Muc an Chúil Ruaidh

Neil Ní Mhurchadha

Bhí Neil ag obair ag feirmeoir i bParóiste Shráid an Mhuilinn nuair a dhein sí an t-amhrán so. Cuireadh ‘na leith gurbh í a mhairbh an mhuc. Muca dubha ab ea iad so, agus fuair ceann acu bás.

Foinse: Coiste Litríoctha Mhúsgraí

Nár dheinimíd námhada is ná raibh orainn gátar,
Má dheineamair aon bhárthan do mhuc an chúil ruaidh,
Má bhuaileamair le sámhthach de shluasaid na rámhainn’ í,
Mura dtabharfaimís ár lámh léi do dhruidfeadh í uainn.
Mar is minic a chráidh sinn is an chuid eile dá háltaibh,
Ag gabháil de chosaibh i n-agha’ an lá orainn i n-iomar gan truagh.
Bhí~an donas i ndán dom agus bualadh uim an ál so,
Is mo bhathas gur bhánaigh le seachtain anuas.

Dar an ngaibhl is dar an bpíce is dar a dtógaid siad d’aoileach,
Is dara Pádraig Stíobhard bhíonn ag spórt linn gach uair,
Dara bó bhán an Mhoilinn agus Muisire an Fhíoghara,
Níor dheineamair aon díth do mhuc an chúil ruaidh.
Dar Claedeach na gCícheanna agus dara Clárach tá taoibh leis,
Dar gcáthtar de shíon is de shneachta aduaidh,
Dara Caisleán Chill m’Íde is Mount Leader i dtaobh thíos de,
Níor dheineamair aon ní do mhuc an chúil ruaidh.

Mh’atuirse scíosmhar mar a cailleadh mo mhuintir
Do chuirfeadh i gcrích mé is ná beinn ar bhur bhfuaid,
Ag eirí gach deire oíche i nyard sink agus aoiligh,
Ag beiriú phrátaí do mhucaibh ‘s do bhuaibh.
Le solas na coinnle do chuirid im shuí mé,
Cé gur ghairid a bhím-se ar an leabaidh chun suain.
Is go deimhin féin, a Bhríde, bheadh cion agam chroí ort
Dá raghfá-sa síos liom go Corcaigh na gCuan.

Mo shlán beo fé dhíogras chun Baile Mhúirne na dtigheasach.
Is iad ná cuirfeadh puinn suim i sórd mhuc an chúil ruaidh.
Ba ró-bheag mar shnaidhm leo í mharbhú gach geimhreadh,
Agus feoil ba dhá aoirde do chrochfaidís suas.
Mar do chonnac-sa mná tí ann go raibh fairsinge an chroí acu,
Ná beidís ag díon an bhainne luim fhuair.
Is dá mbeadh an ráithe so dhíom-sa do rásfainn thar fíara,
Is ní fhágfinn iad choíche go gcuirfí mé i n-uaigh.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s