An Sulán

le Seán Ó Céileachair

“Mise an Sulán, fuar, fada, fireann,
Anois an t-am, cá bhfuil an duine?”
Sin é a deirim is mé ag rith le fuinneamh,
Ar mo bhealach chun farraige síos thar an Muileann.

Is fada ‘s is casta é mo chúrsa,
Ó’n tobairín taobh le Barr a’Chuma,
Is mall é mo thuras ‘s is uaigneach,
Tré pháirceanna, portacha ‘s díoganna cúnga.

Is minic a ghluaisim thar mo bhruacha,
Ar mo thuras dom soir tré Baile Mhúirne.
is árd ‘s is feargach mo ghuth ar uairibh,
Le linn dom síneadh go deire mo chúrsa.

Is iomaí gearán is cnáimhseáil a chuala,
Ó’n iascaire searúsach is é go buartha.
Ba mhinic dó áfach bradán a sciobadh,
Istigh im lár nó gar dom bhruacha.

Na h-oícheanta Geimhridh isea bhím-se brónach,
An talamh máguaird is mo bhruacha reóite,
Creathán im ghuth is an sioc im scórnach,
Brat ós mo chionn is é fuar ceomhar.

Le teacht an Earraigh isea ‘thagann an mhúscailt,
Is caithim-se díom an fhéachaint ghruama,
Éiríonn lem neart is braithim an fústar,
‘S tagann arís an fonn is an fuadar.

An Samhradh sámh taitníonn go mór liom,
Is deas é an gáire is an comhluadar,
Daoine ag siúl ar mo bhruacha,
Cuid acu aerach is cuid acu buartha.

Orthu go léir bím-se ag faire
An buachaillín óg is an gearrchaile,
An fear meán aosta is an gaiscíoch láidir,
‘S bím-se a mealladh chun mo linnte a shnámhadh.

Go h-obann ansan is ea thárlaíonn sé,
Is tosnaíonn an t-olagón is an caoineadh,
An fear mór groí is é fuar sínte,
Amuigh ar mo bhruach i measc slua mór daoine.

Gluaisim liom ansan ar mire,
Is fágaim im’ dhiaidh an gol is an caoineadh,
Mar mise an Sulán fuar fada fireann
Tháinig an t-am is sciobas mo dhuine.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Leagan Sheáin Uí Thuama)

le hEibhlín Dubh Ní Chonaill

Seo an leagan a shnaidhm Seán Ó Tuama le chéile agus é a d’iarraidh leagan iomlán a dhéanamh des na leaganacha ar fad. Úsáidtear é mar an sain-leagan anois i gcoláistí agus is é sin a bhíonn go coitianta, cé nách é a bhíodh ag muintir Mhúscraí go traidisiúnta.

Scéal Airt Uí Laoghaire ó Chumann Staire Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Mo ghrá go daingean tú!
Lá dá bhfaca thú
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitneamh duit,
d’éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.

Is domhsa nárbh atairseach:
Chuiris párlús á ghealadh dhom,
rúmanna á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
brící á gceapadh dhom,
rósta ar bhearaibh dom,
mairt á leagadh dhom;
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó thairis dá dtaitneadh liom.

Mo chara go daingean tú!
is cuimhin lem aigne
an lá breá earraigh úd,
gur bhreá thíodh hata dhuit
faoi bhanda óir tarraingthe;
claíomh cinn airgid,
lámh dheas chalma,
rompsáil bhagarthach –
fír-chritheagla
ar namhaid chealgach –
tú i gcóir chun falaracht
is each caol ceannann fút.
D’umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tú,
a mhuirnín mh’anama….

Mo chara thú go daingean!
is nuair thiocfaidh chúgham abhaile
Conchubhar beag an cheana
is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom go tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
‘Neosad dóibh fé mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt….

Mo chara thú go daingean!
is níor chreideas riamh dod mharbh
gur tháinig chugham do chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar go t’iallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí ‘s id sheasamh.
Thugas léim go tairsigh,
an dara léim go geata,
an triú léim ar do chapall.

Do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is a bhí sé agam,
go bhfuaireas romham tú marbh
Cois toirín ísil aitinn,
gan Pápa gan Easpag,
gan Cléireach gan Sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing —
do chuid fola leat ‘na sraithibh;
is níor fhanas le hí ghlanadh
ach í ól suas lem basaibh.

Mo ghrá thú go daingean!
is éirigh suas id’ sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfeam máirt á leagadh,
go nglaofam ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol dá spreagadh,
go gcóireod duitse leaba
faoi bhairlíní geala,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat allas
in ionad an fhuachta a ghlacais.

