le Betsy Ní Shuibhne
A Phádraig chaoin mo bhrón gur imís
A Uasail shéimh doirtim duit brón is sílim deora tuíocha
Do thaisce leabhar is an stór filíochta
A choinneoid do bheatha go deo ‘nár gcuimhne
Slán go deo leat ó Chúirt na Dáimhe
Bhís mar choinneal órdha ar bhord na saoithe
Do mhanar sheol i Múscraí Má Fhloinn
Do dhoirt le deon dúinn na seoda áilne
Tréine do chreidimh do ghaoluinne agus d’inntealacht
A thuill duit an t-omós agus an onóir ab aired
“An Sagart” “Iris Má Nuad” agus an “Bíobla” ró-álainn
Od’ pheann thagadh leabhar beagnach gach lá uait
Suaimhneas síorraí guím id’ ród
Solas is aoibhneas mór dod’ anam
Beidh Catliona and Colm Cille le fáilte a chur romhat
Is cathaoir ríoga romhat le fanacht.
Rún Comhbhróin don Monsignor Ó Fiannachta
Comhbhrón linn go léir a chairde anso ag an nDáimh Scoil, le muintir na h-Éireann, idir tuath agus Cléir, le muintir Chorca Dhuibhne, dá ghaolta, ar bhás d’ár gcara dhil Pádraig.
Bhaineamar an-thaitneamh agus maitheas as nuair a bhí sé mar Uachtarán ar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn.
Is mór a chuir sé leis na h-ócáidí lena chlisteacht agus a dheisbhéalacht, a chuid filíochta, agus a chomhrá bríomhar.
Is mó file ná feicfheadh dán leo riamh i gcló ach amháin an Iris “An Sagart”, agus “Iris Má Nuad”, agus ár mbuíochas leis as san.
Fear léigheanta ab ea é, a chaith a shaol ag craobhscaoileadh an Chreidimh agus na diadhachta le filíocht, cultúr na Gaoluinne tríd a scriobhinní.
Solas síorraí dá anam uasal, Ní bheidh a leithéid arís againn.