Fíodóir an Ghleanna Chaim

Donnchadh Ó Laoghaire, ó Chúil Aodha, do scríobh. Sean-scéal is ea é, gan amhras, ach is dócha gur inis Donnchadh ar a nós féin é. Ar “Irisleabhar na Gaedhilge” dhó.

Roinnt mhór bhlianta ó shin, do chónaigh fíodóir san nGleann Cham cúpla míle ó Mhaigh Chromtha i gContae Chorcaí. San am san ceard mhaith dob ea fíodóireacht, ach chun filleadh ar mo scéal, do bhí oiread le déanamh ag an bhfíodóir seo, gurb éigin dó buachaill do thógaint chun cabhraithe leis.

An fhaid do bhí an sean-bhuachaill ag gabháil do fhíodóireacht níor casadh leithéid an bhuachalla leis. Do dheineadh sé oiread le haon triúr fear, do oibríodh sé chomh dúthrachtach san. Do bhí aon iníon amháin ag an bhfeirmeoir, is cheap sé ina aigne gur mhaith an rud í a thabhairt i gcleamhnas don bhfíodóir óg.

Thug sé, mar seo, féna cómhair é lá, is dar ndóigh bhí an fíodóir óg sásta. Do pósadh iad láithreach baill, ‘s is iad do mhair go sásta i bhfochair a chéile.

Bhí mór-chuid oibre ag teacht isteach chucu gach lá. Beagán blianta tar éis é a phósadh do mhéadaigh an gnó, is bhí sé ag obair go dícheallach lá. Le barr an fhuadair do bhí fé, sceinn ceann dos na spóil uaidh is buaileadh le fuinneamh é thall cois an bhalla.

Do léim sé láithreach anuas don seól is dhein sé ar an dtuaigh do bhí sa chúinne, chun na lámha do sciobadh de féin!

“Cad é sin ort nó an bhfuileann tú ar buile?” arsa an sean-fhíodóir.
“Nílim, ar aon-chor,” arsa an fíodóir óg.
“An bhfeiceann tú Dia idir sinn is an t-olc? Dá mbeadh mo mhac insan áit gur bhuail an spól ó chinaibh, bhí sé marbh gan sagart gan bhráthair. Níos túisce ná titfeadh a leithéid amach choíche arís dom, bainfeadh an lámh díom leis an dtuaigh so.”
“Ar mh’anam ná bainfir,” arsa an sean-fhíodóir.

Do rugadar go lom daingean air, agus tar éis móráin taithint, do choisceadar é.

“Sea,” arsa an sean-fhíodóir. “síulód an domhan go léir, is ní fhillfead thar n-ais go dteagmhóidh amadán éigin liom níos mó ná tú.”

Do thóg an sean-fhíodóir leis a chleith go moch ar maidin, is ghaibh sé a leith Droichead Nua Maigh Chromtha, siar leis an tsráid go ráinig sé don tsean-dhroichead. Casadh beirt fhear ar a chéile ansan. D’fhiafraigh duine acu den duine eile ar cheannaigh sé na huain ag an aonach. Dúirt sé nár cheannaigh.

“Ba mhaith an mhaise dhuit é, mar, dá ndéanfá, do bhainfinn-se dhíot iad,” arsa an duine eile.
“Cuirim i gcás go bhfuil na huain anois ar lár an droichid; feicim anois an bhféadfá iad do bhaint díom,” arsa fear an aonaigh.

Seo iad araon ag sárú na n-uan, mar dhea. Is gairid, san tsárú dhóibh, gur chuadar i scórnachaibh a chéile. Do thosnaigh an bhruíon agus do scéithigh an fhuil ar fud an bhóthair. Bhían fíodóir ag féachaint i gcónaí ar an obair. Tháinig daoine éigin suas do choisc an bhruíon, is tharraingíodar síocháin eatarthu.

Ghaibh fear anuas ón muileann agus braillín mhine coirce aige ar  dhrom capaill bháin.Do fhiafraigh duine éigin de cad fé ndear an bhruíon, is dhruid sé isteach leis an ndroichead, is d’oscail sé amach an braillín is scaoil sé an mhin le fánaigh na habhann. Do bhain sé crothadh as an mbraillín os cionn an droichid, is níor fhág sé fiú aon ghráinne amháin uirthi.

“An bhfeiceann túan braillín sin leis an nduine eile,” arsa eisin.
“Chíthim,” a dúirt an fear eile.
“Ní fiú a bhfuil de mhin choirce ar an mbraillín sin an cás ó thosach go deireadh,” arsa fear an chapaill bháin.

Bhían fíodóir ag féachaint ar an obair i gcónaí agus do bhris ar an bhfoighne aige.

“Do shíleas, dá siúlóinn Éire ná buailfead aon amadán umam chomh mór leis an amadán atá agam sa bhaile, is go deimhin shíleas go raibh sé sin mór go maith, ach do bhuaigh sibh-se ar a bhfaca riamh, agus go mór mór fear na mine coirce. Rachad abhail is geobhad lem amadán féin,” arsa an fíodóir.

Thiomáin sé leis soir agus bhí sé go mór luath ag an nGleann Cham, is d’fhan sé an chuid eile dá shaol i bhfochair an fhíodóra óig.

One thought on “Fíodóir an Ghleanna Chaim”

  1. I was curious if you ever considered changing the layout of your site? Its very well written; I love what you’ve got to say. But maybe you could a little more in the way of content so people could connect with it better.You’ve got an awful lot of text for only having one or 2 pictures. Maybe you could space it out better?
    My new commercially-successful project at: https://bit.ly/2vTqGMO explicates this

    Moladh

Freagra