Naomh Fionnbarra agus Gúgán Barra

Thosnaigh Naomh Barra ag Tobar na Naomh i nGleann Fleisce (i gCiarraí). Is é mo thuairim gur ó Thiobraid Árann a tháinig sé ar dtúis. Níl Tobar na Naomh ach tamaillín beag isteach ón mbóthar i nGleann Fleisce. Drom a’ Bhráca a tugtar ar an mbaile, agus le Pádraig Ó Donnchú an talamh go bhfuil an tobar ann. Tá turas gairid ann, agus téann daoine ann an t-ochtú lá de Bhealtaine, is dóigh liom.

Tobar beag is ea é, ach tá an t-uisce go maith ann. Tá sé ar bun cnoic. Ní raibh tigh ná séipéal ann. Gheofá an turas mór-dtimpeall agus tá sé ag teacht chun cúinne thiar, agus tá i bhfoirm bínse san áit go siúlófa. Nuair a bheadh an aimsir fliuch bheadh uisce ann. Tá an bínse, mar a déarfá, dhá thoigh os cionn tailimh.

Ach d’fhág Naomh Barra Tobar na Naomh agus tháinig sé go dtí an Gúgán. Bhuail sé aníos go Faill Uí Iarlaithe (idir Gleann Fleisce agus Cill Gharbháin). Tá an cosán inniu ann. Tháinig sé go dtí na hÍnsíbh agus aníos Gort Leathárd agus Cúm na Méin agus Cnoc an Utha (iad so uile i bparóiste Chill Gharbháin), agus anuas isteach go dtí an Eisc Bhuí (ar cliathán an chnoic i mbaile fearainn Ros a’ Locha agus ar aghaidh an Ghúgáin anonn).

Dá mbeifeá ag cúinne oileáin an Ghúgáin tá leacacha ag gabháil isteach ann. Bhí na leacacha ag teacht isteach go dtí an t-oileán. Mar sin a tháinig Naomh Barra go dtí an t-oileán; agus dhearmad sé a spéaclaí thiar ag Tobar na Naomh. Tá a rian anuas ar lic an tobair ansan fós. Ach dúirt sé gur dhearmad sé a spéaclaí, agus chuaigh an focal ó dhuine go duine thar n-ais. Níor chorraigh éinne acu cos, agus tháinig na spéaclaíó láimh go láimh ó Thobar na Naomh go dtí an Ghúgán. Nár mhór an obair é sin? B’shin iad lucht leanúna Naomh Barra, is dócha, a bhí ina dhiaidh. Ach dhein sé an Gúgán, ansan, agus bhí sé ina chónaí ann ar feadh trí blian.

Bhí bádóir ag Naomh Barra gurbh ainm dó Loinín. Uaidh sin do baisteadh an Laoi, agus neofadsa dhuit conas. Bhí sé ag tabhairt mála móna isteach go dtí an t-oileán, ar an dtaobh thiar den loch. D’iompaíodh é féin agus an bád, agus caitheadh amach san uisce é. Bhí piast sa loch. Thóg sí é agus shloig sí é.

Chonaic daoine éigin é. Chuireadar suas liú go raibh Loinín báite. Ritheadar agus fuaireadar spéiclí agus chuadar ag cuardach. Chuireadar an phiast san abhainn soir. Chuiridís na spéicí isteach agus amach. Deireadh duine: ‘Tá sé ina luí ansan!’ agus mar sin. Chuadar síos go hEasach Loinín (in abhainn na Laoi, i mbaile fearainn Ghaorthaidh na Péice). Bhí easach ansan, agus thit an phiast síos san easach. Chaith sí amach Loinín nuair a thit sí, agus bhí sé lom slán, agus mhair sé ar feadh i bhfad ina dhiaidh san. Ach deiridís: ‘Tá sé ina luí anso’ agus ‘Tá sé ina luí ansan,’ agus uaidh sin a baisteadh an Laoi ar an abhainn.

Nuair a imigh Naomh Barra as an áit ina dhiaidh san rug sé Loinín leis. Bhí sé mar bhuachaill aige.

