Abha an tSuláin

Gael na nGael

Foinse: Saothar Dháimhsgoil Mhúsgraighe, 1933 (Dónal Ó Ceocháin)

Do chum Dómhnall Ó Laoghaire, Cois Laoi in Uíbh Laoghaire, roinnt véarsaí ag moladh Abha an tSuláin. Gluaiseann an Sulán cómhthreormhar leis an Laoí lastuaidh agus géileann sé dhi san áit ina raibh an caisleán ag na Suibhnigh i Maigh Seanghlaise.

Rugadh Gael na nGael ar bhruach an tSuláin ar an dteorainn idir Dhoire na Sagart agus Doirín Álainn. Ba thrua leis nár dhein Dómhnall tagairt do thobar an tSuláin ná dos na haibhnte a ghéileann di, agus go mór mhó do Chill Abán i mBaile Mhúirne. Do mheas Gael na nGael gur mhór an bhearna ar mholadh an tSuláin iad san d’fhágaint ar lár, agus is chun na bearna san do líonadh do chum sé na véarsaí seo. (Saothar Dhámh-Sgoile Mhúsgraighe, Dómhnall Ó Ceocháin, lch.46)

A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D’eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassuis cé gur dheacair í éileamh,
Gur raideadar saor duitse aiste na mBárd;
Ba shuairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Greasa ded shaothar nuair a ghlacaim im’ láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do thabhairt gan taoda,
Ar mhaithimh mo ghaolta is ar Abha an tSuláin

Foinse na habhann ó measaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm’ láimh,
Go scaoileann de glaise ó Chumar na nÉaga,
Agus tuile dá réir sin ó Chúm Uí Chlúmháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Réchnoc,
Mar a ndearcais sruth caol dubh go bun na gclochán,
Is mar lua na dTrí bPearsan á dtarrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
Tagann gan staonadh go Beannaibh na Trá,
Sruth Oileán a Mhadra is Carraig Shinéide,
Is sruthaibh dá n-éamais ná cuirfinn im’ dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair is sraonmhar
‘Na heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
‘S gur thíos i mbun leacan a chailleann sí a tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clumhar glasrach fairsingeach féarmhar
Na fearainn ar taobhaibh na habhann so ráim,
Fá chrainn dhuille ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ngéagaibh go gcrapaid ‘na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, luin, creabhair ‘s naoscaigh.
Sionnaigh ‘s méith-phoic ‘s lachain le fáil,
‘S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe ‘gus lathairt bhradán.

Ar uairibh na maidne dob aiteas leat éisteacht
Le ceathra ann ag géimridh go lachtmhar ar bhán
Uain dhubha is geala is an-chuid caorach
Agus capaill mhear-éasca chun treabhtha nó ráis
Mór-mhairt dá leagadh ann, mil bheacha ina chréithribh
Fairsinge’s féile ‘na n-aice gach tráth
Is níl ruathaire ón nDaingean go fearannaibh Déiseach
Ná tagann dár n-éileamh go hAbha an tSuláin.

Nuair a luaidhis linn ar mhaitheas an tearmainn naofa
Ba mhairg nár fhéachais do Chill bheag Ábáin
Mar a ngluaiseann ‘na scata lucht martardha is éalaing
Dob eachtra lae dhom dá mbreacainn a gcáil
Fear mór-croise fada, fear bata, fear péire,
fear creatha, fear créime, is fear ar leath láimh
Dár móire acht ní mheasaim gur mealladh tar éis iad
Gheibhid lagadh ar a bpéinibh ag cealla an tSuláin.

Níl bua ar a macaíbh, níl barra ar a dtréine
I meanma, i méin, i mBeartaibh is fearr,
Go suadh-ghlic, go haibidh i dtgeangain na Gaeilge,
I n-aitheascaibh saora ná faca ag a lán
Ar ruagaibh na ranna nó i gceapaireacht dréachta
Níor mheathlaigh an tréith ar an macraidh cháidh.
A’s am duaiseanna a scaipeadh ar Oireachtas Éireann
Níorbh annamh na séada so ag aicme an tSuláin.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s