Donnacha an Chúil

Seo eachtra beag airínn mar gheall ar Dhonnacha an Chúil, fear chodalta an lae agus shiúil na hoíche. Bhíodh sé amuigh i gcónaí istoíche: ba chuma leis caidé an tráth den oíche a thiocfadh sé abhaile. Oíche éigint dá raibh sé ag cuir an bhóthair de, do bhuail ‘na choinnibh ceathrar fear agus comhra ar a nguaillibh acu. Do léim Donnacha agus chuir sé a ghuala fén gcorainn in éineacht leo. Leis sin do leogadar chuige an chomhra anuas ar an mbothar. Chuir se an chomhra chuige ar a dhrom agus do riug leis abhaile í. Nuair oscail sé í do bhí an bhean uasal bhreá go léir sínte ina codladh istigh inti. Do dhúisigh sé í, ach má dhein, ní raibh aon fhocal cainte aici.

Oíche eile i gcionn tamaill ina dhiaidh san – bhí bliain caite – bhí sé amuigh arís, ag gabháil an bhóthair chéanna. D’airigh sé an chosaráil chuige, agus do dhruid sé isteach sa díg. Do bhuail an ceathrar fear chuige arís. ‘Bliain is an oíche anocht,’ arsa duine acu, ‘a bhain Donnacha an Chúil dínn iníon an Iarla Ruaigh anso.’
‘Is olc atá curtha againn chuige ó shin,’ arsa fear eile acu.
‘Cad a fhéadaimís a dhéanamh leis?’ arsa an tríú duine. ‘Ná fuil fhios agat gur fear é ná luífeadh mille ná mothú air, agus ná lasfadh gaoth ná grian air?’
‘Is suarach an chabhair dó í,’ arsa an ceathrú fear, ‘ mar ní labharfaidh sí focal choíche dhó, chun go bhfaighe sí trí deocha as an gcom so im láimh.’

Do léim Donnacha amach, agus do sciob sé an corn uaidh. ‘Ní bheidh si ro-fhada gan na deocha san! ‘ ar sisean. Abhaile leis go muaral ach. Thug se na tni deocha as a’ gcorn don mhnaoi. Thosna si ar chaint, agus d’inis si na scealtha go leir do, agus cer bh’i: inion don larla Rua a b’ea i.

Do chuir Donnacha scéala ag triall ar an larla Rua go raibh a iníon aige, ach is amhal a bhí an tIarla ar buile, mar do bhí sí curtha aige le bliain roimis sin. Ach do chuir an teachtaire fhéachaint air teacht leis go dtí tigh Dhonnacha chun go bhfeiceadh sé í, agus nuair a tháinig bhí sí ann roimis chomh maith is bhí sí riamh.

Do tugadh le pósadh do Dhonnacha í, agus ní raibh Donnacha chomh mí-ábharach ná chomh siúlóideach as san amach. D’fhan sé in éineacht leis an larla Rua, agus ise a fuair gach aon áit a bhain leis an Iarla t’réis bháis an larla.

 

Aa-Th. 99o* (FFC 188)
A man named Donnacha – as in the previous tale – returning home late at night, meets four men carrying a coffin. When he puts his shoulder under the coffin, the men abandon it and disappear. Donnacha carries the coffin home, opens it, and finds a girl inside, unharmed, but speechless. A year later, while out late at night, he hears a noise, hides, and sees the same four men talking.  ‘A year and a night ago,’ says one of them, ‘Donnacha took from us the Red Earl’s daughter.’ Another replies that the girl can only recover her speech by taking three drinks from the goblet which he holds in his hand. Donnacha snatches the goblet from him, and gives the girl the three drinks, whereupon she tells who she is. A messenger is sent to the Red Earl, giving him the good news that his daughter, whom he had thought dead, is alive. The Earl gives the girl in marriage to her rescuer, who, on the Earl’s death, inherits his property.

For another variant see Béaloideas, Vol. 33, p. 132.

Advertisements