An Botháinín Íseal Gan Fálthas

Domhnall Ó Luasa

Tá Cnocán a’ Bhóthar idir Lios Buí Beag agus Lios Buí Mór trasna ó thigh Pharthalán Ó Conaill (Denny Denis) agus b’é an Poet ó Lios Buí i bparóiste Chill na Martra a chúm an t-amhrán seo atá á chanadh ag Peáití Thaidhg Pheig.

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

‘Sé Cnocán a’ Bhóthair do scóladh ‘gcómhair tí,
Foundation ar fhíor-bharra anairde.
B’é an fear críche ba mhó bhí ann an Poet Buí,
Nó an foreman do shíolraigh thar sáile.
Cé go raibh beannacht Dé ‘na bhóthar – agus fáraoir má bhí!
Bhí riail dheas ‘na phóca agus a thomhaiseanna cruinn.
Anois cnósaig, a chomharsain, mar tá seó agaibh ‘n bhúr saoir,
Chun a’bhotháinín íseal gan fálthas.

Ní raibh fuiscí ná pórtar i gcóngar aon tí
So thabharfadh braon dí as a’sclábhaíocht
Don ghasra óigfhear bhí ar a’ mbóthar ‘na suí,
Is go deimhin díbh óm’ chroí, bhíos a’ gáirí.
Nuair a tháinig suas Nóra a’s í a’fógairt na dlí
Ar aon fhear tí do romharfadh thar bóthar aníós,
Agus go deimhin díbh-se, ar neomat, do bhí gleo ag fir tí
Chun a’bhotháinín íseal gan fálthas.

Is is buachaill bocht óg mé tá im’chónaí ar Lios Buí
Is ní cóir dom aon treason a rá leo,
Ach go deimhin gurbh í Nóra bhain na nótaí so óm’chroí
Bheith a’díospóireacht fíochmhar lem’ mháthairín.
Cé gur chuaidh súd go mó dom ní chnósfad mailís,
Mar imíonn ceol ban ‘na cheo leis a’ ngaoith.
Machnaím sa treo chím agus fáraoir dá druím
Go bhfeicfear i dtíos í gan fálthas.

Do thabharfainn-se cómhairle don pharóiste ar a’taoibh
Is go mór-mór do bhaintrigh fágtha;
Nuair a cheapaidís pósadh a chur mar threo ar a gclainn,
Gan scarúint simplí lena n-áitreabh.
Nuair a scríobhaid siad a nótaí ag fear comhnaíoch dlí
Ar deich bpiúnt, nó féar bó, é go deó leanúint díobh –
Mara ndeinid siad mo chomhairle, beidh a lóistín gan moill
I mbotháinín íseal gan fálthas.

Machnaím im’ mheoin, is is dócha gur fíor,
Nach ionadh droch-chroí ag á lán dom;
Is go mór-mór daoine óga ‘tá le pósadh gan moill
Mar ceanglófar dílis dom’bharr iad.
Ach go bhfuil carthannacht mhór le bheith fós leis an aois –
Sin soluíd gach ló agaibh ‘n bhúr gcóngar sa tír –
Sin é sirriam na paróiste á ruagairt le dlí
I mbotháinín íseal gan fálthas.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s