An Marbhnadh

5 cinn de phaidreacha traidisiúnta ó Mhúscraí atá anso a dhein Peadar Ó Riada a shnaidhmeadh le chéile chum iomann machnamhach a chumadh.

Cluintear fonn feacht fial-lne
ins an chill is buaine ar braonghlaise?
Tá tar éis na Gréige grianlacha?
Ní bású agus sló aonar
mise aonar in armghaisce
ar fhaoiseamh Ine dún creidimh?
Níl os cionn talún aon ghrá againn ach Ine
is aoibhinn a corp seang
séimh a déad fá chiúine is fá fhocal
gan uaimhneacht na tairngireachta
do tháinig go hÉirinn in Arla
thar ceann a toghaí is gan bhaois is ea ghráimse í.

Go mbeannaítear duit a theampall Dé,
an áit a gcónaíonn mo Shlánaitheóir, Íosa Críost
Muire agus an dá aspal déag,
ag guí orm féin inniu.

Beannacht ar a h-anam, doba moladh dá grást
‘s an té go mbeadh aige an marbhna
is beannaithe atá a grásta
ní fhaca bean riamh ba ghrádhaí ná Ine
ba eolaí i bhfísibh, ba umhla, ba thaise, ba náire.
is ea atá sí seacht gclaoite is athchlaoite

Teastas Phádraig
Mise Pádraig an t-ardeaspag
do tháinig go hÉirinn in Arla
Umhlaím duit a Íosa Críost,
Umhlaím duit a Mhaighdean ghlórmhar,
Umhlaím duit a chrann deas
agus an crann atá lem’s ais
screadaim ar Rí na bhfeart,
peacaí a thugas liom isteach
gan iad a ligean liom amach.
Do chum mo sheandhlí uasal
agus is mó mo theagasc ná mo léann.
Mise Pádraig príomhéarlamh
do leanadar gach uile beatha?
Fágaim an bua so go bráth ag marbhna Ine
is é an bua déanach a fhágaim aici:
Neamh ag an té a mheabhródh í
agus ag cách lenar n-oircheontar í.

Buanna An Mharbhna
Dá ngabhthá an marbhna seo ag dul i
mbreithiúntas nó i bhfiachaibh,
éinne leat ní ghreamófaí, gach cás romhat réidhfí
dá ngabhtá an marbhna seo ag dul go troid nó cliathach,
marbh ní thiocfá as is ní bheifeá gan bia is éadach.
Dá ngabhtá an marbhna seo ag dul ar each,
Mas síoth más cogadh más creach,
Gheobhfá áthas ar mhuin an eich
Is thiocfá féin soar ón gcath.
Dá ngabhthá an marbhna seo ag dul ar críchaibh na hÉireann,
iad a bheith in inneartha i ngasaibh agus i ngreim ort.
Dá ngabhthá an marbhna seo ar fhogha an bháis
agus go mb’fhiú an cás na trí ciacha déanacha,
An t-anam go dtabharfadh ó ifreann soar leis.
Im’ chroí atá an t-olc
Im’ bhéal atá an t-olc agus im’ chois,
Triúr a chuirim á chosc
An Athair, an Mac agus an Spioraid Naomh.

An Liodán
Saor sinn, a Thiarna, tré urlabhra na n-aingeal
tré urnaithe na faoistine
‘s tré fháistine na bhfáidh
Saor sinn, a Thiarna, mar a shaorais Peadar agus Pól ón loing bhriseadh
Muire naofa ó nimh an pheacaidh.
Saor sinn, a Thirana,
bronnaim m’anam ort a Íosa Críost,
ní iarrfad ort é coiche ná go brách,
Cuirim m’achuiní chughatsa a Mhuire,
m’anam a bhrieth ar do dheasláimh
ar úrlár do thí féin.
Mar a shaorais an triúr ón bhfornéis chraorach
Teaclais ón dtine agus Lazarus ón uaigh
Saor sinn, a Thiarna,
mar a shaorais Jónas ón bpéist
Súsan ón gcóir bréagaigh
Dónall fáidh ó uaimh na leon
ó pheachadh ó ghorta is ó riachtanas
Saor sinn, a Thiarna
Mar a shaorais Máire Mhagdailéan ós na seacht n-ónláibe
A Chríost lánthrua
fáth briste ar dóirsibh ifrinn.
Admhaím duit, a Dhia na n’uile chumhacht
Ó lá mo bhaiste go dtí lá mo thorraimh,
Trí smaointe mo chroí,
Trí radharc mo shúl,
Trí chlos mo chluas,
Trí ráite mo bhéil,
Trí chúrsa mo rian,
Trína ndúrt nách raibh fíor,
Trínar gheallas agus nár chomhlíonas,
Trínar réabas de do dhlithe agus de d’aitheanta naofa,
Iarraim an aspalóid ort anois féin,
in ainm milis Íosa Chríost,
ar eagla nár iarras riamh í mar ba chóir,
agus nách mairfinn le í a iarraidh arís.
D’fhuascailt na mórshluaite suas chun na bhFlaitheas.
Saor sinn, a Thiarna,
mar a shaorais Iaria, Jacob, Elizabeth
ó anachain, ó arm riachtanas
agus Muire Ógh giolla so-lachanta
Saor sinn, a Thiarna,
mar a shaorais gach uile ógh agus máirtíreach
Ógh agus banógh, naomh agus bannaomh,
aingeal agus ardaingeal
go mba fhairsing sinn in atharnó an trócairemhic
Saor sinn agus slánaigh sinn
chun ár n-anam do bhreith láimh leat
suas chun na bhFlaitheas i gcaitheamh na síoraíochta.
In ainm an Athair, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomh.
AMEN

Freagra