Seán Ó Ríordáin – Colún san Irish Times

1224310229812_1.jpg
Seán Ó Ríordáin 1916-1977

Comhrá Dhónail Uí Chorcora

An Mionsciorta agus Aggiornamento

F. Ó Dúil

Intinn Mná

Seán Ó Riada

Advertisements

An Mionsciorta agus an Aggiornamento


le Seán Ó Ríordáin (The Irish Times 16/03/1968 lch. 10)

augustinian.jpgLe faobhar na hoíche cúpla lá roimh Nollaig, do thugas turas ar eaglais Agaistín i gCorcaigh. Mná is mó a bhí ann. Mionsciortaí ag preabadh amach as boscaí faoistine gan aon toradh acu ar an ábhar faoistine a thugann siad don bhfireannach bocht, clúdaithe, más fíor. Naomh Agaistín ar an bhfalla ag féachaint ar na h-imeachtaí seo. Veni Cartaginem. Mionsciorta ará um an dtaca so ar íomhá na béithe in ár n-aigne – agus níl aon teora le tabhacht íomhánna na laethannta so. Ní mór ná go bhfuil an áilleacht bhaineann táirneáilte ar an mionsciorta in ár samhlaíocht.

Braithim go n-iomprann na mná go baineannacht mar a iomprann bacaigh bochtaineacht. Bíonn an bhochtaineacht scríte ar na bacaigh. Bíonn siad de shíor a h-iompar. Deirtear ná fuil rud chomh buan le dealbhas an duine bhoicht. Tá an mionsciorta lán chomh buan leis, chomh mór ina chuid den bhean. Bíonn na mná so le feiscint de shíor ag gluaiseacht ar na sráideanna agus iad go léir mar a chéile. Ba dheacair iad a aithint thar a chéile. Ba dhóigh leat go mba órd rialta iad – nó b’fhéidir mírialta.

—-

Nach é an scéal céanna é ag iriseoireacht na h-aimsire seo? Nach é an scéal céanna é ag ráitis na státairí, na saineolaithe, na n-eaglaiseach? Ná tagann na taomana caighdeánaithe céanna ar na filí agus ná cloistear na béiceacha caighdeánaithe céanna uathu ar fad? Bíonn na guthanna ar fad geall leis chomh caighdeánaithe leis an mionsciorta. Réabhlóid ab ea an mionsciorta i dtosach ach tá sé tagaithe i gcomhacht, tá sé ina establishment mar a déarfadh an té a déarfadh.

Níor tháinig leithéid an aggiornamento le cuimhne na ndaoine. Tá sí chomh soiléir le feiscint i ngach aigne le h-aon mhionsciorta. Do h-athraíodh machnamh. Do h-athnuadh creideamh agus urlabhra (do cailleadh creideamh leis). Bhíodh na scríbhneoirí fé mar a dheineann i gcónaí le linn inspioráid nua. Ba dheacair na leabhair a scríobhadh ar Vatican II a chomhaireamh. Cumadh téarmaí nua de réir mar thángthas ar mhachnamh nua. Cuireadh strus nua ar theangacha. Bhí an t-aer nua. Bhí aigne an duine nua. Bhí rud nua le rá. Ach fóiríor, ní bhíonn i rud ar bith ach seal.

(Tá an t-alt deireannach do-léite)

Saothar Mhúscraí

‘Séard atá i gceist anseo ná liosta de leabhair agus de cheirníní bainteach le ceantar Mhúscraí agus le muintir Mhúscraí. Beidh nithe á gcur leis an liosta seo de réir a chéile.

Leabhair

Cross, Eric (1942). The Tailor and Ansty

Freeman, Alexander Martin (1920) Journal of the Folk- Song Society No.23

Freeman, Alexander Martin (1921) Journal of the Folk- Song Society No.24

Freeman, Alexander Martin (1921) Journal of the Folk- Song Society No.25.

