A Dhonncha is Léan Liom

Foinse: The Doegen Records Web Project (agus ó amhránaíocht Cháit Uí Chathasaigh)

A Dhonncha, is léan liom an scéal seo le h-insint
Go n-iompaís ód thréad is leis lucht an Bhéarla do luís-se,
Go dtugais Bíobla an éithigh, agus claon mhasla Íosa,
Ná raibh aon bhrí ag an mhnaoi mhánla is gurb í máthair gheal Chríost í,
Anois cuimhnigh-se is machnaigh ar bheatha na naomh,
‘S nách bhfuil ag an gconairt seo ach dlithe is claon,
‘S ar mhúiscilt na maidne ‘s in ifreann scóltha
Do bheadh cóiriú ar do leaba ‘s ní i bhflaitheas na glóire.

Iarrse na grásta ar an Slánaitheoir Naofa
Is ar an Maighdean mhilis mhánla do bhí lámh leis mar chéile
Mar is í a chonaic sa Pháis é go cráite tinn céasta
Mar a bheadh rí amadánta ag an ngarda dhá dhaoradh,
Dortadh a chuid fola ar an gcrois, ar a ghruaig,
A ghéaga dhá cheangal gan taise gan trua,
Creidse go bhfágfair gan sámhnas an saol so,
Gur charaid lá an ghátair dhuit Máthair an Aonmhic.

Tá m’intinn go buartha ‘s níl suaimhneas aon lae orm
Ó chuala gur ghluaisis le cuallacht an Bhéarla
Mar gur shílíos gur buachaill ciúin stuamtha mall séimh thú,
Gur róbhreá an dualgas do fuarais ón Aonmhac,
Ná díol ar bhreib dhamanta gan fís gan aon chlaon
Mar is róghearr do chairt nó do lón ar an saol,
Cuimhnigh ar an lá úd a bheidh sliocht Adam ar aonchnoc
Ná bíodh fearg na ngrást geal le háiteamh i t’éadan.

Tá an Diach so róghnóthach, is dócha gur fíor é
Gur stiúraigh sé an ród tú gan chomhairle ód mhuintir,
Go dtógais an choróin gheal do gheobhaimis ár gcian dúinn,
Céad moladh go deo leis na comhachta gur dhíolais,
Fill ar do charaid agus glacfar tú arís,
Ná díol áras na ngrás geal ar fhálthas an tsaoil,
Bíodh cathú ar do chroí istigh á insint ‘od chomharsain
Ar do bholg Dé hAoine gur dhíolais a ghlóire.

Ar shaibhreas ná ar thobhalachaibh ná ar fheoil Aoine an Chéasta
Is ná scar leis an nglóire ar shócmhainní an tsaoil seo
Ach iompaigh do chóta is go deo ní bheidh baol ort,
Iarrse na comhachta, do gheobhair iad ón Aonmhac,
Beidh Mícheál is Peadar i do charaid lá an bháis,
Baintiarna na bhFlaitheas do thógfaidh tú ar láimh,
Beir an Sacraimín Naofa mar éarnaist chuin Críost leat,
Bíodh an olla ar t’éadan is an scéimh ainglí ort.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s