Leagan a scríobhadh síos i lámhscríbhinn ó bhéalaithris Nóra Ní Shíndile, bean chaointe, agus atá le fáil mar aguisín leis an leabhar The Last Colonel of the Irish Brigade (Mrs. Morgan J. O’Connell) (Iml. II, lch)
Mo chara go daingean tú!
Lá dá bhfaca thú
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitneamh duit,
d’éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.
Is domhsa nárbh atuirseach:
Chuiris párlús á ghealadh dhom,
rúmanna á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
bríc dá ceapadh dhom,
rósta ar bhearaibh dom,
fíon dá tharrang dhom,
mairt á leagadh dhom;
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó tareis dá dtaitneadh liom.
An lá breá earraigh úd,
gur bhreá thíodh hata dhuit
Is banda d’ór tharraingthe;
claíomh cinn airgid,
tú i gcóir chun falaracht
is each caol ceannann fút.
D’umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tú,
a mhuirnín mh’anama….
A mharcaigh na mbán-ghlac!
Is breá thíodh ráib duit,
Solón faoi cháimbric,
Is hata faoi lása
Tar éis teacht thar sáile
Glantaí an tsráid duit
Is ní le grá dhuit
Ach le haon chorp gráine ort.
Mo chara thú go daingean!
is nuair thiocfair chúgham abhaile
Conchubhar beag an cheana
is Fiach Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom go tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
‘Neosad dóibh fé mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt….
Mo chara is mo ghamhain tú!
Gaeil Iarla Antroim
Is Bharraigh ón Amcoil,
Is breá thíodh lann duit,
Hata faoi bhanda,
Bróg chaol ghallda,
Is culaith den abhras
A sníomhthaí thall duit.
Mo chara thú go daingean!
is níor chreideas riamh dod mharbh
gur tháinig chugham do chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar god’ dhiallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí ‘s id sheasamh.
Thugas léim go tapaigh,
an dara léim go geata,
‘Gus an triú léim ar mo chapall.
Do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is a bhí sé agam,
go bhfuaireas romham tú marbh
Cois toirín ísil aitinn,
gan Pápa gan Easpag,
gan Cléireach gan Sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing.
Mo ghrá thú go daingean!
is éirigh suas id’ sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfeam mart á leagadh,
go nglaofaimid ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol dá spreagadh,
go gcóireod duitse leaba
faoi bhrataibh líne,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat allas
in ionad an fhuachta a ghlacais.
II
Deirfiúr Airt:
Mo chara is mo stór tú
is mó bean chumtha chórach
ó Chorcaigh na seolta
go Droichead na Tóime,
do thabharfadh macha mór bó dhuit
agus dorn buí-óir duit,
ná raghadh a chodladh ‘na seomra
oíche do thórraimh.
Eibhlín Dubh:
Mo chara go buan tú!
is ná creid sin uathu,
ná an cogar a fuarais,
ná an scéal fear fuatha,
gur a chodladh a chuas-sa.
Níor throm shuan dom:
ach bhí do linbh ró-bhuartha,
‘s do theastaigh sé uathu
iad a chur chun suaimhnis.
A dhaoine na h-éistigh,
Buel aon bhean in Éirinn,
ó luí na gréine,
a shínfeadh a taobh leis,
do bhréagfadh trí lao dho,
ná raghadh le craobhacha
i ndiaidh Airt Uí Laoghaire
atá anso traochta
ó mhaidin inné agam?
Athair Airt:
A Mhorrisín léan ort!-
Fuil do chroí d’éag leat!
Do shúile caochta!
Do ghlúine réabtha!-
A mhairbh mo lao-sa,
Is gan aon fhear in Éirinn
A ghreadfadh na piléir leat.
Mo chara thú ‘s mo shearc!
Is éirigh suas, a Airt,
Léimse suas ar t’each,
Éirigh go Magh Chromtha isteach,
Is go hInse Geimhleach ar ais,
Buidéal fíona id ghlaic –
Mar a mbíodh i rúma do dhaid.