    *     *     *     *

Bhí an Gúgán líonta de chrannaibh suas go Cúm Rua an uair sin, agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ní fheadar cé a thug Gúgán mar ainm air, ach Doirín na Coise is ainm don bhaile sin le ceart. Agus Doirín Dona Aidh is ea Céim an Fhia le ceart. Ní thugann éinne Céim an Fhia air, agus an Gúgán a thugann gach éinne ar Doirín na Coise. Níl aon chrann ann anois gur fiú trácht air. D’airíos daoine á rá gurb é brí atá leis an nGúgán ná áit a bheadh dúnta isteach le carraigreacha agus gan ach aon slí amháin ag dul isteach ann. B’fhéidir gurb shin é an rud ceart mar sin é an chuma go bhfuil sé díreach.

D’airíos daoine eile á rá, ansan, ná raibh aon slí isteach go dtí an t-oileán go dtáinig Naomh Barra ann ar dtúis. Diertear gurbh é Naomh Barra a dhein an bóthar isteach ann. B’fhéidir go bhfuil an ceart ansan, leis, amr éinne a sheasódh ann agus a fhéachfadh ar an áit déarfadh sé gur deineadh an bóthar ann; ach ní raibh ach cúpla slat den uisce le líonadh isteach. B’fhurasta an bóthar a dhéanamh.

Agus deirtear, leis, ná raibh an t-uisce ag teacht amach as an loch go dtí san. Tháinig Naomh Barra agus an slua a bhí á leanúint agus chuadar ag déanamh an bhóthair. Is dócha go raibh socair ag Naomh Barra an uair sin go bhfanfadh sé ann. Ach bhí Loinín – duine de lucht leanúna Naomh Barra – agus thit sé isteach sa loch. Bhí piast ann, agus shloig sé Loinín. Dhíbir Naomh Barra an phiast amach as an loch. Thug sé aghaidh soir, agus lean an slua í. Bhí bóthar nó cosán á ghearradh tríd an dtalamh aici agus í a d’iarraidh dul uathu. Chuadar go barra Ghaorthaidh na Péice, agus lean an t-uisce an phiast nuair a bhí an cosán gearrtha aici. Agus nuair a fhéachfá ar chúrsa na habhann ag imeacht soir níl aon ní chomh cam leis. Tá carraig mhór san áit sin, agus thit an phiast den charraig agus chaith sí Loinín amach slán folláin ar an dtalamh. Thit an t-uisce síos ansan, agus sin é Easach Loinín.

Is dócha ná fuil an méid sin fíor in aon chor, ach bhí sé ráite gur leanadar an phiast síos go Cóbh Chorcaí gur chuir Naomh Barra amach sa bhfarraige í.

    *     *     *     *

Is dócha gur ó Chorcaigh a chuaigh Naomh Barra nuair a fhág sé an Gúgán. Tá cathair Chorcaí ina dhá leath – thoir agus thiar, ó Dhroichead Phádraig. Deineann an abha an chathair a dheighilt ansan. Ní eaibh ann ach saghas toinn fadó.

Is é an slí a tháinig sé chun a ainm a fháil: Bhí fear ann, agus Corc Ó Doinn ab ainm dó. Dhein sé cuid den chathair – an leath thoir. Bhí dream eile thiar, agus d’éirigh deifir idir é agus an mhuintir thiar. Bhíodar san chun stop a chur leis, agus bhíodh na druidí ann. Amach timpeall na Samhna ab ea é. Chuaigh na druidí le Corc Ó Doinn, ag troid ina theannta, mar bhí an áit go maith dhóibh. Chuir sé fios ar Naomh Barra, agus sin é an rud a rug Naomh Barra go Corcaigh – chun an scéal a shocrú eatarthu. Ach i ndiaidh Corc Ó Doinn a glaodh an ainm ar Chorcaigh.

