An Cailín Aerach

Pead Buí

Ceann eile d’amhráintí Phead Bhuí Ó Loingsigh ó Chúil Aodha. Tá an-chuid véarsaí san amhrán seo agus i measc na ndaoine a chan an t-amhrán seo, tá Eoiní Maidhcí O Suilleabháin, Diarmuidín Maidhcí, Nell Ní Chróinín, Máire Ní Cheocháin agus Peaití Tadhg Pheig. I measc na namhrán eile a chum Pead Buí, tá Cruach Mhóna Dhomhnaill Uí Riordáin, Trucail Pheige Bhreátha agus Amhrán Pead Buí.

Foinse: An Bóthar Ó Thuaidh (Scéim Aisling Gheal)

‘S ar maidin Dé Domhnaigh roim Aifreann d’éisteacht,
Bhí cuideachta shúgach i dtigh Nellie Healy,
Bhí na boird á mbualadh ‘s an t-ól á ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

‘S nuair thánag abhaile ón Aifreann d’éisteacht,
Do shuíos ina haice siúd a’ gabháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a’ tí isteach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhíbir sí gan mhoill uaim a Cailín Aerach.

‘S an fol the dol the diró…

Is a Mháire Ní Thuama ná dein mé a dhaoradh,
Má bhímse go mór leis an gCailín Aerach,
An canna ‘ bhí cúrach, ní ólfadh braon de,
‘S dá siúlfainn léi an Ruachtach geallaim nár bhaol di.
‘S an fol the dol the diró,

‘S an fol the dol the diró…

Le titim an drúchta le fonn do sheinnfinn
Nuair chífinn chugam an cailín meidhreach,
Ba ghlaise a súil ná an colúr a sceinneann
Is do sciob sí an chlú thar Chúm go deimhin léi.

‘S an fol the dol the diró…

Bhí gruaig a cinn ‘na cocán buí léi,
Ba ghile í ná’n eala a thiocfadh thar linn chughainn,
Do chrúdh si an ghamhain le teacht na h-oíche,
‘S ba bhinne ar a beol í ná ceol na píbe.

‘S an fol the dol the diró…

‘S ná deiníg aon teorainn de ghlór Pheaid Bhuí,
Bhíodh na comharsain i gcónaí i ngleo ‘s a bruíon leis,
Dá mbeadh cailíní óga a’ spórt is a’ rince ann
Do sheinnfeadh ceol dóibh go dtitfeadh an oíche.

‘S an fol the dol the diró…

‘S dá bhfeicfinn go brách í ar chlár nó ar aonach,
Bheadh canna agus cárt ina láimh in éineacht,
Ní thógfainnse páirt lena náire ná ‘na daoradh
Mar do rinncfeadh sí ar chlár liom ar áilleacht Éireann

‘S an fol the dol the diró…

Agus comhairle a bheirim-se do chailíní óga,
Gan ‘ bheith amuigh go déanach
I gcuideachta na n-óig-fhear,
Ach teacht abhaile go luath um’ thráthnóna
Nó mura ndeinid gurb é an allait an bhóthar.

‘S an fol the dol the diró…

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s