Ní Shíocháin, Treasa (2012). Bláth ‘s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí

Ní Shúilleabháin, Éilís eag. (2013) An Bóthar Ó Thuaidh

Ó Buachalla, Pádraig (1933). Eachtra Phinocchio

Ó Céilleachair, Domhnall Bán (1940). Sgéal Mo Bheatha

Ó Céilleachair, Donncha & Síle (1955). Bullaí Mhártain

Ó Céilleachair, Séamas (1952). Bláth an Bhaile

Ó Céilleachair, Séamas (1954). Dánta do Scoláire

Ó Céilleachair, Séamas (1955). Coillte an Cheoil

Ó Céilleachair, Séamas (1955). Hup-Hup (dánta don naíscoil)

Ó Céilleachair, Séamas (1956). Mil na mBláth

Ó Céilleachair, Séamas eag. (1956) Nuafhilí I

Ó Céilleachair, Séamas (1960) Dánta Iarscoile

Ó Céilleachair, Séamas (1968) Grian na gCnoc

Ó Céilleachair, Séamas eag. (1968) Nuafhilí II

Ó Céilleachair, Séamas (1971) Ríocht na Gréine

Ó Céilleachair, Séamas eag. (1979) Nuafhilí II

Ó Céilleachair, Séamas (1986) Drúcht an Ghleanna

Ó Ceócháin, Dónal (1933). Saothar Dháimhsgoil Mhúsgraighe.

Ó Coileáin, Seán (1982). Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar

Ó Cróinín, Dáibhí (2000). The Songs of Elizabeth Cronin.

Ó Cróinín, Donncha (1971). Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse

Ó Cróinín, Donncha (1980). Seanachas Amhlaoibh Í Luínse

Ó Cróinín, Donncha (1982). Seanachas Phádraig Í Chrualaoi

Ó Cróinín, Donncha (1985). Seanachas ó Chairbre

Ó Cuív, Brian (1944). The Irish of West Muskerry

Ó Cuív, Brian (1947). Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne

Ó Donnchú, an t-Athair Donncha (1931). Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire.

Ó hÉalaithe, Dónal (1996). Oidhreacht Mhuintir Éalaithe – The Healy Story

Ó hÉalaithe, Dónal (2014). Memoirs of an Old Warrior – Jamie Moynihan’s Fight for Irish Freedom

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1894). Ár nDóithin Araon

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1899). Mion-chaint: an easy Irish phrase book, compiled for the Gaelic League

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1902). Eólas ar áireamh , arithmetical tables in Irish

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1902). An Soísgéal as Leabhar an Aifrinn

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1902). Irish prose composition: a series of articles, including several upon the Irish autonomous verb

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1903). Aesop a tháinig go hÉirinn

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1904). Sgothbhualadh, a series of articles in Irish reprinted from the “Leader”

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1904). Séadhna

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1905). An Craos Deamhan

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1906). An Bealach Buidhe

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1906). Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1907). Niamh

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1909). Eisirt

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1909-1910). Seanmóin agus trí fichid, sermons for every Sunday and holy day of the year

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1911). An sprid: Bas Dalláin: Tadhg Saor, three short plays

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1913). An Cleasaidhe

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1913). Caitilina

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1914). Aithris ar Chríost (a translation into Irish of Thomas à Kempis‘ ‘Imitatio Christi’)

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1914). Sliabh na mBan bhFionn agus Cúan Fithise

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1914). Lughaidh Mac Con

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1915). Briciu

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1915). Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1915). Mo Sgéal Féin

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1915). Guaire

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1918). Ag Séideadh agus ag Ithe

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar eag. (1920). An Teagasg Críosdaidhe

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1921). Don Cíchóté

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1922). Gníomhartha na nAspol

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1924). Lúcián

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1924). Sgéalaidheachta as an mBíobla naomhtha

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1925). Críost Mac Dé

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1926). Sgealaidheacht na Macabéach

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar (1929). Aodh Ruadh

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar. Notes on Irish words and usages

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar. Papers on Irish idiom : together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar. Cómhairle ár leasa, articles published in the “Leader”

