An t-Aingeal

-le Séamas Ó Céilleachair

D’airíos glór im chroí ‘stigh
Cogar aoibh ó aingeal
“Fan-se ag leanúint Íosa
Led ré i slí na manach.

“Seachain an neanntóg san
Ná bac a chnóite seasca
Aire dhuit an dtógfá
A áirnéis d’ór an aitinn.

“Ná géill do phort a ráite
Ní héin i láimh a rachmas,
Ach faoileáin ghlé do-fhálta
Id bhréagadh ghlé do-fhálta
Id bhréagadh ar sáile i t’aice.

“Ná téir fé dhíon a áitreibh
As raon na ngrása marthan,
Tá eochair óir chun párthais
Anso i ngnás na manach.

“Ó théada boga a chláirsighe
Ná cluin a nótaí baotha,
Cáith in áit an ghráinne,
Is gealach áit na gréine.

“Púca-poill ag dúbhachtaint.
Siad muisiriúin a ghaorthaí
Gach áis ar bhuaile a chúirte
Níl iontu súd ach péatar.

“I dtorann muilinn scanaill
Is dúr an muilteoir bodhartha,
Bíonn glórtha eile ag spreagadh
Ach ní airíonn sé a bhfoghartha.

“Breathnaigh romhat go stuama
Ar inneall bhuana an éaga,
Is breithiúntas ar shluaite
Ag Críost ar stuaigh an tsléibhe.

“Is iomdha gluigín gleo bocht
Dár chas an domhan púicín air
A chuaigh le faill an tsóchais
Chun suathain-scóladh teinte.”

Freagra