An Poirtín

Diarmuid Ó Tuama

Diarmuid Ó Tuama ó Screathan na nGamhan i gCúil Aodha a chum an t-amhrán seo nuair a bhí sé 15 bliana d’aois. Fad is a bhí ag iompáil móna sa phortach a rith na focail leis agus níorbh fhada go raibh sé le clos ar Radió Éireann.

Foinse: Guth ar Fán (Máire Ní Chéilleachair)

Maidean áiseach d’fhágas Clárach
speal im’ láimh agam ‘s mé ag dul a’ triall.
Ar m’uncail Seán thiar san Doirín Álainn
a bhí go tláth lag anois le bliain.
Ar thaobh Sulán chonaic cailín álainn
is í a’ fuáil le snáithín lín,
Is bhí sí ag canadh: dí ai dí á dí,
dí ai dí á dí, dí í dí dinn.

Seo trasna an áth’ mé le fuadar scáinte
Is focail bhreátha go tiubh im’ bhéal
Ach thit an cláirín óm’ speil le lán-luas
insa tsruthán a bhí ag rith go tréan
Bheannaíos go lách di mar a dhéanfadh sár fhear,
le haoibh an gháire ‘s le béasa mín,
Ach lean sí a’ gabháil don dí ai dí á dí,
dí ai dí á dí, dí í dí dinn.

Airiú éist a dúrtsa agus cur uait é
mar níl uaimse ach treoir na slí
Gidh gur mór liom féin do dhuan beag
tá mo chluas anois ‘na thaithí
Tá cloig im’ shála, mo chorp go tnáite
is an cláirín san abhainn ‘na luí
Ach níor stán sí don dí ai dí á dí,
dí ai dí á dí, dí í dí dinn.

D’fhagas slán léi go maol díomách
is thar n-ais go Clárach im’ aonar chuas
M’intinn fánach mo chroí ‘na dhá leath
agus níorbh áird liom cléir ná tuath.
Arsa mo mháthair “conas ‘tá Seán bocht
nach luath a thánaís thar n-ais ón scoraíocht?”
‘Sé dúirt go cráite dí ai dí á dí,
dí ai dí á dí, dí í dí dinn.

Lá amháin tar éis bliain is ráithe
tháinig carr beag chugainn sa ród
Seo thar tairsigh an stuaire álainn
agus a máthair le mórchuid gleo.
Le ceist fíor mhánla do labhair an bhláth bhean
‘féachaint an ngráfainn í mar mhnaoi
‘Sé dúrtsa láithreach dí ai dí á dí,
dí ai dí á dí, dí í dí dinn.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s