A Pheaid Bhuí na gCarad

Pead Buí

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

A Pheaid Bhuí na gcarad, is atuirseach dubhach do scéal!
Mo cheol gur chailleas – ní scarfainn go brách lem’ ghéim!
An té a thóg mo mhaide, go gcaillidh sé lúth na ngéag!
An tinneas dá leagadh is an galar dá mhuchadh fé!

I nGúgán Barra bíon fear ós gach áit ag glaoch;
Do shuíos i gcuileachta do chaithfeadh go súgach braon;
Do shuigh stróaire im’ aice do bhradaigh a’ liúit óm’ thaobh.
An caor dá leagadh nó an galar dá mhuchadh fé!

Is ar ór ná ar airgead ní scarfainn go brách lem’ fife!
An lá, faid a mhairfead-sa, malairt ab’fhearr ní bhfaighinn!
Gach oíche dá dtagann ní mhothóchainn go lá dá seinnt;
Tá ceol am’mhaide-se chasfadh dom’ hornpipe.

Tá ceol am’ mhaide do shroisfeadh an gleann go léir;
Le gach oíche dá dtagann ní mhothóchainn a’ siúl duibhré;
Ba ghile ar a’ lathaig í a’ taitneamh ná lonnradh ón ngréin;
Is gach tiúin dá gcasann do scaipeadh mo bhrón go léir

Níl drúcht ar thalamh ná gainimh do thráigh ar scéal,
Ach mallacht na sagart ar ‘anam i láthair Dé,
Go ndubhaidh air scamaill ‘á stracadh idir dheamhnaibh aeir,
A shúile go leathaidh is nár fhanaidh aon mheabhair ‘na phlaosc!

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s