II

Deirfiúr Airt:

Mo chara is mo stór tú
is mó bean chumtha chórach
ó Chorcaigh na seolta
go Droichead na Tóime,
do thabharfadh macha mór bó dhuit
agus dorn buí-óir duit,
ná raghadh a chodladh ‘na seomra
oíche do thórraimh.

Eibhlín Dubh:

Mo chara is m’uan tú!
is ná creid sin uathu,
ná an cogar a fuarais,
ná an scéal fir fuatha,
gur a chodladh a chuas-sa.
Níor throm suan dom:
ach bhí do linbh ró-bhuartha,
‘s do theastaigh sé uathu
iad a chur chun suaimhnis.

A dhaoine na n-ae istigh,
‘bhfuil aon bhean in Éirinn,
ó luí na gréine,
a shínfeadh a taobh leis,
do bhéarfadh trí lao dho,
ná raghadh le craobhacha
i ndiaidh Airt Uí Laoghaire
atá anso traochta
ó mhaidin inné agam?

Athair Airt:

A Mhorrisín léan ort!-
Fuil do chroí is t’ae leat!
Do shúile caochta!
Do ghlúine réabtha!-
A mhairbh mo lao-sa,
Is gan aon fhear in Éirinn
A ghreadfadh na piléir leat.

Mo chara thú ‘s mo shearc!
Is éirigh suas, a Airt,
Léimse in airde ar t’each,
Éirigh go Magh Chromtha isteach,
Is go hInse Geimhleach ar ais,
Buidéal fíona id ghlaic –
Mar a mbíodh i rúm do dhaid.

Eibhlín Dubh:

M’fhada-chreach léan-ghoirt
ná rabhas-sa taobh leat
nuair lámhadh an piléar leat,
go ngeobhainn é im’ thaobh dheas
nó i mbinn mo léine,
is go léigfinn cead slé’ leat
a mharcaigh na ré-ghlac

Deirfiúr Airt:

Mo chreach ghéarchúiseach
ná rabhas ar do chúlaibh
nuair lámhadh an púdar,
go ngeobhainn é im’ chom dheas
nó i mbinn mo ghúna,
is go léigfinn cead siúil leat
a mharcaigh na súl nglas,
os tú b’fhearr léigean chucu.

III

Eibhlín Dubh:

Mo chara thú is mo, shearc-mhaoin!
Is gránna an cháir a chur ar ghaiscíoch
comhra agus caipín,
ar mharcach an dea-chroí
a bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh
agus ag ól ar hallaíbh
i bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Mo mhíle mearaí
mar a chailleas do thaithí.

Greadadh chughat is díth
a Mhorris ghránna an fhill!
a bhain díom fear mo thí,
athair mo leanbh gan aois:
dís acu ag siúl an tí,
‘s an triú duine acu istigh im chlí,
agus is dócha ná cuirfead diom.

Mo chara thú is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d’fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, ‘A Eibhlín, éirigh id sheasamh
agus cuir do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.’
Níor dheineas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.

Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
cuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t’fhuip;
sin í do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir,
mar a gcaolóidh romhat an sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
má tá a mbéasa féin acu –
‘s is baolach liomsa ná fuil anois….

Mo ghrá thu is mo chumann!
‘s ní hé a bhfuair bás dem chine,
ná bás mo thriúr clainne;
ná Dónall Mór Ó Conaill,
ná Conall a bháigh an tuile,
ná bean na sé mblian ‘s fiche
do chuaigh anonn thar uisce
‘déanamh cairdeasaí le rithe –
ní hiad go lér atá agam dá ngairm,
ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh
ar inse Charraig an Ime!
marcach na lárach doinne
atá agam féin anso go singil —
gan éinne beo ‘na ghoire
ach mná beaga dubha an mhuilinn,
is mar bharr ar mo mhíle tubaist
gan a súile féin ag sileadh.

Mo chara is mo lao thú!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Conchúir, Mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
aniar ón nGaortha
is anoir ón gCaolchnoc,
mar a bhfásaid caora
is cnó buí ar ghéagaibh
is úlla ‘na slaodaibh
na n-am féinig.
Cárbh ionadh le héinne
dá lasadh Uíbh Laoghaire
agus Béal Átha an Ghaorthaigh
is an Gúgán naofa
i ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
a mbíodh an fiach á thraochadh
ón nGreanaigh ar saothar
nuair stadaidís caol-choin!
Is a mharcaigh na gclaon-rosc —
nó cad d’imigh aréir ort?
Óir do shíleas féinig
ná maródh an saol tu
nuair cheannaíos duit éide.

