Aisling Gheal

Foinse: The Irish Folk Song Society Journal (A.M. Freeman)

Seo amhrán a bhí caillte ar feadh na mblianta mar ní raibh éinne á chanadh go dtí gur tháinig Seán Ó Riada go dtí an ceantar. Fuair sé an leagan seo i mbailiúchán Freeman a thóg sé síos ó bhean darbh ainm di Peig Ní Donnchadha ó Bhaile Mhúirne. Chóirigh sé é don phianó agus chuir sé a lucht leanúna fé dhraíocht nuair a chas sé é ag coirmeacha ceoil.
B’é a mhac Peadar a thug draíocht ceart don amhrán nuair a thug sé do Iarla Ó Lionáird é agus é ina gharsún óg de 12 bliain d’aois le haghaidh an eisiúint ‘Ceol agus Cibeal Chúil Aodha’ sna 70odí. Tá sé á chanadh go forleathan ó shin le leaganacha ag Máire Ní Chéilleachair, Diarmuidín Maidhcí, Mary Bergin, Liam Ó Floinn agus Mícheál Ó Suilleabháin i measc daoine eile

Aisling gheal do shlad trím néal mé,
Go rabhas-sa tréith-lag le seal im’ luí,
Is go rabhas i ngleann cois abhann im’ aonar,
Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí
go raibh na camthaí Gall agus Gaelach
Agus claimhte géara ag uaisle an tsaoil,
Ag breith barr áidh is á rá le chéile
Go mbeadh Iá na naomh anois le fáil gan mhoill.

Ba ghearr a`seal dhom gur dhearcas maighre,
‘Gus gruaig a cinn léi go féar a’ fás,
A dlaoifholt a tíocht mar na réalthaí
Ag titim léi-se go dtí barr a troighe,
A’ scuabadh an drúchta de bharr an fhéir ghlais,
‘S is lúfar éadrom mar a shiúladh sí,
A dá cíoch cruinne ar a hucht go néata,
A grua mar na caortha is ba gheal í a píp.

Do bheannaíos-sa do mo chuid i nGaolainn,
Is is modhail ‘s is béasach do fhreagair sí,
A phlúr na bhfear, mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé ná táinig d’aois.
Dá dtíodh sa ghreann dúinn clann do dhéanamh,
Is go mbeifeá séantach ins an ghníomh,
Gur gearr ón mbás mé, is go bhfágfainn-se Éire,
Im ghóist im aonar bheinn romhat sa tslí.

Do leagas mo lámh uirthi go béasach
Ó bhun a shtays go dtí barr a troighe,
Is in aghaidh gach stair go ndeininn a lé’ dhi
Is go bpógainn a béilín tláth arís.
Nuair a fuaras-sa dhom gur ghéill sí.
Mo chroí do léim mar an éan ar chraobh,
Is trí lár mo smaoinimh gur mhúscail néal mé
Is le cumha ina déidh siúd ní mhairfidh mí.

Freagra