Cá Rabhais ar feadh an Lae Uaim?

Foinse: Millhouse Measures (Nell Ní Chróinín)

Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín óig,
Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil ‘s a stóir;
Bhíos ag fiach ‘s ag foghléireacht a mháthairín, ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh táim breoite go leor

Cad a bhí agat dod dhinéar, a bhuachaillín óig,
Cad a bhí agat dod dhinéar, a lao ghil ‘s a stóir;
Bhí feol agam go raibh ní inti, a mháthairín, ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh táim breoite go leor.

Cad a fhágfar ag t’athair, a bhuachaillín óig,
Cad a fhágfar ag t’athair, a lao ghil ‘s a stóir;
Fágfad cóiste is ceithre chapall, a mháthairín, ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh táim breoite go leor.

Cad a fhágfar a’d mháthair, a bhuachaillín óig,
Cad a fhágfar a’d mháthair, a lao ghil ‘s a stóir,
Fágfad póg is míle beannacht, a mháthairín ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh táim breoite go leor.

Cad a fhágfar a’d mhnaoi chéile, a bhuachaillín óig,
Cad a fhágfar a’d mhnaoi chéile, a lao ghil ‘s a stór,
Fágfad rópa chun í do chrocadh a mháthairín ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh táim breoite go leor.

Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín óig,
Cár mhaith leat bheith curtha, a lao ghil ‘s a stór;
I dteampall Chill Mhuire, a mháthairín ó!
Ach anois cóirigh mo leabaigh, táim breoite go leor.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s