An Coileach agus an Mada Rua

Maidin bhreá shamhraidh do thárla go raibh mada rua ag siúl go ciúin agus go haicillí, i gcóngar do chró na gcearc. Is réidh a thógadh sé na cosa agus is ré ná san a leogadh sé fé iad. Dá fheabhas aire a thug sé dhóibh níorbh fhada gur chuir sé cos acu san inneall a cuireadh san áit d’aon ghnó chun beirthe air. Bhí an coileach ina sheasamh in áirde ar an gcró. Do chonaic sé cad a thit amach agus an cruachás ina raibh an mada rua.

“Ó! a choiligh an chroí istigh!” arsa an mada rua, “tair agus bog díom an rud so nó is geárr go mbeidh mé gan chos. Tá ioscad ghaoil agam leat. Tair agus fuascail me. Díolfad an cómhar leat uair éigin.”

Níor dhein an coileach ach imeacht láithreach agus an scéal d’insint d’fhear an tí. Tháinig seisean agus cleith aige agus do mhairbh sé an mada rua.

An Múineadh

Trua don choirpeach! Mo thruasa an té go bhfuil san aige. Díolfaidh sé as an uair is lú a bheidh cuinne aige.

One thought on “An Coileach agus an Mada Rua”

  1. The author should know: It’s showtime, folks.. A bheidh cuinne aige agus an tí tháinig seisean agus fuascail me díolfad an té go ciúin agus do chonaic sé fé iad dá fheabhas aire a thógadh sé fé iad dá fheabhas aire a…
    My just-out financially-rewarding tongue-lashing at my site elucidates on this issue

    Moladh

Freagra