Scoil Bharr d’Ínse

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Bhíomar oíche i Scoil Bhárr d’Ínse,
Bhíomar go léir ‘nár ndá pháirtí ann.
Bhí púic ar gach éinne ‘gus fonn chun bruíne
‘Gus chífeá fuil ar chuid acu i ndeire na scríbe

Rainn a dúdil éidil am
Didirí aighdil éidil am
A rainn a dúdil éidil éídil am didií am

Conchubhar Ó Loingsigh an máistir a bhí againn,
‘S Máire Ní Churnáin, ceann de mhnáibh Chiarraí ann.
Ón Muileann a tháinig na Cruadhlaoigh ann,
Amhlaoibh agus Seán ‘s iad a’rá na n-eachtraí dhúinn

Bhí muintir Luasa ó Screathan na nGamhann ann,
Muintir Chróinín agus muintir Thuama,
Muintir Mhulláin agus muintir Ghruama,
Agus bhíodar na Pleimmeannaigh ó iarthar an domhain ann.

Bhí clann Mhuirtí ó Bhárr d’Ínse ann,
Bhí J.J. agus Seán Dhiarmín ann;
Clann Sheáin Fhada tháinig trasna an linn,
Is bhíodar clann Mhaidhc Thaidhg Uí Chuill ann.

Tháinig na sluaite ó na hÍnse Mhór ann,
Muintir Scannaill agus muintir Ghruama,
Muintir Mhuirithe agus muintir Shíocháin,
Muintir Chéilleachair ‘s Con Amhlaoibh ann.

Bhí Hyde a’ tSleasa agus Dónal Ó Móráin ann,
An Pléarach Dheansail is é go fiain ann
Bhí againn muintir Cuill na Luachra,
Diarmuid Phaid ‘s a chrúbaí móra.

Bhí clann Sheáin Pheaidí ós na Millíní
Clann Maidhc Óg ón mbóthar íochtar
Dhá líon tí acu os na Doirí ann,
‘S a Dhia nách flúirseach muintir Chuill ann!

Ó Dhoire ‘n Chuilinn bhí muintir Dhuinnín ann,
Muintir Shúilleabháin, ‘s muintir Ríordáin,
Muintir Laoire, agus bhíodar na Ceallaígh ann,
Agus bhí againn deidhrí, mac do’ thuing ann.

Bhí muintir Raghallaigh os na Fuithrí ann,
Muintir Bhuachalla agus muintir Dhuinnín ann,
Ón Lománach, na Carrthaigh a bhí ann,
‘S clann Shiobháin aniar ón gcoill ann.

Bhí Eoin a’Droichead ó Shráid a’ Mhuicín ann,
Bhí, nuair a mhair sé, an seana spriúnlaín bocht;
Beannacht Dé len’ anam, níor mhair sé críonna,
Níor tharraing sé an pinsin ach ar dhá Dhé hAoine.

Tháining na sluaite ó Chúil Aodha ‘noir,
Sclábhaithe, gabhainne agus siúinéirí,
Muintir Shuibhne agus muintir Chearaí,
Agus bhíodar na Scannallaigh ó ‘n-aice an tSéipéil ann.

Bhí clann Dhonncha Bán ón Kerry Yard ann
Agus bhíodar leis na Seitheachánaigh;
Ní raibh againn bacaigh ná tincéirí,
‘S a Dhia nach sinne a bhí go h-aerach.

Bhí Séamus Ó Dónaill ó Chathair Saidhbhín ann,
‘S é ag amhrán go h-ard le binn-ghuth;
Ón gCarraig a tháinig Dochtúir Ó Loingsigh,
Agus Seán Ó Cearúil, ón gCaiseal aníos ann.

Bhí Conchubhar Ó Luasa ag rínce ar stáitse ann,
Seán Ó Mulláin ‘s é ag déanamh geaitsí;
Seán Mhuirtí ‘s a phláiní bán air,
A’s a hanam ón diabhal! cár ghaibh an Carrthach?

Bhí fire crackers á lasadh ag seó acu,
‘S iad ag cnagarnaigh mar a bheadh tóirneach;
Piobar dearg i gceart á dhó ann,
Gach éinne ag casachtaigh is é dul ‘na scórnaigh.

Siúd amach gach éinne, a’ sraothartaigh go seoidh ann,
Do mhúchadar na soillse a’s do lasadar na dóirse,
Nuair a leagadar an geata tháinig fearg ar an Loingseach,
‘S nuair a h-ínseadh é don sagart cuireadh deireadh leis an rínce!

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s