éis a haimsire. B’shin é an chéad fhocal a labhair sí:
‘Is mithid domhsa mo cheann a chíoradh!’ Do chíor sían ceann leis an gcíor óir, agus ní raibh sé cíortha ar fad aici nuair a dhein an bhean ba bhreátha dhi gur féachadh riamh uirthi. Níor mhaith leis an nduine uasal í a dhó in aon chor d’fhéach sí chomh breá san, ach ní raibh puinn aimsire acu chun cuimhneamh nuair a chonaiceadar chucu préachán ag teacht san aer, agus níor stad an préachán chun gur thúirlic sé anuas ar ghlúin iníon Rí Éireann.

‘A dheirfír ghléigil,’ ar seisean,
‘A iníon Rí Éireann,
Tabhair dom mo léine agus labhair!’

‘A mhúirnín ghléigil,’ ar seisean,
‘A mhic Rí Éireann,
Din í do léine agus labharfad!’

Leis sin do tháinig an tarna préachán. B’é an comhrá céanna a bhí eadarthu, agus do shín sí chuige an léine agus do labhair. Fé mar a thugadh sí dhóibh na léinteacha do dheineadh fir díobh arís fé mar a bhíodar riamh sarar cuireadh fén ndraíocht iad.
Tháinig an tríú fear arís agus dúirt:

‘A dheirfír ghléigil,
A iníon Rí Éireann,
Tabhair dom mo léine agus labhair!’

‘A mhúirnín ghléigil,’ a dúirt sí,
‘A mhic Rí Éireann,
Sin í do léine agus labharfad!’

Do dhein fear de chomh maith leis an mbeirt eile, agus do thosnaigh an pógadh agus an cion acu ar a chéile. Do bhí iontas ar a raibh láithreach – ní raibh aon aidhm í a chaitheamh isteach sa tine ansan! Bhí an tine dultha in éag ar aon tslí nó lagaithe ró-mhór chun í a loscadh.

‘Anois,’ a dúirt sí, ‘ó tá cead cainte agam, caithfidh sibh éisteacht lem’ scéal.’ Do thosnaigh sí ón lá a cuireadh an leasmháthair orthu. D’inis sí gach aon bhlúir dhe tríd síos chun gur tháinig sí go dtí marú an linbh, agus conas a mhairbh bean an duine uasail – b’shin í an leasmháthair a bhí orthu féin – conas mar a mhairbh sí an leanbh agus do chuimil an fhuil dá béal. ‘Agus dhóbair dom,’ a dúirt sí, ‘gan na geasa a bhí orm a chomhlíonadh, amar is dócha ná fuil aon mháthair ná go silfeadh deoir nuair a chífeadh sí a leithéid do chor á thabhairt dá duine clainne. Do thit deoir óm shúil,’ a dúirt sí, ‘agus an fhuil úd a bhí aici á chur im’ leith – fuil an linbh – nuair a chuireas an léine suas i gcoinnibh mo shúl do dhein braon fola den deoir a thit óm shúil, agus tá sí anso agaibh le feiscint ar an léine.’

Do creideadh go hana-mhaith í. ‘Ná himíodh éinne agaibh,’ a dúirt an duine uasal, ‘as an áit ina bhfuileann sibh. Fanaig go léir agam go fóill; ach pé méid brosnaigh a fhéadaidh sibh a bhailiú anois téigh á bhailiú, agus aitinn, agus gach aon scothán dá thriomacht, tugaig chugam é.’

D’imíodar go léir ag bailiú, agus ní gá dhom a rá ná gur imigh triúr mac an Rí agus an deirfiúir. Bhailíodar oiread lena raibh ann de – lena raibh eile ann, agus do deineadh an tine mhór. Tháinig sé ar a mhnaoi féin nuair a bhí an tine ar dearg-lasadh: do chaith isteach ina lár í, agus do dhein luaithreán di. Nuair a bhí san déanta aige ní leogfadh sé uaidh, thíos ná thuas, iníon Rí Éireann. Chaith sé í a phósadh, agus d’fhan an triúr deartháir ansúd in éineacht leo.

Tar éis tamaill do tháinig an duine uasal agus iníon Rí Éireann agus an triúr dearthair ag triall ar Rí Éireann, agus ní fhéadfadh éinne cur síos ná insint ar an móráil a bhí ar an Rí nuair a chonaic sé tagaithe le chéile arís iad gan bascadh gan bárthan, gan draíocht ná máchail.

Aa-Th. 451
On her death-bed, a king’s wife leaves a golden knife to each of her three sons, and a golden comb to her only daughter; when the knives are used to cut anything, the user can be identified; and the comb has the power of restoring health and banishing fatigue and sorrow. The king re-marries, his wicked wife gives the king’s sons three grey caps made from the wool of a magic ram, but on wearing these, they are turned into three crows and fly away. The king banishes his wife. After some time, the enchanted young men return, and their identity is established by their use of the golden knives with which they have cut the food put aside for them by their father and sister. Removing their magic caps, they reassume human form. While they are asleep their sister burns the caps. The girl’s brothers tell her that now the only way to disenchant them is to make three shirts from bog-cotton, to remain silent while doing so and not to shed a tear. The girl finds shelter in a lonely hut in a bog, and there for a year she carries out her task. She is visited by a gentleman who has married the girl’s wicked stepmother, and gives birth to a child whom the stepmother kills, rubbing the child’s blood to the mother’s lips. The girl remains silent, but sheds a single tear which falls on one of the shirts. She is about to be burned alive, but at the last moment she has finished the making of the last shirt, and is saved by the arrival of her three brothers who are now disenchanted. She tells her story, the wicked step mother is burned in her stead, and the gentleman marries her.
Literary influence has affected this story. The verses are artificial, as also the names for the heroine-Áille na hÁille (Beauty of Beauties) and ‘Ceanabhán Ciúin’ (Silent Bog-Cotton). The style of the narrative suggests that the story-teller was not at his ease.

See R. Th. Christensen: ‘ Cinderella in Ireland,’ Béaloideas, Vol. 20, p. 96
and id. Studies, p. 244.