Marbhú An Fhir Nár Rugadh Riamh

Stair Sheáin Uí Chróinín ar Chath Chéim an Fhia, Máire Bhuí Ní Laoghaire agus an Fear nár Rugadh Riamh. (Irisleabhar ‘Béaloideas’ 1964)

Focail an amhráin anseo

‘Buailfear cath i gCéim an Fhia,
Ina marófar fear nár rugadh riamh.’
Sin blúire tarraingreachta do bhí ag gluaiseacht idir na daoine sa treo so sara dtáinig Máire Bhuí Ní Laoghaire ar an saol. Rud do thuisceanta ab ea é gan amhras, agus is docha go mbíodh daoine dá rá ná raibh puinn brí leis, ach is maith an t-údar an aimsir.
Tá sé tabhartha síos ag údar maith Gaeilge gur bh’é an t-aonú lá fichead de mhí an Mhárta, sa bhliain 1822, a buaileadh Cath Chéim an Fhia. Is oth liom a rá go gcaithfead gabháil ‘na choinnibh, mar tá cúntas ‘oifigiúil’ na Sasanach mar mharc leis gur bh’é an t-aonú lá fichead de mhí Eanair a buaileadh an cath, agus b’anamh dóibh ná beidís cruinn.

Beannacht Dé le hanam Mháire Bhuí! Murar choinnibh an bhean mhánla úd cuntas ar an ndait níl aon bhaol ná gur choinnibh sí cúntas ar an mbruín mhóir agus ar gach pointe den anaithe a ghabh muintir Uíbh Laoghaire um an am. Nach í a chuireadh an fhuil uasal ag gluaiseacht i n-uachtar an uchta aca lena cuid filíochta?

Ach is dóichí gur mhór an ionadh a rá go mbuailfí cath i n-aon áit chomh hiargúltha leis an gcéim úd mar a dtéadh an fia san oiche ‘chun síor-chodladh soghail.’ Dar ndóin, ní chreidfá ó Mhac Amhlaoibh féin é. Ach tháinig an lá san féin, agus sin é mo scéal: scéal ná fuil puinn solais le fáil air i leabhraibh, agus dá mb’é amhrán an chatha féin é is trua mar a cuireadh as a riocht é idir cheol is focail.

Maidean lae an chatha, do ráinig go raibh stáisiún ag an sagart paróiste i ngiorracht míle do Chéim an Fhia. Ní raibh puinn daoine i dtigh an stáisiúin i gcóir an Aifrinn. Tuigeadh dóibh. Do bhí cúram neamh-choitianta ortha, mo ghraidhin iad. Do bhí an Rifle Brigade ag teacht aniar o Bheanntraí, agus bhíothas ag ullmhú rompa. Do bhi fear ar a ghlúinibh le hais an tsagairt chun faoistine nuair a séideadh an adharc i n-áit éigin lasmuigh. B’shin í an ghairm, agus aon Bhuachaill Bán go raibh an leabhar air chaithfeadh sé gluaiseacht fé dhéin an Chéama. ‘Tá an leabhar orm, a Athair,’ arsan fear. ‘Caithfead bheith amuigh!’ Níor dhein an sagart ach é bheannachadh agus é scaoileach uaidh. Dúirt se an tAifreann ansan do pé pobal beag a bhí aige, agus um an am san do bhí an scéal ‘na chogadh dhearg thall sa chéim. Do ghluais na ráflaí go raibh fir á leagadh go tiubh agus gur bh’iad na Gaeil a bhí ar lár, agus do dhírigh an gol i dtigh an stárisiúin.

Níor thug an sagart aon tseanmóin uaidh. Bhí an fear céana go fuil leis na Buachailli Bána, agus do chorraigh an cás go mór é.
‘A dhaoine, ná bíodh mairg ná gruaim oraibh!’ arsan sagart. ‘Tógaidh suas úr gcaráiste! B’fhéidir go bhfuil duine nó beirt marbh – ach ní marófar a thuille d’ár muintir inniu.’
Do bhí beirt acu marbh um an am san: Amhlaoibh Ó Loingsigh agus Fionnbarra Ó Laoghaire, agus tháinig caint an tsagairt chun bheith fíor: nior marbhaíodh aon Éireannach eile acu an lá san.

