Amhrán Pead Buí

Pead Buí Ó Loingsigh

File ab ea Pead Buí Ó Loingsigh a rugadh ar Ghort na Tiobratan i mBaile Mhúirne. D’aistrigh a mhuintir thar teorainn go Cill Gharbháin agus is ansan a chaith sé formhór a shaoil. Thosnaigh sé ag cumadh filíochta agus é an-óg. Sár cheoltóir dob ea é agus sheinneadh sé an fheadóg mhór agus na píopaí uillinn. Ina theannta san, deirtear go raibh cumas ann chun daoine agus ainmhithe a leigheas lena ordóig – tinneas fiacaile agus a lán gearánta. Fear mór óil a bhí ann agus deirtí go mb’fhearr leis a taoscán dí na airgead a fháíl mar chúiteamh ar a shaothar. Ní nách ionad, tharraing san drochmheas ón gcléir air agus bhídísde shíor ag iarraidh é a chur ar bhóthar a leasa. Ní gá a rá nár réitigh so go maith le Pead, agus cuireann sé síos san amhrán so a thuairmí i dtaobh na cléire, idir shagairt agus bráithre, fiú go Pápa na Róimhe.

Chum Pead Buí roinnt eile amhrán atá ar eolas go forleathan, ina measc An Cailín Aerach agus Trucail Pheige Bhreátha. Leagan den amhrán a tháinig ó Bess Cronin atá anso.

Foinse: Bruach na Carraige Báine (dlúthdhiosca d’amhráin Dhiarmuidín CIC)

Níl mo shláinte ar fónamh ó scaras leis an ól so,
Ach casachtach agus ceo agus achrann mór im’ chroí.
‘S gurb é deirid na mnáibh óga  gur chúngaigh suas mo scórnaigh,
Is ná seinnfinn port ná ceol dóibh go rinncfidís dom ríl.
Ach éirigh-se go ró-mhoch, is cuir-se dhíot do bhóthar,
Is ná h-inis cuid ded ghnó dá maireann beo ded’ bhuíon.
Beidh an corc sa tiarsa romhat ann, na gloiní líonta ar bord ann,
Is dá gcuirfí fút a’ córda go gcaithfeá briseadh tríd.

Agus cuirse uait na feánna gus éirigh go dtí an bráthair,
Tógfaidh sé ar láimh thú is stopfaidh sé thú ar ól.
Tabharfaidh sé dhuit c’ráiste chun scarúint leis an áirseoir,
Mar is minic leat é páirteach nó in éineacht leat sa ród.
Tán tú anois id stráille, níl ór agat ná pláta,
Níl bean agat ná páiste ach do phíopaí lán de cheo,
Agus tiocfaidh an bás ort i lúib a’ chlaí nó i mbearnain,
Is beidh t’anam-sa go bráth in Ifreann dá dhó.

Tá mo chroí chomh dubh le h-airne nó le gual a buailfí i gceártain,
Ó d’airíos iad á rá go raibh Ifreann im’ chóir.
An sagart is an bráthair, an t-Easpag is an Pápa,
Ní thógfaidís mo pháirt muna stopfainn-se den ól.
Ach an landlady b’í a chráigh mé nuair a thug sí ‘n leabhar im’ láthair
Go n-ólfainn féin a sláinte ‘s go suífinn síos go fóill.
D’fhanas ar a’ stáid sin go maidin lá ‘r na mháireach,
Is mo mheidilí ‘s mo chártaí d’fhágas fén mbord.

Stadfad feasta ’em dhántaibh, ní mian liom a thuilleadh a rá acu
Ach go bhfuil Clanna Gael gan fálthas ‘s gurb amhail bheidh go fóill.
Táid amuigh fé’n mbáistigh ag grafadh ‘gus a’ tárlamh,
Is sagairt agus bráithre reamhar – choirp ag feoil.
Dá n-oirfeadh ola an bháis duit, ní chuirfí é ort láithreach,
Gan airgead nó pláta nó braonacha le n-ól.
Ifreann ‘tá lán díobh ‘dir shagairt agus bráithre,
Is lucht meidlí ‘gus cártaí go h-ard os a gcomhair.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s