F. Ó Dúil

le Seán Ó Ríordáin (The Irish Times – 29/03/1968)

Tarlaíonn sé ar uairibh fánacha go gcloisimíd focal a osclann dóirse dúinn agus go h-obann chímíd taobh tíe fé sholas nua nó aicme daoine níos soiléire ná riamh roimis sin, nó b’fhéidir gur sinn féin a chímíd, ró-shoiléir. Níl teora leis na neithe ar a bhféadfadh focal dá leithéid solas chaitheamh. Do chuala a leithéid sin díreach d’fhocal an lá fé dheire agus mé san leabharlainn phoiblí i gCorcaigh. Bhí slua maith ann agus gach duine ar deighilt ón gcuid eile ina dhomhan intliúil féin, ag lorg an bhídh a shásóidh a ocras aigne féin, fé mar bhíonn i leabharlainn.

Bhí beirt bhan rialta ag póirseáil i measc leabhair chreidimh agus fealsúnachta. Oireann siad dá chéile – mná rialta agus leabharlanna. Bhí bruinneal óg ann agus í ag follus idir dhá chomhairle cén chuid dá h-ain-eolas a choillfeadh sí an babhta so. Bhí doicheall an léinn ar chách. Ní bheannódh éinne dá chomharsain ar eagla go n-íosfadh na peidhleacáin é.

Go h-obann chonac cigire trí pholl seilfe idir dhá leabhar. Ní fheadar an bhfaca sé mé? Dá bhfeicfeadh an mbeannódh sé dhom? Nuair a thánag amach ón bhfoithin bí sé romham agus bheannaigh. B’shin é an trá go raibh na múinteóirí ar stailc i gCiarraí toisc an drochbhail a bhí ar an scoil. Phléamair an cheist go díscréideach ón uair go raibh an cheist leóchaileach agus go raibh sé féin ina chigire. Phléamair bainistíocht na sagart. Bhí ana-chur amach aige siúd ar shagairt pharóiste. Dúrtsa nár chuimhin liom go bhfaca sagart paróiste riamh ná raibh cuma feirmeóra air. Dúirt sé go gcaitheamm siad bheith fódúil nó ní sheasódh an eaglais.

***

Bhí an focal draíochta ráite – fódúil. B’shin é é – fódúil. Thit solas ar a raibh de shagairt pharóiste riamh feicithe agam. Nocht chugham sagairt pharóiste ná faca riamh. Chonac a gcloigne agus poill a gcluas ins an mbosca faoistine. Ar deire ní mór ná go bhfaca an Sagart Paróiste Slánaithe mar a déarfadh an Scríbhneoir Slánaithe úd ó Chois Fharraige (Vidette “An Srathar ar Láir,” le Máirtín Ó Cadhain). Go deimhin féin bhí an uile dhuine acu fódúil. Ní fódúíl go dtí iad. Ní críostúil ná críochnúil ná tiarnúil a thaibhsíodar fé sholas an fhocail seo ach fódúil, ar mh’anam. Bhí an cigire féin fódúil.

Go deimhin bíonn cuid mhaith cigirífódúil. Bíonn gach duine céimiúil fódúil – nó a bhformhór. Mara gcreideann túmé cuimhnigh ar na daoine atá ceapaithe ins na poist mhóra ins an eaglais, ins an státsheirbhís, ins na comhlachtaí stáit agus príobháideacha. Bhfuil focal is fearr a oireann dóibh ná fódúil? Aithníonn na fóda a chéile. Ceapann siad a chéile. Bíonn siad ar fad chomh daingean leis an gcois ins an tuairgín. An fhódúlacht a chimeádann an spéir gan titim. An fhódúlacht a sheasann an fód. Is ionann “fear gan fód” dréir an Duinnínigh agus “a shallow or flighty man”. Tá an abairt “fód re h-altóir” aige ach ní sagart paróiste is brí leis. Níor phléamair an tAire Oideachais, Doncha Ó Máille, an lá úd. Ní chreidim go raibh sé siúd fódúil. Ná ní dóigh liom go raibh an Chomhairle seo a imigh tharainn den Vatacáin fódúil. Sin é an fáth is dócha go bhfuil cuid mhór den dream fódúil amhrasach uirthi.

Lean an cigire air ag moladh na sagairt pharóiste, á rá cén chomaoin a chuireadar riamh ar Éirinn, rud ab fhíor dó. Le linn do bheith ag caint chonac ag gabháil tharainn sa phasáiste lasmuigh an lánúin cháiliúil (ní fódúil), Éireannach-Spáinneach, Timme Ó Danaos agus a bhean Dona Ferentes*. It is a sod, sod dtory.

