Amhrán na gCearc

Neil Ní Mhurchadha

Ar Gort na Tiobratan a bhí Neil nuair a dhein sí an t-amhrán so.
Dealraíonn an scéal gurbh é an fiach dubh a rug leis na cearca.

Fonn: An Maidrín Rua

Foinse: Coiste Litríochta Mhúscraí

Greadadh agus cás ort a fhiolair an áir,
Milleadh gach lá agus léir ort!
Nár thugair-se t’ál amach insa Mhárta,
Is ná raibh ort mar bhláth iad d’aoireacht.
Do sciobais-se mo chearca dob fhearr ar an mbaile
Do choinneadh go seascair me in éadach.
Bhí cead agam tarrac ar an mbia ab fhearr sa chathair,
Agus hucstaerí ‘om mhealladh óna chéile.

Thug Siobhán Eoghain dom sobharn óir
Agus cuireadh chun óil dá dtéinn léi,
Ceathrú chaoirfheola um Nollaig mar nócht,
Agus gé chun í róstadh ar ghéar-bhior.
Thug Siobhan na Tuinne dhom císte breá milis
Go raibh siúicre á fhuineadh agus tréacle;
Nuair a bhíodh té leis ar fiuchadh agus ím úr ‘na phriontaibh,
Bhíodh dóthain an bhreithimh de bhéile ann.

Do thug bean Thaidhg Uí Chuill ó Chorcaigh aníos
Seál do chuaigh trí agus réal dom,
Agus heancisiúr síoda i gcóir foithin mo chinn
Dá dtabharfainn na huibhe dhi féinigh;
Píosa breá leathair aníos as an saightheach,
Go gcuirfinn é ag screadaigh ar steak-pan
Nuair a airítí an balaithe ar bóthar tí an tsagairt
Do chnósaíodh na bacaigh go léir chugham.

Ná bídís á rá gur le locht ar mo mháistir
D’fhágas an áit seo i n-aon chor,
Ná ar an mnaoi mhaith gan cháim nár thuill uaim i cháineadh,
Is a healta díobháil níor dhéin dom;
Na comharsain dob fhearra do bhí ar an mbaile,
Muintir na Leacan le chéile iad.
Chun go nganníodh an bainne ní bhíodh orm easnamh,
Mar chuiridís a dteachtairí féin leis.

Nuair a ghealfaidh an lá orm fágfad an áit seo,
Tá an tigh seo ró-árd ar phléisc dom;
Níl foithin ná fál ann do dhéanfadh dom scáth,
Ach fiacha dubha ag gág is ag éamh ann.
Déanfar mé bhriseadh agus tógfar me ’em bonnaibh,
Is imeoidh mé singil gan éadach.
Is anois ó tá an Inid ann, pósfad, más mithid é,
Maireadh mo dhuine nó éagadh.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s