Stracaire Fir a Chuaigh go Meirice

Do ráinig go raibh stracaire fir gan puinn éadaigh ná airgid i gCóbh Chorcaí. D’oir dó dul go Meirice; ach b’shidí an mháchail – ní raibh aon airgead aige, agus cad a bhí aige le déanamh?

D’éalaigh sé isteach ar chuma éigint ar an loing. Is dócha go raibh cuid éigint acu ag déanamh scáth dho, ach níor bh’aon chabhair é, mar do chonaic an captaein é, agus b’éigint dó imeacht. Ach sarar imigh an long dhein sé seift éigint ar éaló isteach arís. Thóg sé seilbh i bpoll éigint inti, agus greim bídh ag duine éigint á bhailiú chuige i ganfhios, chun go rabhadar dultha in aice an chuain i Meirice.

Faill éigint dá bhfuair sé ar éaló amach as an gcúinne go raibh sé i ganfhios don chaptaein, in áirde leis, agus do chaith é féin amach sa bhfarraige; thosnaigh ar shnámh, ach ba ghairid a bhí sé amuigh nuair a chonaiceathas é. Do liúig an captaein go gcaithfí an fear a shaora. Fuaradh greim air, ach níor bh’aon chabhair é – d’eiti sé dul isteach an an loing. Dhein an captaein tathant air.

‘Ní raghad,’ a dúirt sé. ‘Nách móan an t-athrú atá tagaithe ort ó chuiris amach mé i gCóbh Chorcaí? Táim i ndiaidh na loinge i gcaitheamh na haimsire ó shin,’ a dúirt sé, ‘agus nuair go bhfuilim tagaithe go dtí so ní haon mhoill dom an chuid eile don tslí a shnámh!’
Ach do dhein an captaein mórán tathaint air agus geall mórán airgid a thabhairt dó ach teacht isteach. Tháinig, agus do cuireadh air culaith mhaith éadaigh.

B’é an chéad rud a dhein an captaein ná fógra chuir ar na páipéir go raibh aige an snámhaí a b’fhearr sa domhan, is go gcuirfeadh míle púnt gíll ar a shon. Níor bh’fhada gur tháinig fear éigint – is dócha snámhaí maith nách miste a thabhairt air – agus chuir geall go snámhfadh sé féin leis.

Nuair a tháinig an lá chun an chomórtais do bhí na sluaite ag bailiú fé dhéin na farraige san áit go raibh an snámh le déanamh. Bhí an t-Éireannach g cuir de féin an chuain, agus an snámhaí in éineacht leis. Chonaic sé ar an slí dhó seana-bhloc iarainn, agus thosnaigh ar é iompáil roimis amach.
‘Cá raghair leis sin?’ arsa an snámhaí eile.
‘Béarfam linn go hÉirinn é,’ ar seisean. ‘Gabha isea m’athair, agus níl aon bhlúire den inneoin aige ach cloch mhór a thug sé isteach sa cheártain don chlaí. Dá mbeadh an bloc so aige thuillfeadh sé pé méid airgid ba mhaith leis. Ní mhothóm é bhreith linn eadrainn sa tsnámh.’
‘A Dhia bíodh an dial agat!’ arsa an fear eile, ‘nó cé fhéadfadh snámh go hÉirinn?’
‘Níl ach cúpla lá,’ arsa an tÉireannach, ‘ó thánag-sa anso. Chuir an captaein amach as an loing mé i gCorcaigh. Do shnámhas i ndiaidh na loinge, agus bhíos anso chomh luath leis!’
‘Nílimse chun snámh leat,’ ar seisean; ‘ní fhéadfainn dul leath na slí leat. Tá mo gheall caillte agam, agus bíodh sé agatsa nó ag pé fear a chuir ar do shon é!’

 

Aa-Th. I612. Cp. O’Sullivan: Folktales, p. 209
An Irishman stows away on a ship outward bound for America. When approaching land, he jumps overboard, and swims towards the shore. Dis covered and brought aboard, he pretends that he had swum the whole way from Cork. The ship’s captain lays a wager of £1,000 that no one can be found to rival this feat. A man engages to do so, but as the two swimmers are about to enter the water, the Irishman sees an iron block on the quay, and tells the other that he intends to bring it with him to serve as an anvil for his father, a smith in Ireland, whereupon the other cedes the contest to him!
This version resembles closely the tale entitled ‘ Snámhaí Éireann’ (The Swimmer from Ireland) in Seosamh Laoide: Tonn Tóime, Dublin, 1915, p. 1.