 

*’Timeo Danaos et dona ferentes’ – ‘beware of Greeks bearing gifts’

Advertisements

Comhrá Dhonail Uí Chorcora

le Seán Ó Ríordáin (The Irish Times 02/03/1968, lch. 10)

180px-Daniel_Corkery0001
Dónal Ó Corcora

Thug ceathrar againn turas ar Dhónal Ó Corcora in earrach na bliana 1957. Bhí sé bliain fé bhun na ceithre fichid an uair sin. Ní raibh trá dá laighead dulta ar a ghearchúis agus bhí sé, ina phearsain, chomh triopallach le cailín óg. Ní raibh sa teaghlach ach é féin agus a dheirfiúr.

Do cháin sé Bernard Shaw. Dúirt sé ná raibh ann ach iriseóir. Ba spidiúchán i mbéal Uí Chorcora an focal “iriseóir”, go h-áirithe má bhí duine ar a raibh ainm ealaíontora i gceist. “Iriseóireach, agus sin uile a bhí ina shaothar ar fad,” ar seisean. “Ní raibh oiread agus carachtar beo amháin ina chuid drámaí. Ní raibh iontu ach comarthaí. D’fhéadfá gach rud dá ndearnadar a thuaradh roimhré, marab ionann is daoine Shakespeare, dream ná beadh a fhios ag éinne cad é an chéad rud eile a dhéanfaidís. Fairis sin, níor chuir Shaw oiread agus focal amháin leis an mBéarla, marab ionann aris is Shakespeare, a fhág oidhreacht mhór focal ag an dteanga. Ní mór ná go bhfuil breith tugtha cheana air ag an aimsir.”

Cháin sé Ezra Pound chomh maith. “Símpleóir ab ea  siúd. Cheap sé go bhféadfadh sé dul go Provence agus filíocht a scríobh ar chuma fhilí Provence, agus dul go dtí an Iodáil agus aigne na hIodáile a chur uime. Ní fhéadfadh aon duine a leithéid a dhéanamh. Ní mór do chách claoi lena áit dhúchais.”

Thug Ó Corcora le fios go raibh árdmheas aige ar T.S. Eliot, ach dúirt sé gur dhein Eliot dearmad nuair a aistrigh sé go Sasana, áit ná raibh aon ghluaiseacht litríochta, ach “toy poets” ar fad. D’admhaigh sé go bhfuil roinnt d’aistriúcháin Phound go maith – an méid acu ná fuil ró-neamhspleách, ró-chiotarunta.

Inchigeela Lass

Harold Delaney a chuma n t-amhrán seo, seana-Fhínín ab ea é, agus do bhí sé ar a theitheadh. Do tharla dho bheith ar Aifreann in Inse Geimhleach nuair a thimpeallaigh saighduirí agus Yeomen an séipéal chun é a ghabháil. Do bhí cara mór leis, óg-bhean darb ainm Máire Ní Raghallaigh sa t-séipéal, do thó sí síos go dtí bun an t-séipéil é, agus do mhalartaíodar a gcuid éadaigh. D’imigh Delaney amach, é gléasta mar bhean, agus níor aithníodh é. Níor stad sé agus níor staon sé gur shroich sé Cóbh Chorcaí, agus do bhordaigh sé long go Meiriceá. Is mar bhuíochas ar an gcailín seo, Máire Ní Raghallaigh, a scríobh sé an t-amhrán seo thall, á moladh de bharr é shaoradh ó ghabháil, ó phríosún, agus b’fhéidir ó bhás ag an namhaid sa t-séipéal in Inse Geimhleach. Chanadh Peáití Thadhg Pheig an t-amhrán seo agus tá sé ar an nDD a d’eisigh Peadar Ó Riada i 2011. Chuir a nia Seán Ó Liatháin ar a thaifead féin, ‘An Crúiscín Lán’, sa bhliain 2017.

I greet you proud Iveleary’s sons and daughters fair and true
Assembled at the south-end club, old friendships to renew,
This annual opportunity I’m loth to let it pass
Ere I recite a tale to-night of my Inchigeela Lass.

Iveleary ah, how sweet your name rings in an exile’s ear
Though I’ve not seen those heath clad hills those five and twenty years,
T’was there I met my heart’s delight one Sunday morn at Mass
As I knelt in prayer in the chapel there with my Inchigeela Lass.

She was modest as the cooing dove and gentle as the fawn
That roam o’er Desmond’s storied heights, those highlands o’er Gougane
No goddess fair in Grecian days in beauty could surpass
My winsome rogue, my Máirín Óg, my Inchigeela Lass.