Nuair a seideadh an adharc úd ar na hárdaibh do bhí fear des na comhairsain ag casadh na mbó, agus maide maith droighin ‘na láimh aige. Bhí sé ráite go raibh sé go comhachtach ar an maide i láthair bruíne, ach do bhí lagachar radhairc ann. Liam Ó Rinn ab ainm do. As go brách leis fé dhéin an chatha agus gan d’arm aige ach an maide droighin! An fear bocht! ar ndóin, do bhí sé gan chiall. Nior bh’aon lá chun maidí é.

Do thainig beirt no triúr des na hamhais ghallda air, agus níor sheasaimh sé neomat eatortha. Do ghabhadar é agus do bheireadar leo e, agus pé áit gur ghabhadar leis ní fhacathas beo ná marbh é riamh ó shin.

Bhí seana-bhean de mháthair aige, agus do chaoin sí go fliuch
deorach é. Sa chaointeoireacht di deireadh sí:
‘Níl saighdiúir dubh ná dearg,
Sasanach buí lna smeartha,
Dá bhfaghfá claíomh nó bata,
Agus cead do ghéag a tharrac,
Ná go ndéanfaí féin do threascairt!’
Ní móide go bhfuair sé cead a ghéag a tharrac.
Ar thaobh na n-amhas ngallda níor marbhaíodh ach éinne amháin: John Smith, 39th Reg., Rifle Brigade. Do cuireadh i reilig na paróiste é, mar a bhfuil leac lena cheann. Tá scéal mór ar chúrsaí an té a mhairbh Smith-ach scaoilimís leis sin go fóill.
Go luath tar éis an chatha do gabhadh beirt mhac le Máire Bhuí go raibh baint acu leis agus beireadh síos go dtí an príosún i gCorcaigh iad. Bhíodar gaibhnithe ó lá go Iá agus ó sheachtain go seachtain agus ó mhí go mí, ach níor bh’fhéidir éinne a fháil a sceithfeadh ortha. Bé Dónall Ó Conaill Dhoire Fhionáin do thug saor amach iad i gcionn bliana.
Théadh an mháthair bhocht á bhfeiscint, anois is arís, an fhaid a bhíodar ag feitheamh ar a dtriail, agus níor bh’fheidir a chur ‘na luí uirthi ná gur bh’í an chroch a gheobhaidís. Cé chasfí uirthi i gCorcaigh, lá des na laetheanta, ach Donnchadh Bán Ó Loinsigh, file a chuireadh deantús dá chuid féin chúichi, uaireanta.
‘A Mháire,’ arsa Donnchadh, ‘ólfair tréit.’
D’fhreagair Máire go hiarghnóch é lena rá:
‘Tá mo chroí dá shlad mar a shnoífí an gad,
Is ní fhéadfainn ól aon tréit
Mar tá buíon mo scart fé luí na nglas,
Is a gcúis gan stad le ple.’
Criochnaím an chuid seo dem’ stair mar a thosnaíos: is é sin leis an bhfear úd nár rugadh riamh. Níor rugadh riamh é, ach do marbhaíodh i gCath Chéim an Fhia é, agus b’shin é Fionnbarra Ó Laoghaire.
Tar éis an chatha ab ea tháinig sé chun tuisceana dos na comharsain go raibh an tarraingreacht cruinn ar an marc, mar nuair a bhí Fionnbarra ag teacht ar an saol do theip é thabhairt chun baile ar an nós nádúrtha. Dá fhaid ó shin é do bhí seift air an uair sin féin agus tugadh chun baile é mar a thabharfí inniu ina leithéid de chas.
Is uime sin ab fhéidir a rá nár rugadh riamh é, pé cuma go raibh a fhios san agus tuille ‘na theannta ag duine éigin a bhí marbh leis na cianta blian.
(Irish Independent, 13.VI.1963).

One thought on “Marbhú An Fhir Nár Rugadh Riamh”

Freagra