Ó Laoghaire, an t-Athair Peadar. Mo shlighe chun Dé : leabhar urnaighthe

Ó Muimhneacháin, Aindrias eag. (1978). Seanchas an Táilliúra

Ó Muimhneacháin, Conchubhar (1934). Béaloideas Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Ó Muimhneacháin, Seán (2006). Bígí ag Agallamh

Ó Muimhneacháin, Seán (2011). Gleanntán an Aoibhnis

Ó Muirithe, Diarmuid (1987). Cois an Ghaorthaidh: Filíocht ó Mhúscraí 1700-1840

Ó Riada, Peadar (2010). Amhránaíocht Dúchas na nGael

Ó Riordáin, Seán (1952). Eireaball Spideoige

Ó Riordáin, Seán (1964). Brosna

Ó Riordáin, Seán (1971). Línte Liombó

Ó Riordáin, Seán (1978). Tar Éis mo Bháis

Ó Súilleabháin (1965). Where Mountainy Men have Sown

Ó Tuama, Seán (1981). Caoineadh Airt Uí Laoghaire

 

Ceirníní

De Buitléar, Éamon (Ceoltóirí Laighean le Diarmuidín Maidhcí agus Seán Ó Liatháin) (2013). Cnuas

The Drole (2015). A Few Tunes for our Friends

Ní Chéilleachair, Máire (1999) Guth ar Fán

Ní Cheócháin, Máire (2003) Cú Cú Ín

Ní Chróinín, Nell; Raw Bar Collective (2011). Millhouse Measures

Ní Chróinín, Nell; Raw Bar Collective (2016). Ag Fógairt an Lae

Ní Mhuimhneacháin, Cáit (2001). An Juga Mór

Ní Shúilleabháin, Éilís (1997). Cois Abhann na Séad: Amhráin ó Mhúscraí

O’Connell, John (2005). The Maid of Ballingarry

Ó Gráda, Conal (2008). Cnoc Buí

Ó Liatháin, Seán (2017). An Crúiscín Lán

Ó Lionáird, Iarla; McMahon, Tony; Noel Hill (1995). Aislingí Ceoil

Ó Lionáird, Iarla (1997). The Seven Steps to Mercy. Ar fáil anseo

Ó Lionáird, Iarla (2005). Invisible Fields

Ó Lionáird, Iarla (2011). Foxlight

Ó Lionáird, Iarla; The Gloaming (2014). The Gloaming

Ó Lionáird, Iarla; The Gloaming (2016). 2

Ó Riada, Peadar; Cór Ban Chúil Aodha (2006) Caoineadh Airt Uí Laoghaire

Ó Riada, Peadar; Cór Ban Chúil Aodha (2009) Laoi na Laoithe

Ó Riada, Peadar; Cór Chúil Aodha (1978) Ceol & Cibeal Chúil Aodha.

Ó Riada, Peadar; Cór Chúil Aodha (1987) Go mBeannaítear Duit

Ó Riada, Peadar; Cór Chúil Aodha (2011) Naomh Gobnait

Ó Riada, Peadar (1995). Amidst These Hills

Ó Riada, Peadar (1996). Winds – Gentle Whisper

Ó Riada, Peadar (2015). Peadar On Piano

Ó Riada, Peadar (2016). Onóir

Ó Riada, Seán (1958). Ceolta Éireann

Ó Riada, Seán (1960). Mise Éire

Ó Riada, Seán (1960). Saoirse?

