Marbhna Mhac Finín Dubh

Ó mh’osna trí Luimneach, Connacht is Cléir faoi chumha,
Is go Corcaigh na loingeas tar uisce dá dtéinn anonn.
Ár gcosantóir cumais, fear ionaid na laoch fuair clú,
Is gan dearmad luige orainn go léir san úir. Seotho binn, binn, binn.

San úir ó cuireadh ríocht Bhorraidh ‘gus scéimh na Mumhan
Is dubhach gach duine is d’imigh ár gcléir gan fonn,
Ár ngiúistís cumais, ár mbreitheamh do réieadh ár gcúis,
Ár gcara fí ghoiste, ár mbile, ár laoch glan clúmhail.

Clú agus ceannas is rachmas ón Rí ghlórmhar
Go raibh aganfhios id ghlacaibh, a laoch mhórdha!
Níl dlúth ná bailte fí bhraitinn ag rí Seóirse
Nach go dubhach dod dheascaibh is do bhailte go síor-bhrónach.

Is brónach, atuirseach ón gCeachainn go Léim Lárach
Is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Beárnain,
Tá dúichí Chairbre ar lasadh gan scéimh áthais,
Is dubhach Ráth Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidir.

Is láidir, cumais, do chuspa le tighearnmhalacht,
A mharcaigh na rithe dá gcritheadh an talamh fútsa;
Ní eagla dlithe do chuir tú ód bhaile dúchais,
A chara mar Oscar do chuireadh gach creach ar gcúlaibh.

Ar gcúlaibh deachmhatha, tacsanna is gach iarsmaí i gcúirt,
Do phócaí ar leathadh gan dearmad, níraibh iadhadh ar do thrúip
Ba ghearán do lagaibh nár mhairis in iarthar Mumhan
Led gháire leathan, a mharcaigh na gcliar, mo chumha!

Mo chumha túag teacht thar lear go tréith fánlag,
A phlúr na bhfear nár mheath in aon bheárnain.
D’imigh ár ráth, ár maith, is ár scéimh áthais,
D’imigh ár neart, ár gceart is ár ndlúth-cháirde.

A cháirde d’imigh thar uisce ‘gus fós nár fhill,
Agus d’fhágadar sinn-ne go singil, gan chóir, gan chrích,
Gan tae, gan chupard, gan ghloine, gan bórd, gan fíon,
Gan ceol ag conairt, gan duine beo d’fhóirfeadh sinn.

D’fhóirfeadh sinn dá dtigheadh thar sáile fós,
Cé gurbh óg é i ngníomh is nár maoite i mbeárnain ghleo;
I gcasmairt na gclaidheamh do stríocfadh táinte dhóibh,
Is ní leigfeadh san tír aon dríodar cáthaidh beó.

Beó dá dtigheadh aon phioc fola det’ cháirdibh gaoil
Do bhí láidir soilbhir, dochrach tráth nuair a bhíodh,
Do dhéanfadh cosaint na bpobal, na n-áit, is díon,
A leomhain d’fhuil Eochaidh chlogaid is Dhomhnaill Chaim.

A Dhomhnaill Chaim! nár stríoc is nár staon do neach,
Is gur tighearna ón Inse do chríochnaigh le hÉire ar fad.
Níl fáidh ná draoi dá aoirde léifeadh stair
Ná tráchtfaidí thar ghníomhartha tréithe an fhear.

Is é an fear solasmhar nár dhochrach i mbréithribh suil,
A chogaraigh! is túoscladh gach snaidhm ar bith;
A chloidhimh chosanta na bpoblach is ba ríúil fuil,
Mo léan dochrach id chodladh thú, a Mhic Fhinín Duibh!

Is dubh, doilbhir, dochrach, duairc mo scéal,
Eochair gach cathrach ó Chorcaigh go dtí t’thuama tréith.
Tar éis ar scarais de cheangalaibh cruata óbhaol
Is dubhach iad feasta id easpa anois suas tar th’éis.

Tar th’éis beidh bacaigh ag screadadh fós, is daill,
Gach n-aon do thaithigh do phearsa, do mhéinn, do shlí,
Do chraobhfholt cailce, do mhala is do bhéal ba bhinn,
Do ráite cearta anois feasta go léir fén líg!

A líg na hainnise! an aite leat Éire ag cumhadh?
Mar tá an spéir ar lasadh is na mairbh ag éamh san úir!
Tá féachaint dhealbh ag bailte ó Chléir go Siúir.
A Vénus Ceachann! gur shladais mar chéile é chugat!

Chugat ó shladais Ard Ceachann go díh-náireach
An t-óigfhear cailce is an t-athair ba bhinn cáile,
Níorbh aon dearmad dá bpreabadh do bhathas le scéimh áthais.
A bháis, mo dheacair, is tú scarfas na dlúth-cháirde.

Cáirde an bhile is gach cusba dob uaisle dhíobh
Is gach n-aon do sileadh ó Philib is ó Bhuadhach an Ghnímh
Do théadh ag iomaidh le rithibh is do bhuadh go binn.
Is do fuair ríocht Bhorraidh na cruinne mar dhualgas tríd.

Siúd trí bharra fuair do sheanchas ó phréimh ar dtúis,
Barr mhaitheasa, barr carthannacht, barr féile is clú;
Barr reatha ar eachaibh le héigean lúth-
Mo léan deacrach i nglasaibh thú is do thréad go dubhach.

Is dubhach do bhailte, is atuirseach tláth do bhíd
Is gan dúil don bhaile led phearsain go brách arís;
‘Sé táim ag machtnamh, a mharcaigh na mbánghlac mín,
Go bhfuairis anaithe aganfhios do chách sa choill.

Tá do choill ‘na dothair gan fothain ná glór na n-éan,
Ná radharc na mbruinneal cé gur mhinic ar neóin d’éigh,
Fuaim do ghunna le mustar ná ceol do phléar
Ó cailleadh ár mbille, ceann urraidh, ár spóirt go léir.

Mo léir, mo thuirse, mo luige trím thaobh anonn!
Is ní heaspa ná uireaspa ar chnocaibh ná ar Shléitibh Dubha,
I gcogadh na rithe ba mhinic a éirleach siúd-
Mh’osna trí Luimneach, Connacht is Cléir faoi chumha!

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s