An Giorrae agus an Gealbhún

Do rug fiolar ar ghiorrae. Bhí sé dhá mhilleadh agus dhá thnáitheadh. Bhí gealbhún ar scairt ag féachaint orthu. “Cá bhfuil do chosa?” arsa an gealbhún. “Cad ’na thaobh ná ritheann tú uaidh? Dá mbeinnse id chás———.” Ní raibh sé d’uain aige a thuilleadh do rá. Do scuab seabhac chun siúil é.

“Á!” arsan giorrae, “is minic a airíos gur maith an t-iománaí an té a bhíonn ar an gclaí.”

An Múineadh

An té a bheidh ag faire ar ghnó an fhir thall tabharfaidh sé faillí ’na ghnó féin. Ná tabhair comhairle chóngarach neamhchúntach uait nó tiocfaidh sí abhaile chugat uair éigin.

Freagra