An Cailín Deas Rua

Foinse: Amhránaíocht Iarla Uí Lionáird

In aisling dom fhéin aréir is mé im’ leabaigh trém’ shuain
Go rabhas dul lem’phósadh lem’ stór chroí ‘s mo bhean ins an uaigh
Bhí rince ‘gus ceol agus spórt groidhe dá spreagadh lem’ chluais
Agus céad giní óir im’ chóir lem’ Chailín Deas Rua.

‘Sé Tiobraid Árann d’fhágas ar maidin Dé Luain
Níor stadas den stáir sin go dtánag go dtí an Daingean ar chuairt
Cé gheobhainn ós cionn clár ann ach mo ghrá is í ag imirt ar scuab
Is ar iompó na mhámhaín bhí an cíonadh ag an gCailín Deas Rua.

Siúd ort a Sheáin ní fhágad-sa an baile go Luan
Go bhfuil mo chroí cráite gan aon fháil agam ar toddy ná a luach
Gurbh é a deir na mná óga go mb’fhearr liom bheith marbh san uaigh
Mura dtréigfainnse an clár an cárt ná an cnagaire cruaidh.

Ní thréigfeadsa an clár, an cáirt ná an cnagaire cruaidh.
Ní thréigfead ná Máire, an bhean mhánla ‘sí ainnir na gcuach,
Ar Aonach na Márta thugas grá agus taitneamh dá grua
Is ar rúin cheart mo chléibh ná tréig mé mar gheall ar na buaibh.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s