Sa Choláiste

le Séamas Ó Céilleachair

Chónaigh Críost ansiúd linn
Ár stiuriú ar na baolaibh,
D’éag an lá go hionraic,
Is dhúisigh sé go naofa.

Ar bhán ár n-anam nóg-bhog
Dhein fir an Choimhde saothar,
Is do gheal an mhaidean ghleoite
I solas cheol a mbréithre.

D’oscail cómhla ár gcrói-ne
Do ghaethe gaoise léanta,
Is bhí meidhir na gréine ag rince
Ar ghloine chroí gach n-aon dínn.

Bhí salm abhann taobh linn,
Bhí iomann éin ar chrannaibh,
Bhí seanamóin i ngaothaibh,
Bhí aitheanta ag an dtalamh.

I dtaitneamh gréine ar bhántaibh
Chonac bronnadh ghrásta an Athar,
Bhí Crois an Chéasta i bhfálaibh
Bhí a dtrátha ag na scamaill.

Bhí crainn na coille fabhraí
Ag adhradh Dé mar phobal,
Le cloig chanóin an tSamhraidh
Do chonac a gceann ag cromadh.

Chonac sreatha réalta bídeach
Mar phaidiríní spéire,
Is in oilithreacht na hoíche
Bhí an ré ag guí ‘na haonar.

Bhí clúmh-liath uagha ag téarnamh
Ar ghaire shúil na beatha,
Bhí meirg ar a pléisiúr,
Is caonach ar a haiteas.

Mar eitealán na spéire
Ag trial trí néalta as amharc
Do chonac an domhan in aonacht
Ag dul go tréan ar neamh-ní.

Freagra