Mo Thrá sa Saol

le John Joe de Búrca

Nach geal mo intinn lá breá gréine
Ag siúl cois Fothrais, na gort tré féar
As an áit sin gur chas dom spéirbhean
Le folt dubh saitin chomh bog le ceo.

A óigbhean álainn mo ghrá go daingean chugat
A sciob mo chroí is m’intinn féin
Go deireadh an domhain, beidh tú im’ smaointe
Mar thaibhse úfáis gan cheannas mo chroí.

Máire Ní Thuama na súil’ domhain donna
Ag las mo intinn mar sholas Dé
Na bláth’ sa cheantar níl aon chomórtas
Le scáth do áilleacht aon áit sa saol.

B’fhada an lá gur thug mé grá dhuit
B’fhada an lá é go lá mo bháis
Go deireadh an saol dom a mhúirnín gleoite
Is ar mo chráitheach, táim ort ag cuimhneamh.

Tar éis bás an cheoil is lag an rince
A’ dhúiltiú mise is mé i bpéin chrua
Is do shiúil mé an saol le fearg fiachmhar
Is mallacht orm go bhfaca mé thú.

Scór bliain im’ aigne bláth ná bhláth dheas
Mo mheabhair i ngealt le ceol an ghrá
Ach do lucht na sagart mé i do cheann-se
Agus d’fhág mé sínte ar thrá an t-saoil.

A Mháiréad bhinn, bead ag smaoineamh ort-sa
Go brisfear an domhan ar rothaí an tsaoil
Och! crá mo chléibh dom a stóirín mo chroí
Ba mhaith liom a bheith léi lena taoibh im’ luí.

Tá mo chroí chomh folamh le Carraig a’ Staighre
Is meoin atá thuas le carnán cnámha
Cé lucht mé duit-se a mhúirnín meanabhán
Och! tá mé cráite le gorta croí.

Ach ba mhaith liom smaoineamh ar ghleo an tsamhaidh
Ar thug mé grá duit fadó fadó
Fós tá an tine ag lasadh fiachmhar
Beidh grá agam duit-se go ceol an bhás mhóir.

Freagra