Eibhlín Dubh:
M’fhada-chreach léan-ghoirt
ná rabhas-sa taobh leat
nuair lámhadh an piléar leat,
a mharcaigh na ré-ghlac
Deirfiúr Airt:
Mo chreach ghéarchúiseach
ná rabhas ar do chúlaibh
nuair lámhadh an púdar,
go ngeobhainn é im’ chom dheas
nó i mbinn mo ghúna,
is go léigfinn cead siúil leat
a mharcaigh na súl nglas,
os tú b’fhearr léigean chucu.
III
Eibhlín Dubh:
Mo chara thú is mo, shearc-mhaoin!
‘S is gránna an chóir í,
Ag cur ar ghaiscíoch
comhra agus caipín,
ar mharcach an dea-chroí
a bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh
agus ag ól ar hallaíbh
i bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Is mo mhíle mearaí
mar a chailleas do thaithí.
Greadadh chughat is díth
a Mhorris ghránna an fhill!
Bhain díom féin mo thíos,
athair mo leanbh gan aois:
dís acu ag siúl an tí,
‘s dá dochath ná an triú duine acu istigh im chlí,
agus is dócha ná cuirfead diom.
Mo chara thú is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d’fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, ‘A Eibhlín, éirigh id sheasamh
‘s cum do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.’
Níor rinneas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.
Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
cuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t’fhuip;
sin í do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir,
mar a gcaolóidh romhat an sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
má tá a mbéasa féin acu –
‘s is baolach liomsa ná fuil anois….
Mo ghrá thu is mo chumann!
‘s ní hé a bhfuair bás ded chine,
ná bás mo thriúr clainne;
ná Dónall Mór Ó Conaill,
ná Conall a bháigh an tuile,
ná bean na sé mblian ‘s fiche
do chuaigh anonn thar tuile
‘déanamh cairdeas síth le rithe –
ní hiad go lér atá agam dá ngairm,
ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh
in inse Charraig an Ime!
marcach na lárach doinne
atá agam féin anso go singil —
‘S nár mhairigh sía hainm ná sloinne
gan éinne beo ‘na ghoire
ach mná beaga dubha an mhuilinn,
is mar bharr ar mo mhíle tubaist
gan a súile féin ag sileadh.
Mo chara is mo lao thú!
A Airt Uí Laoghaire
Mac Chonchubhair, Mac Caodaigh,
Mac Laoisigh Uí Laoghaire,
aniar ón nGaortha
is anoir ón gCaolchnoc,
mar a bhfásaid caora
is cnó buí ar ghéagaibh
is úlla ‘na slaodaibh
na n-am féin.
Cárbh ionadh le héinne
dá lasadh Uíbh Laoghaire
agus Béal Átha an Ghaorthaigh
is an Gúgán naofa
i ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
i ndiaidh an fhiagaí gan traochadh
ón nGreanaigh ar saothar
nuair stadaidís caol-choin!
a mharcaigh na gclaon-rosc —
nó cad d’imigh aréir ort?
Óir do shíleas féinig
ná maródh an saol tu
nuair cheannaíos duit éide.
IV
Deirfiúr Airt:
Mo chara thú is mo ghrá!
gaol mhathshlua an stáit,
go mbíodh ocht déag banaltraí ar aon chlár,
go bhfaighdís loilíoch is láir,
cráin ‘s a hál,
muileann ar áth,
ór buí is airgead bán,
síoda is bheilbhit bhreá,
píosa tailimh is stáit –
go nídís cíocha tál
ar lao na mbas-ghlac mbán.
Mo ghrá is mo rún tú!
‘s mo ghrá mo cholúr geal!
Cé ná tánag-sa chughat-sa
is nár thugas mo thriúr liom,
níor chúis náire siúd liom
mar bhíodar i gcúgach
i seomraíbh dúnta
is i gcomhraí cúnga,
is i gcodladh gan mhúscailt.
Mura mbeadh an bholgach
is an bás dorcha
is an fiabhras spotaitheach,
bheadh an marc-shlua borb san
is a srianta á gcroitheadh acu
ag déanamh fothraim
ag teacht dod’ shochraid
a Airt an bhrollaigh ghil….
