An Spealadóir

Amhrán atá coitianta ar fuaid na tíre isea An Spealadóir agus tá go leor leagain sa tír agus éagsúlacht le fáil i Múscraí féin ó Bhess Cronin, Mháire Ní Cheocháin, Pheáití Ó Dúinnín, Peáití Thaidhg Pheig agus Seán Ó Sé ach is é Peáití Ó Duinnín a chanann dúinn anseo é, le caoinchead Pheadair Uí Riada agus a chlár Cuireadh Chun Ceoil don taifead.

Foinse: Amhránaíocht Pheáití Ó Duinnín

I meán an fhómhair ‘sea casadh mé, b’atuirseach dubhach mo scéal,
Go breoite brónach atuirseach, gan aiteas insa tsaol;
Tá mo pháircín féir gan gearradh ‘gam, ‘na theasc ag ceann iothalainn,
Cuid na gcomharsan treascartha is é bearrtha go cré.

Do smaoiníos féin ‘im aigne istoíche trím néal,
Go raibh beirt d’fhearaibh chalma ó thaoibh Uí Mhaol.
Fén ngéin gur chuaigh mo theachtaire chun páircín féir do ghearradh dhom,
‘S is grámhar fáilteach freagarthach do thánadar araon.

Dá bhfaighinn-se speal ó Shasana ‘gus crann ó Loch Léin
Cloch is clár is gainimh air ó thaoibh Uí Mhaol.

Do chuirfinn faobhar ar maidin suas do sheasódh ar feadh seachtaine
‘S nách beárrtha bheadh an t-acra le fáinnín a’ lae.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s