Taidhgín Ó Cuíll

Dhein Tomás Tóibín aistriú ar an amhrán clúiteach seo ó Bhaile na Groí. B’é Tom Gleeson a scríobh ar dtúis é agus tá sé, comh maith le bunleagan an amhráin agus a stair anseo. Seán Ó Síocháin a chuir i mbéal an phobail é ar chláracha raidió ar nós ‘Ireland is Singing agus ‘The Balladmakers Saturday Night’

A cháirde ‘s a chomharsain más áil libh-se spórtaíocht
Seo scéal agus comhairle daoibh, aosta ‘gus óg
Gluaisíg in bhúr sluaite chun páirceanna lúthchleas
Is chífidh sibh iontas ná faca sibh fós
Beidh rince ‘gus rás ann, is peil is iománaíocht
Ceolta go hálainn ann, geallaimse daoibh,
Is i dteannta na sárfhear a bheidh ar an láthair,
Beidh gaiscíoch na háite seo, Taidhgín Ó Cuíll

Le scéalaíocht is spórtaíocht, le plé le mná óga,
Nó líonadh na scórnach le piúntanaibh dí
Níl mac sa pharóiste, sa tír ná san Eoraip
A sheasódh comórtas le Taidhgín Ó Cuíll

I gceartlár na hÉireann bhí iníon ráinséar,
Go raibh aici spré milliún púnt agus bó
Ach ní raibh aici an tsláinte úd is fearr ná na táinte
Is dochtúirí dá bharr san ag fáil failí go leor
“Ach a mháithrín” ar sí chuige “diabhal le pillíní
Níl luibh ann ná leigheas in aghaigh ghalair an chroí
Ní dhíbreoidh frídíní na dearg aicíd sin
Ach aeríocht aon oíche le Taidhgín Ó Cuíll”.

Curfá

I gcluiche Craobh Éireann bhí Corcaigh á dtraochadh
Ón ngríosadh ‘s ón mbéicigh iománaithe ar chlaí
‘S ar eagla go léasfaí ár mbuachaillí féinigh
Do chuireamar scéala go Baile na Groí
Seo Taidhgín ár bhfaoiseamh is chuaigh sé sa chaoi ‘s gur
Dhein éacht leis an sliotar ná feicfear arís
Bhí trácht ar pháipéirí ‘s ó Raidió Éireann
Ar ghaiscíocht mhór éachtacha Thaidhgín Ó Cuíll

Curfá

Bhí ard-spiorad na saoirse go láidir ‘na chroí ‘stigh
Is chaith sé seal míosa san Cork County Gaol
Mar daoradh sa chúirt é as ocht a dhroch iompair
Beartú revolution is léasadh piléar
“Ach a chlaidhre” ar sé “tugaim fós mo dhúshlán chugaibh
Ní raibh ná ní bheidh agam meas ar bhúr ndlí
Agus Corker nó Cason nó Crochall an téagaibh
Ní bhuafaidh ar Éireann ná ar Thaidhgín Ó Cuíll”

Curfá

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s