IV

Deirfiúr Airt:

Mo ghrá is mo rún tú!
‘s mo ghrá mo cholúr geal!
Cé ná tánag-sa chughat-sa
is nár thugas mo thrúip liom,
níor chúis náire siúd liom
mar bhíodar i gcúngrach
i seomraí dúnta
is i gcomhraí cúnga,
is i gcodladh gan mhúscailt.

Mura mbeadh an bholgach
is an bás dorcha
is an fiabhras spotaitheach,
bheadh an marc-shlua borb san
is a srianta á gcroitheadh acu
ag déanamh fothraim
ag teacht dod’ shochraid
a Airt an bhrollaigh ghil….

Mo ghrá thú is mo thaitneamh!
Gaol an mharc-shlua ghairbh
A bhíodh ag lorg an ghleanna,
Mar a mbainteá astu casadh,
Á mbreith isteach don halla,
Mar a mbíodh faobhar á chur ar sceanaibh,
Muiceoile ar bord á ghearradh,
Caoireoil ná comhaireofaí a heasnaí,
Coirce craorach ramhar
A bhainfeadh sraoth as eachaibh –
Capaill ghruagach’ sheanga
Is buachaillí ‘na n-aice
Ná bainfí díol ina leaba
Ná as fásach a gcapall
Dá bhfanaidís siúd seachtain,
A dheartháir láir na gcarad.

Mo chara is mo lao thú!
Is aisling trí néallaibh
do deineadh aréir dom
i gCorcaigh go déanach
ar leaba im’ aonar:
gur thit ár gcúirt aolda,
cur chríon an Gaortha,
nár fhan friotal id chaol-choin
ná binneas ag éanaibh,
nuair fuaradh tú traochta
ar lár an tslé’ amuigh,
gan sagart, gan cléireach,
ach seanbhean aosta
do leath binn dá bréid ort
nuair fuadh den chré thu,
a Airt Uí Laoghaire,
is do chuid fola ‘na slaodaibh
i mbrollach do léine.

Mo ghrá is mo rún tú!
‘s is breá thíodh súd duit,
stoca chúig dhual duit,
buatais go glúin ort,
Caroilin cúinneach,
is fuip go lúifar
ar ghillín shúgach –
is mó ainnir mhodhúil mhúinte
bhíodh ag féachaint sa chúl ort.

Eibhlín Dubh:

Mo ghrá go daingean tú!
‘s nuair théitheá sna cathracha
daora, daingeana,
bhíodh mná na gceannaithe
ag umhlú go talamh duit,
óir do thuigidís ‘na n-aigne
gur bhreá an leath leaba tú,
nó an bhéalóg chapaill tú,
nó an t-athair leanbh tú.

Tá fhios ag Íosa Críost
ná beidh caidhp ar bhaitheas mo chinn,
ná léine chnis lem thaoibh,
ná bróg ar thrácht mo bhoinn,
ná trioscán ar fuaid mo thí,
ná srian leis an láir ndoinn,
ná caithfidh mé le dlí,
‘s go raghad anonn thar toinn
ag comhrá leis an rá,
‘s mura gcuirfidh ionam aon tsuim
go dtiocfad ar ais arís
go bodach na fola duibhe
a bhain díom féin mo mhaoin.

V

Eibhlín Dubh:

Mo ghrá thú is mo mhúirnín!
Dá dtéadh mo ghlao chun cinn
Go Doire Fhíonáin mór laistiar
Is go Ceaplaing na n-úll buí,
Is mó marcach éadrom groí
Is bean chiarsúra bháin gan teimheal
A bheadh anso gan mhoill
Ag gol os cionn do chinn
A Airt Uí Laoghaire an ghrinn.

Cion an chroí seo agamsa
Ar mhnáibh geala an mhuilinn
I dtaobh a fheabhas a níd siad sileadh
I ndiaidh mharcaigh na lárach doinne.

Greadadh croí cruaidh ort
A Sheáin Mhic Uaithne!
Más breab a bhí uaitse
Nár tháinig faoim thuairim,
’S go dtabharfainn duit mórchuid:
Capall gruagach
’Dhéanfadh tu fhuadach
Trí sna sluaitibh
Lá do chruatain;
Nó macha breá ’bhuaibh duit,
Nó caoire ag breith uan duit,
Nó culaith an duine uasail
Idir spor agus buatais –
Cé gur mhór an trua liom
Í fheiscint thuas ort,
Mar cloisim á luachaint
Gur boidichín fuail tu.