Mo ghrá thú is mo thaitneamh!
Gaol an mharc-shlua ghairbh
A bhíodh ag lorg an ghleanna,
Mar a mbainteá astu casadh,
Á mbreith isteach don halla,
Mar a mbíodh faobhar á chur ar sceanaibh,
Muiceoile ar bord á ghearradh,
Caoireoil ná comhaireófá a heasna,
Coirce craorach bhuinfeadh rith as eachaibh
A bhainfeadh sraoth as eachaibh –
Capaill ghruagach’ as bhuachaillí acu
Is buachaillí ‘na n-aice
Ná bainfí díol ina leaba
Ná as fasach a gcapall
Dá bhfanaidís siúd seachtain,
A dheartháireacha lár na gcarad.
Mo chara is mo lao thú!
Is aisling trí néallaibh
do rinneadh aréir dom
i gCorcaigh go déanach
ar leaba im’ aonar:
cur chríon an Gaortha,
gur thit ár gcúirt aolda,
nár fhan friotal id chaol-choin
ná binneas ag éanaibh,
nuair fuaradh tú traochta
ar lár an tslé’ amuigh,
gan sagart, gan cléireach,
ach seanbhean aosta
do leath binn dá bréid ort
nuair fuigeadh den chré thu,
a Airt Uí Laoghaire,
is do chuid fola ‘na slaodaibh
i mbrollach do léine.
Mo ghrá is mo rún tú!
‘s is breá thíodh súd duit,
stoca chúig dhual duit,
buatais go glúin ort,
Caroilin cúinneach,
is fuip go lúifar
ar ghillín shúgach –
is mó ainnir mhodhúil mhúinte
bhíodh ag féachaint sa gcúl ort.
Eibhlín Dubh:
Mo ghrá go daingean tú!
‘s nuair théitheá sna cathracha
daora, daingeana,
bhíodh mná na gceannaithe
ag umhlú go talamh duit,
óir do thuigidís ‘na n-aigne.
Tá fhios ag Íosa Críost
ná beidh caidhp ar bhaitheas mo chinn,
ná léine cnis lem thaoibh,
ná bróg ar thrácht mo bhoinn,
ná trioscán ar fuaid mo thí,
ná srian leis an láir ndoinn,
nach gcaithfead le dlí,
‘s go raghad anonn thar toinn
ag comhrá leis an rá,
‘s mura gcuirfidh ionam aon tsuim
go dtiocfad ar ais arís
go bodach na fola duibhe
a bhain díom féin mo mhaoin.
V
Eibhlín Dubh:
Cion an chroí seo agamsa
Ar mhnáibh geala an mhuilinn
I dtaobh faobhar a neigse shileadh
I ndiaidh marcaigh na lárach doinne
Atá agam féin anso go singil
Ar inse Charraig an Ime.
Greadadh croí cruaidh ort
A Sheáin Mhac Uaithne!
Más breab a bhí uaitse
Nár tháinig im thuairim,
’S do thabharfainn duit mórchuid:
Capall ghruagach
’Dhéanfadh tu fhuadach
Trí sna sluaitibh
Lá do chruatain;
Nó macha breá buaibh duit,
Nó caoire is uain duit,
Nó talamh chun tuair duit.
A mharcaigh na mbán-ghlac,
Ó leagadh do lámh leat,
Éirigh go dtí Bálding,
An spreallairín gránna,
An fear caol-spágach,
Is bain de sásamh
in ionad do lárach
Is úsáid do ghrá gheal.
Gan an seisear mar bhláth air!
Gan dochair do Mháire,
Agus ní le grá dhi.
Mo ghrá thú ‘s mo thoil!
A mhná na súl-fhliuch mbog,
Stadaigh d’bhúr ngol
Go n-ólfaidh Art Ó Laoghaire deoch
Roimh é do dhul ar scoil:
Ní ag foghlaim léinn nó port
Ach ag iompar cré ‘gus cloch.