Bhí sé ráite, ansan, gurbh é an chúis gur dhein Naomh Barra an stáitse ar an Ínse Móir (baile fearainn atá tuairim leathmhíle lastoir de Chéim an FHia) – féach an bhfeicfeadh sé Corcaigh ó áit sin. In áirde ar leaca atá sé, ach ní fheicfeá Corcaigh uaidh.

Tugtar Cloch Bharrach nó Cloch Bharra ar barra na hÍnse Móire. Tá leacacha os cionn a chéile ann agus saghas pluaise féna mbun. I gclós Mhaidhc Uí Cheallacháin atá sé – díreach ar an dtaobh amuigh den doras. Tigh trucaileach is ea é ag Maidhc. Deirtear gurbh é Naomh Barra a dhein é sin. Tá na comharthaí ann, ar aon chuma. Níor airíos riamh cad é an gnó a bhí aige den áit sin.

Bheadh Cloch Bharrach timpeall míle go leith soir ó dheas ón nGúgán, mar a gheobhadh an préachán. Bheadh sé níos mó ná san ar an mbóthar.

D’airíos nár thug Naomh Barra ach trí bliana sa Ghúgán. Mhair sé istigh san oileán. Is dócha go raibh tigh de shórt éigin aige ann, ach níl aon tuairisc air anois.

Tá crois ina seasamh istigh idir na ceallanna, nó na háirsí, agus tá déantús tuama fé bhun na croise. Ansan a bhí cill Naomh Barra. Níl ann anois ach mar a bheadh turtóg nó ardán beag. Déarfainn go raibh tuama ansan. Tá an t-Athair Ó Muirthuile curtha ar an dtaobh thuaidh de sin. Nuair a bhí na Fir Bolganta in Éirinn fadó dheinidís na huaigheanna ana-mhór agus gach aon duine a gheobhadh bás is ansan a chuirfí iad i dteannta a chéile. Déantús ceann acu san atá istigh mar a bhfuil an chrois ina seasamh,

Chun paidreoireachta istigh iontu a deineadh na háirsí. Is minic a bheadh an lá fliuch nuair a bheadh an turas á thabhairt. Ocht gcinn acu atá istigh san oileán, agus tá ceann eile acu amuigh ar thaibh an bhóthair mar a bhfuil tuama an Athar Ó Mathúna.

Ní fheadar cad as a dtáinig an tAthair Ó Mathúna, ach ní raibh sé ina shagart paróiste anso. Bhí tigh beag aige ar an oileán agus chónaigh sé ann gur cailleadh é. Bhí sé ann nuair a tháinig saighdiúirí Chromail go hÉireann. Bhíodar ar a thóir agus chuadar isteach san oileán. Bhí sé istigh agus theip orthu é a fháil. Ní fheadar conas a mhair sé ann; níor airíos go raibh éinne in éineacht leis. B’fhéidir gurbh é a dhein an seana-shéipéal a bhí ar an oileán. Tá sé curtha mar a bhfuil an chéad áirse amuigh ar thaobh an bhóthair. An tAthair Ó Muirthuile a shocraigh an tuama ansan, agus chuir sé geata iarainn ar an dtaobh amuigh dhe.

Nuair a bhí an chéad aifreann árd ann sin é an uair a cuireadh suas Stáitsí na Croise istigh san oileán. Ar an naoú lá fichead den Mheán Fhómhair a bhí an chéad aifreann árd ann, agus tá san ceithre bliana déag agus daichead ó sin, an tarna mí d’fhómhar so ghabh thart. D’fhéadfá Stáitsí na Croise a dhéanamh ann, ach níl aon bhaint acu leis an dturas. Ní rabhadar ann go dtí san.