A mharcaigh na mbán-ghlac,
Ó leagadh do lámh leat,
Éirigh go dtí Baldwin,
An spreallairín gránna,
An fear caol-spágach,
Is bain de sásamh
in ionad do lárach
Is úsáid do ghrá ghil.
Gan an seisear mar bhláth air!
Gan dochair do Mháire,
Agus ní le grá dhi,
Ach is í mo mháthair
Thug leaba ‘na lár di
Ar feadh trí ráithe.

Mó ghrá thú agus mo rún!
Tá do stácaí ar a mbonn,
tá do bha buí á gcrú;
is ar mo chroí atá do chumha
ná leigheasfadh Cúige Mumhan
ná Gaibhne Oileán na bhFionn.
Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham
ní scaipfidh ar mo chumha
atá i lár mo chroí á bhrú,
dúnta suas go dlúth
mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
‘s go raghadh an eochair amú.

A mhná so amach ag gol
stadaidh ar bhur gcois
go nglaofaidh Art Mhac Conchúir deoch,
agus tuilleadh thar cheann na mbocht,
sula dtéann isteach don scoil —
ní ag foghlaim léinn ná port,
ach ag iompar cré agus cloch.

An Banbh

https://soundcloud.com/muscrai/an-banbh/

le Domhnall Ó Luasa

Eachtra beag a tharla don bhfile ó Lios Buí i bparóiste Chill na Martra nuair a d’imigh banbh ar strae atá san amhrán. D’iarr a mháthair air an banbh a fháil ar ais agus bhí eagla air go mbuailfí é mura bhfaigheadh sé an banbh. Dúirt sé gurbh amhlaidh nár tugadh go leor le nithe dó agus níor thaitin sé leis na mná gan amhras. Sa deireadh tar éis ceist a chur ar chailín a bhí ag crú na mbó, tháinig sé ar an mbanbh sa lios.

Cantar é leis an bhfonn céanna is atá ag an amhrán ‘Táimse ‘gus Máire’.

Foinse: Coiste Litríoctha Mhúsgraí

Ar maidin Dé Máirt ba chráite bhí m’aigne
Am shuí ag ceann cláir ag ithe prátaí is bainne leo,
Nuair a phreab chugham mo mháithrín ba dhána bhí a labhartha,
“Éirigh id’ shuí  ‘stráile, ar fán chuaigh an banbh uaim.”

Rex-fal-di-ó, rex-fal-di-I-é-didil,
Rex-fal-di-ó,  rex-fal-di-I-é-didil-dee.

Do phreabas  ón mbord, do dheineas comhartha na croise orm
Is mo hata le fórsa am dhóid liom gur sciobas é.
Do bhuaileas an bóthar go dtí na comharsain ba ghiorra dhom
Féachaint a gcasfaí le neomat, ar stró banbh muic’ orthu.

Ar filleadh dhomhsa ba bhrónach bhí m’aigne
Le súil is fá dhó go ngeobhfaí den mhaide ‘rm.
Sé’n leathscéal do fuaireas sara mbuailfí sa mhalainn mé
Gur céalacan mór chuir an ruagairt chomh tapaidh air.

Níor thaithin san mar ráiteas leis na mná ‘bhí sa bhaile romham.
Dúradar nár ghnáthach le fáidh a bheith rathmhar riamh
“Éirigh ‘t shuí ‘stráile is soláthair an banbh chugham,
Nó ní íosfair aon phráta ar an gclár so ‘n fhaid a mhairfidh tú.

Furasta tógaíg’ fóill ná bí cealgach
Mar is eol domhsa é ‘fhógairt gan feorlaing a chailliúint leis.
D’imíos an bóthar ar seol chun an gheata soir,
Rian a chrúibín do fuaireas gan fuacht ins an lathaigh ann.

Chuas ó thuaidh go dtí ‘n teampall mar a raibh óg-bhruinneall mhaisiúil.
Dúirt go raibh sé sa chlós nuair bhí bólacht ar bainne ‘cí.
D’imíos ó thuaidh is mór thimpeall an leasa siar,
Agus fuaireas sa tuar é ‘gus fuadar chun treafa fé.

Ba thrua leat an “Poet” d’iarraidh é ‘chóisteáil abhaile leis,
Ní raibh aige cord ná rópa  go gcasfadh air,
Do rugas ar chluais air, ba fhuaimeint nár leagadh mé,
D’aireofá gan spleáchas in Eanach Fháibhle ag screadaigh é.

I dtaobh na rabhcán so bíonn a lán daoine in earraid liom,
Bíonn is mo mháthair ‘dtaobh trácht ar an mbanbh so.
Ba dhóigh liom go mb’fhearr san ná bheith i dtigh ‘n tábhairne a’ ragairne,
Ar meisce crostála ‘s constábla ‘am stracadh leo.