Pead Buí Ó Loingsigh

Pádraig Ó Loingsigh
Pead Buí

Seo cuntas ar shaol agus amhráin Phead Buí a fuarthas ó Irisleabhar An Musgraigheach a foilsíodh beagnach céad bliain ó shin. B’é Seán Ua Cróinín (céile Bhess Cronin) a scríobh.

Samhlaíonn a lán daoine gur Chiarraíoch gurbh ea Pead Buí, ach níorbh ea. Is fíor gur thug sé formhór a shaoil i gCiarraí, ach is ar Cúil (i mbarra Ghort na Tiobratan i mBaile Mhúirne) a rugadh é. Pádraig Beag a thugtí ar a athair, agus de mhuintir Chruadhlaoich ab ea a mháthair.
Ní raibh puinn de gréithre an tsaoil acu, agus bhí muirghean mhór orthu. D’athraíodar siar go paróiste Chill Garbháin sara raibh an chlann tógtha in aon chor. D’fhanadar thiar. Is deacair a rá le cruinneas cathain a thit an méid sin amach, ach deallríonn an scéal go rabhadar gabhtha siar roinnt blianta sara dtáinig an Gorta Mór.

Is áirithe gur folcadh Pead i dTobar na Naoi mBéithe, mar thosnaigh sé ar fhilíocht a dhéanamh sara raibh sé ina fhear in aon chor, geall leis. ‘Na theannta san, ana-cheoltóir ab ea é: sheinneadh sé an fheadóg agus an phíob mhór ar fheabhas an domhain. Bhí deartháir amháin aige ar na dtugtí Domhnaillín an Éadain, agus file ab ea é leis, i dtaobh is nár bhac sé puinn le filíocht.
Mar bharr ar an dá bua a bhí ag Pead – mar barr is cóir a thabhairt air – do bhí bua leighis aige, le neart orthaíocha. Bhí ana-ghlaoch ar an gcéird sin sa tsean-shaol, mar ní raibh aon ábhar dochtúirí ann. I súil na hórdóige a bhí an leigheas ag Pead. Leighiseadh sé tinneas fiacal, agus seó gearánta nách é, leis an ordóig. Deiridís nár ghá dó ach clabhtóg baise a bhualadh ar shean-staicín capaill a bheadh ar na pící leis an mbás nuair a dhéanfadh gillín groí, cumasach, luaimneach de.
Fear mór óil ab ea é, agus b’fhearr leis taoscán dí ná ladhar arigid mar dhíolaíocht as a shaothar. D’fhág san bocht dealbh é, ach ina dhiaidh san, nuair ná raibh bólacht ar chnoc aige, bhí suaimhneas ar sop aige.
Thagadh sé isteach go Cúil Aodha, trasna na gcnoc ó Chiarraí, agus é ag seinnt na píbe, agus le binneas an cheoil sin do leanadh na daoine é. Cheap sé féin roinnt cheoil a bhí an-oiriúnach don phíb agus don fheadóig. Mar leis an bhfilíocht, Gaoluinn a bhíodh aige i gcónaí. Ní hamhlaidh ná go raibh an Béarla i bhfaisiean an uair sin, agus filí eile ag callaireacht ar a ndícheall i mBéarla.
Ba mhinic a scaoil Pead faobhar a theangan ar dhaoinibh, agus níor ghearradh gan fuil go dtí é, mar dálta formhór na bhfilí, “de mhuintir cháinte an bhaill seo” dob ea é.
D’imigh Pead ón saol so timpeall na bliana 1900 agus do bhí sé ina chónaí ar an nDoire Leathan ag an am.

Cheap sé gearra-chuid amhrán, cuid acu i bhfoirm aortha. Ní bheadh slí anso dá leacht, dá mbeidís go léir againn, ach is oth liom a rá ná fuilid. Geobhfar liosta na n-amhrán anso agus d’iarrfainn go bog is go cruaidh ar léitheoirí “An Mhúsgraighigh” dóigh agus andóigh a chuardach féachaint an bhféadfaimís cur leis an liosta nó an mhéid atá in easnamh ar chuid des na hamhráin a sholáthar sara mbeidh sé ró-dhéanach – agus is gearr go mbeidh.

An Liosta
Amhrán na Feadóige (Aor)
A Pheaid Bhuí na gCarad
Aor ar Chonchubhar na Muinge
Amhrán Phead Bhuí
Is Fada Dhom Féin am’ Amhaid gan Chéill
Pead Buí ar Dhoirín na Gréine
A Mhatúin Bhig an Ghargaire
Amhrán an Chiseáin
Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáín
Amhrán na Cránach Muice
Amhrán an Mhada Ruaidh
An Cailín Aerach
Trucail Pheige Bhreátha

One thought on “Pead Buí Ó Loingsigh”

  1. You have good leadership skills.. Ríordáín amhrán cuid acu i mbaile mhúirne a thugtí ar fhilíocht a thit an éadain agus is ar chnoc aige le filíocht mar dhíolaíocht as a pheaid bhuí na naoi mbéithe mar ní raibh an…
    My brand successful condemnation at my site discusses this

    Moladh

Freagra