Bhí an tAthair Ó Muirthuile ina shagart paróiste anso an uair sin, agus sin é a chuir suas Stáitsí na Croise. B’é sin fé ndeara an taifreann árd a bheith ann, leis. Dhein sé an séipéal nua; bhí sé déanta aige an uair sin. I gcathair Chorcaí a rugadh agus a tóadh é, agus thug sé os cionn fiche blian ina shagart paróiste anso. Bhí sé chun mainistir a dhéanamh i gCarraig a’ Droichid. Tá an áit sin taobh thiar den Ghúgán. Bhailigh sé airgead an tséipéil ins gach aon bhall; níor chuir sé aon chuid de ar an bparóiste. Tháinig cuid den airgead ó Mheiriceá. Bhí cuid de mhuintir na háite seo leis agus bhí cuid acu ina choinnibh; ach mura mbeadh an tAthair Ó Muirthuile is dócha ná beadh aon aifreann á rá ann, agus ní bheadh aon séipéal ann. Bhí meas mór aige ar an nGúgán agus ar an dturas. Tá sé curtha istigh in aice Chrois naomh Barra – díreachar an dtaobh thuaidh de.

Tosnóir an turas ag tuama an Athar Ó Mathúna amuigh. Déarfair cúig ‘Ár nAthair’ agus cúig ‘Go mBeannaíthear Duit’ agu cúig ‘Glóire ansan. Raghair isteach san oileán, ansan, agus suas go dtí an chrois. Déarfair an méid céanna des na paidreacha ansan. Raghair go dtí an chéad áirse, ansan – an ceann atá ar do láimh chlé nuair a gheobhair an doras isteach. Déarfair na paidreacha a dhúbailt ag an tarna háirse – deich ‘Ár nAthair’, deich ‘Go mBeannaíthear Duit’ agus deich ‘Glóire’ rá – agus fé mar a raghair ó cheann go ceann des na háirsí caithfir ardú cúig phaidreacha ar gach aon cheann acu. Nuair a raghair go dtí an t-ochtú ceann déarfair daichead de ‘Ár nAthair’, daichead ‘Go mBeannaíthear Duit’ agus daichead ‘Glóire’. Caithfir dul mar a raibh an tseana-altóir sa seana-shéipéal, ansan. Féadfair pé méid paidreacha is maith leat a rá ansan; níl aon phaidreacha speisialta ag baint leis.

Nuair a gheobhair amach, ansan, nífir tú féin sa tobar ag an ngeata. Déarfair paidreacha ansan, leis – pé méid is maith leat.

Ansan raghair go dtí an Slánán. Sin sruthán uisce atá ar thaobh an bhóthair amuigh; níl sé istigh san oileán. Ólfair braon den uisce sin sin, mar sin é an t-uisce ceart. Ní ceart an t-uisce eile a ól in aon chor, ach tú féin a ní ann. Déarfair cúig ‘Ár nAthair’, cúig ‘Go mBeannaíthear Duit’ agus cúig ‘Glóire’ ag an Slánán. Ólfair braon den uisce ansan, agus cuireann san deireadh leis an dturas.

Déarfainn gurb é turas an Ghúgáin an turas is sia ar domhan. Tá seó paidreacha á leanúint.

Ní théann uisce an tSlánáin i ndísc in aon chor. Fíoruisce ceart is ea é. Éiríonn sé tamall suas an cnoc. Deirtear gurb é sin an t-uisce a bhí á úsáid ag Naomh Barra an fhaid a bhí sé ann agus burb shin é cúis gur glaodh an Slánán air. Ní théann uisce an tobair i ndísc ach chomh beag. Is minic a bhíonn sé ana-íseal sa tsamhradh, agus nuair a thiteann an bháisteach arís bíonn sé suas go barra. Ní fhaca riamh i ndísc é. Ní úsáidtear uisce an tSlánáin ach i gcomhair an duine; uisce breá le hól isea é. Is minic a chonac-sa uisce an tSlánáin ag dul ag triall ar dhaoinibh ó chontaetha síos. Dá mbeadh éinne acu breoite chuirfeadh sé fios ar an uisce, agus is minic a leigheas sé iad.

Dá mbeadh duine breoite gheallfadh sé Turas an Ghúgáin. Dá bhfaigheadh sé a shláinte thiocfadh sé anso agus thabharfadh sé an turas. Deineann éacht daoine é sin. Ansan, dá mbeadh aon ní ag tabhairt ar dhuine – dá mbeadh aon bhriseadh amach ina chraiceann nó aon rud den tsórt san – nífeadh sé é féin in uisce an tobair ag an ngeata, agus b’fhéidir go ndéanfadh sé tairbhe dhó.

