Na Cleaganna

George Curtin

Foinse: Amhránaíocht Pheáití Ó Tuama agus Sheán Ó Liatháin

An bhfeacair-se Seán ó bharr a’chnoic
‘ S é ‘r leic a’tinteáin ‘s é ‘rince jig
Do dheineadh sé gleo le cleaganna nua
A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Do bhíodar ‘na mbróga gleoite deas’
Go cluthar compórdach, thar meoin le teas
Níorbh fhearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d’bhonn
Ná péire breá cúmtha ‘cú siúd a bheidh ort,
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Bhí leigheas na mílte aicíd iontu
Do scaipfeadh gan mhoill liathbhuí nó triuch
Do chuirfeadh chun fáin crampaí ‘gus fuachtáin
Is mórán eile gearáin ná h-áirím díbh
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Ní cuileann ná draighean a bhí na’mbonn
Ach píosa breá deil a bhí éadrom úr
Bhí teanga bhreá shleamhain de chraiceann óg gamhain
Nár gearradh ró ghann, sé mo leon nach liom iad
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Ní craiceann cearc naos a bhí iontu
Ní raibh siad poll-péisteach ná méiscreach briosc
Bhí búclaí óir a bhí greanta ‘na gcóir
Go bhfeicfeá do chló gan stró iontu
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Bhí péire ‘cú siúd ag Fionn fadó
‘ S mó cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo
Is mó cathair do thóg le buille dá bhróig
Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear
Agus ó bhean a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s