Cruach Mhóna Dhómhnaill Uí Ríordáin

Pead Buí 

Ceann eile d’amhráintí Phead Bhuí. Chum sé an t-amhrán seo nuair a dódh cruach mhóna Dhomhnaill Uí Ríordáin. Chonaic duine éigin fear dárbh ainm Domhnall Eoin ag lasadh na tine, rud a tharraing raic mór idir na comharsain. 
Chan Máire Ní Chéilleachair mar amhrán mear aici ag an Oireachtas ins na blianta 2008 agus 2011.

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4 (Máire Ní Chéilleachair)

An bhfeacabhair-se, a dhaoine, an tine le hairde
Le titim na hOíche ar Mhullach na Réidhe?
Bhí cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin
‘Bhí taiscithe díonmhar i dtosach an gheimhridh roimh sneachta nó gaoth.

Beidh an Inid gan mhoill ann is d’oirfeadh bean tí dó,
Níl tine ná spríos aige a bheireodh an tae,
B’é a dúirt Micil Buí mar gur mhaith an fear tí é,
Go dtabharfadh cruib líonta is go ndéanfadh sé déirc.

Pead Buí, is fear ceoil é, agus glaoch chun tigh an óil é,
Tabhair gloine nó dhó dó is cuardóidh sé é,
Mar gur inis na comharsain ar theacht don tráthnóna
Gur ghaibh Domhnall Eoin siar trasna na réidhe.

Go raibh tine ina phóca is é ag lasadh thortóg ann
Gur dhóigh sé an chruach mhóna is go maithfear do é,
Ach dearbh ó Joan air nár ghaibh sé níos mó uirthi
Nó cuirfear é an cóngar go Botany Bay.

Sé dúirt Máire Chárrthach go rachadh sí thar sáile
Go raibh ann trí ráithe ‘s nach bpósfadh sí é
B’é an síneadh é gan sásamh nárbh eagal do mhnáimh é
Mar nach mbeadh aige páiste i gcaitheamh a shaoil.

Bhí capall mear groí aige ‘gur bearradh an mhoing de,
‘Gus hinseadh go fíor dom go raibh sé san aos,
Mar gurbh é Seán Ó Cuill nuair a casadh sa tslí é
Go raibh meaisín is cíor aige is gur ceardaí glan é.

Tá do chapall marcáltha  bíodh spoir ar do shála,
Bíodh srian ins gach láimh leat is tógfaidh tú an sway
‘S más fíor iad na ráite go bhfuil ort aon mháchail
Ná feicim go brách thú anso i bpobal Chúil Aodha.

Beidh do chomharsain ag bruíon leat ‘s in earráid leat choíche,
Má bhaineann tú díol díobh as portach na réidhe,
Próiseálaí líonta fuair Mathúin is Creed duit
is ar dhearbhú bínse is nár thug dóibh aon spéis.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s