Sa tseana-shaol bhí ana-ainm ar an dturas, agus bhí mórán maidí croise ann. Leigheasadh seó daoine ann, agus d’fhágadar na maidí croise ina ndiaidh. Ní fheicfeá aon ní mar sin anois ann, ach bíonn siad buíoch den turas. Bhídís á insint dom, a lán acu a tháinig ann, agus deiridís go dtiocfaidís ann arís.

Ta comharthaí mar a raibh an seana-shéipéal. Gach aon duine a théann ag paidreoireacht ann – nó a lán acu, ar aon chuma – fágann siad comharthaí éigin ina ndiaidh – ceirt, nó match, nó cnaipe, nó rud éigin, fiú amháin an t-airgead; d’fhágaidís pinginí agus leathphinginí ann. Tá leac na háltóra fós ann. Anuas air sin a fágtar na rudaí seo. Ar an dtaobh thuaidh den séipéal nua a bhí an seana-shéipéal. Níl fágtha dhe sin anois ach an leac. Tá áirse dorais ar an dtaobh thoir de, mar a raibh tigh ag an Athair Ó Mathúna. Níl aon rian eile ann.

Ní fheadarsa cathain a thosnaigh daoine ar bheith ag teacht ann ar dtúis, agus d’airínn seandaoine á rá gur rugadh páiste in aice Faill a’ Daimh, idir Ros a’ Locha agus Cúm Rua. Bhí seacht srón ar an leanbh. Thagadh sé go dtí an Ghúgán gach aon bhliain. Thugadh sé an turas ann, nó thugadh duine éigin dá mhuintir é, b’fhéidir. Ach thiteadh srón de gach bliain. Tháinig sé go ceann sé mblian. Níor tháinig sé an seachtú bliain ar eagla ná beadh aon srón air.

Agus bhí cailín i gCéim an Fhia fadó, agus bhí sí as a meabhair. Tháinig sí go dtí an Gúgán agus chuaigh sí isteach sa tséipéal – an séipéal nua. Ar an dtaobh thiar den altóir a chuaigh sí. Bhí fear ag tabhairt aire don áit. Dhún sé an doras um thráthnóna agus chuir sé an glas air; ní raibh a fhios aige go raibh éinne istigh. Tháinig a muintir agus bhíodar ag cuardach di. Fuaireadar istigh sa tséipéal í. Rugadar leo abhaile í. Bhíodh daoine á rá gur mhór an trua nár fhágadar ann í – go leigheasfaí í.

Bhíodh bean ag tabhairt turas sa Ghúgán ar a pá. Chuireadh sí buidéal uisce ag triall ar dhaoinibh go minic, agus bhíodh sé ráite go leigheasadh sé iad; ach aon rud go gcuirfeadh duine dúil ann nuair a bheadh sé breoite agus go bhfaigheadh sé é dhéanfadh sé maitheas dó.

Thabharfá scilling dí sin agus thabharfadh sí an turas. Tá suas le seacht mbliana déag ó cuireadh an bhean san. Is minic a chuir sí cuidéal uisce ag triall ar dhaoinibh i Luimneach agus i dTiobraid Árann. Eibhlín de Búrc ab ainm di – ó Thiobraid Árann. Sa Ghúgán a cuireadh í. Théadh sí go Baile Mhúirne Domhnach Cincíse agus bhíodh sí ag tabhairt na dturas ansan, agus théadh sí go Cathair Chrobh Dhearg sa Ráth Mhóir (i gCo. Chiarraí). Tar éis na Cincíse thagadh sí anso agus d’fhanadh sí ann go dtí tosach na Samhna.
Níl éinne ag tabhairt na dturas ann anois. Tháinig seana-bhean eile – bean Uí Néill – ach dhíbir an sagart paróiste  í.

Freagra