Caoineadh Sheáin de Búrc

Leagan eile den Tuireamh a scríobh Máire Bhuí Ní Laoghaire ar a mac

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Bean Sheáin á chaoineadh:
“A Sheáin de Búrc, mo chumha trím aeibh thú,
A bhuinneáin úir an chliatháin ghléigil,
Do chúm is gile ná feicim ar aon fhear,
Cé go dtáinís go ró-mhoch ag fógairt an lae chugainn.
Tóg do cheann go n-insead scéal duit
Go bhfuilim gan fear, gan mhac, gan éinne,
Mathshlua mór ag teacht á t’éileamh –
Beirt ó Londain agus triúr ó Éirinn,
Mo thriúr deartháir agus a ngearáin traochta
Le páipéir bhreaca go daingean faoi sheála,
Ag teacht led’ phárdún ón Rí saor chugat.

“Is beag an t-ionadh domhsa bheith go tuirseach
Mar is minic do chonac-sa ag doras do chúirte
Mathshlua ag marcaíocht agus mathshlua ag tiúrlacan,
Do bhoird ar leathadh agus do sholas gan múchadh,
Agus mo mhíle deacair do mharbh, a Bhúrcaigh,
Mo chreach thinn dheacarach nách é Eilic atá i t’áit-se,
Nó Éamonn ó b’é ab fhearr díobh,
Nó Toirdhealbhach geal, fionn-dalta mo mháthar,
Agus Seán de Búrc do theacht ina shláinte.”

Bhí a máthair ag éisteacht léi agus do labhair:
“Is baoth an bhean tú, a iníon mh’árann,
Agus má taoi ar buile ná caill do náire
Is fosa fear a fháil ná triúr deartháir breátha
Agus céad moladh le Muire mar is iad mo leinbh-se tháinig.”

An bhean arís:
“A mháithrín ó, ní déarfá-sa féin sin
Dá mbeireá-sa aige in Oileáinín Mhaona
Mar a mbeadh clóca ‘á chóiriú ins an Spáinn duit,
Plúr mín muilinn dá rilleadh trí áirsibh,
Cead marcaíochta ar eachaíbh stábla,
Agus cead codladh go cluthar idir a dhá láimh siúd.

“Do raghainn-se leat ar bogradh nó ar chuatain,
Do raghainn-se ar anaithe na farraige ruaidhe leat,
Go Briostó nó go Lios Tuathail,
Nó go Baile Átha Cliath na ngeataí móra,
Agus is é mo léan ná deigheas san uaigh leat
Mh’uchlán! a bhuinneáin, do cheann ar an bhfuarma.

“A mhná uaisle, deinidh slí dhó
Agus tugaidh tosach curtha síos dó
Mar níl aon bhraon ann ach braon dá aoirde,
Fuil tiarnaí agus iarlaí tíre,
Fuil giúistisí go n-úmhlaídís daoine,
Agus fuil na nGearaltach ina lasaraibh tríd sin.

“Druidigh uaim, a chanaithe glasa
Agus ná bígh anuas ar uaigh mo mharcaigh
Mar is é m’fhear pósta é is mo chéile leapa
Agus mo chéad leannán ó bhíos im leanbh.
A mhná uaisle, an trua libh mo ghearán
Ag gol go haigneach ar uaigh mo leannáin,
Go bhfuil táth dá chuid gruaige agam i gcoimeád
Agus coileán dá scuaine fuaite im’ cheartlár.”

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s