Like all the boys along the Lee I joined a rebel band
And pledged myself to freedom’s cause for dear old motherland
An outlaw, I was chased from Cork to Keimaneigh’s famed Pass
And forced to flee from Erin’s Lee and my Inchigeela Lass.

Before I from my native land for ever would depart
I slipped beyond the soldier’s lines to the darling of my heart
Her pictures on the moonlit lake that mirrored as in glass
The pattern queen of sweet Keimeen, my Inchigeela Lass.

Over Muskerry’s heights and Shehy slopes a waning moon shone pale
As I clasped her to my heart that night in Céimín’s emerald vale
And when inside her cottage door her nimble form did pass
T’was the last I saw of my Cailín Breá, my Inchigeela Lass.

I sped through Inniscarra’s groves before the dawn of day
To a passage in a Yankee ship that in Queenstown Harbour lay
The Captain being a Fenian bold my safety to compass
And the ship set sail from Gráinne Mhaol and my Inchigeela Lass.

Oh, what became of Máirín Óg, Iveleary’s fairest flower
She drooped as drops the May bloomed leaves, belated Winter showers
The Autumn trees had shed their leaves as they laid her’neath the grass
My promised bride, Iveleary’s pride, my Inchigeela Lass.

Were I beside the Lee to-night I’d quickly find the spot
Where Máirín smile brought sunshine to her widowed mother’s cot
The smile that lit the eyes of my sweet Cailín deas
Still cheers my way, I will always pray for my Inchigeela Lass.

Iveleary, ah Iveleary, far away across the wave
You own what I prize most on earth, my Máirín’s moss-grown grave
My present habitation is in Broadway, Boston, Mass.
And the Buachaill Rua is always true to his Inchigeela Lass.

The Poitín

Chan Steven Horgan ó Chúil na Cupóg an t-amhrán so do Chiarán Mac Mathúna ina thigh féin i gCill Garbháin i 1955. Dúirt sé gurbh é an cúipéir, Tom O’Sullivan, a chúm.
Is le Seán Ó Liatháin a luaitear an t-amhrán so anois. Canann sé é leis ‘An Crúiscín Lán‘, ag babhtáil véarsaí Gaeilge/Béarla gach ré véarsa. Tá sé taifeadta aige ar an nDD ‘An Crúiscín Lán’ (2017).

Oh come all you lads and lassies fair attend to my oration
I hope you’ll hear me in my song and give me an ovation,
I now attend your voices and your kind consideration
To wish me joy and happiness in exporting transportation.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán
Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte gheal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán
Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

It was in the month of June or so some cowardly hearted traitors
They went into the barrack and their story they related,
They said that in that western glen far far out in the mountain
There was a poitín Irish flowing from a crystal fountain.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán…

Twas early the next morning the police made preparations
They hired a car and driver to take them to the station,
But when they reached the shanty they found they were mistaken
There was neither manafacturer or anything relating.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán…

Now this crystal drop right from the still t’would cure all kinds of ailments
T’would cure the illit jaunders the scarlet and the measles,
T’would banish heart diseases, from your lungs t’would drive ‘flamation,
From your soul t’would drive the auld divil, from your heart t’would drive temptation

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán…

Now Christmas is before us, boys, were in a consternation
We don’t know where to get a drop without adulteration,
Our Irish manufacturer is the finest in the nation
Because it is distributed without duty, vat or taxation.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán…

And now to conclude and finish and I hope I said no treason,
Freedom is soon dawning and we’ll have home rule sa Ghaeltacht
We’ll banish all land grabbers and cowardly hearted traitors
And we’ll have our poitín Irish still ansúd gan bhaochas d’éinne.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán…

Mary Jane

Amhrán ar an gceirnín nua-eisithe (2017) de chuid Seán Ó Liatháin ‘An Crúiscín Lán’.

And sure once there lived a fair maid and her name was Mary Jane
She lived in a cottage by the Lee,
The bells they were ringing as I listened to the rain
As I sat upon the seat beside her there.

For she oft times used to whisper and she fondly used to say
“I love you and I care for none but you,
I never will forget you though we’re parting far away
Believe me and I always will be true.”

She was a pretty looking girl and her cheeks were like the rose
Her skin it was fair whiter than the snow,
I pressed her to my bosom and sure heaven only knows
Sure it nearly broke my heart to leave her go.

Curfá

I asked her if she’d marry me and happy we would be
Together we would settle down in life,
She looked at me most charming and thus to me did say
For you I’d make a tender loving wife.

Curfá

And sure now that we are married tis often times I say
Twas better we were single back again
For there’s so much joy and happiness I can not well contain
What a kiss from a true lover can obtain