Ó Riada, Seán (1961). Reacaireacht an Riadaigh

Ó Riada, Seán (1962). The Playboy of the Western World

Ó Riada, Seán (1965). Irische Volkslieder: Harmonia Mundi HMS 30691

Ó Riada, Seán (1966). An Tine Bheo

Ó Riada, Seán (1966). Ceol na Laoi

Ó Riada, Seán (1967). Ceol na nUasal

Ó Riada, Seán (1967). Ding Dong

Ó Riada, Seán (1969). Vertical Man

Ó Riada, Seán (1969). Ceol na hÉireann – Music of Ireland

Ó Riada, Seán (1969/1976). Ceol an Aifrinn & Aifreann II

Ó Riada, Seán (1971). Ó Riada sa Gaiety

Ó Riada, Seán (1972). Ó Riada’s Farewell

Ó Riada, Seán (1995). Romantic Ireland

Ó Riada, Seán (2008). Pléaráca an Riadaigh

Ó Riada, Seán (2011). Seán Ó Riada: Orchestral Works

Ó Riada, Seán (2014). Port na bPúcaí

Ó Ríordáin, Seán (1969). Filíocht agus Prós

Ó Sé, Seán (2011). An Poc ar Buile agus Amhráin Eile

Ó Sé, Seán; Ó Riada, Peadar (2006) ‘Dir Cúm Thóla ‘gus Cúil Aodha

Ó Sé, Seán; Ó Riada, Peadar (2015) Through Banks of Mist

Ó Síocháin, Seán (2012) Ceolta Mhúscraí (Diarmuidín Maidhcí, Máire Ní Cheocháin, Seán Ó Liatháin, Seán Ó Riada chomh maith)

Ó Súilleabháin, Danny Maidhcí (2016). Buail do Phuc is Liúigh. Ar fáil anseo

Ó Súilleabháin, Diarmuidín (1995). Bruach na Carraige Báine

Ó Tuama, Pádraig (2011). Peáití Thaidhg Pheig

Triúr: Peadar Ó Riada; Martin Hayes; Caoimhín Ó Raghallaigh (2010). Triúr sa Draighean

Triúr: Peadar Ó Riada; Martin Hayes; Caoimhín Ó Raghallaigh (2011). Triúr Arís

Triúr: Peadar Ó Riada; Martin Hayes; Caoimhín Ó Raghallaigh (2013). Ómós

Wolfe, Ger (1998). Word & Rhyme

Wolfe, Ger (2002). Ragged Ground

Wolfe, Ger (2004). Heaven Paints her Holy Mantle

Wolfe, Ger (2007). The Velvet Earth

Wolfe, Ger (2009).No Bird Sang

Wolfe, Ger (2011).Fréamh

Wolfe, Ger (2013).I Have Been Loved

*Meascán (1998) The County Bounds

*Meascán (2001). Éigse Dhiarmuidín

*Meascán (2013). Fuaim an Stáisiúin

*Meascán (2013). An Móinfhéar Garbh

Dia ‘do Bheatha

B’í Neóiní Uí Éalaithe ós na Milíní a thug an paidir seo do Pheadar Ó Riada agus de réir mar a dúirt Peadar, bhí sé greannta le dúch daite ar phár, fráma timpeall air agus i gcúl séipéil Chúil Aodha suas go deireadh na seachtóidí. B’é Peadar a chuir ceol leis agus tá sé ar taifead ag Cór Chúil Aodha ar an gceirnín ‘Go mBeannaítear Duit’.

 

Dia ‘do bheatha idir asal is damh gan riar
Is Dia ‘do bheatha id’ leanbh id’ flaith gan ciach
Is Dia ‘do bheatha ód’ fhlaitheas go teacht na bpian
Is Dia ‘do bheatha id’ Athair, id’ Mhac, id’ Dhia

A Phrionsa Bhig sa Tuí

away_in_a_manger_by_wacpacB’í Siobhán Uí Cheallaigh a chum na focail don charúl álainn seo agus b’é Peadar Ó Riada a chóirigh agus a chuir ceol leis.

Foinse: Peadar Ó Riada

A Phrionsa bhig sa tuí, i mainséar fuar id’ luí,
Is saighead trém’ chroí bheith ag smaoineamh ar do chéad-theacht,
Gan fáil ar íostas oíche agat, Muire is Iósaf tuirseach spíonta,
Réalta seaca agat mar dhíon is sneachta séidte.
Ach tháinig asal, bó is caora is bhuail tocht bróin a gcróithe,
Agus sheasadar, id’ thímpeall go ciúin maordha,
Gur shéid anál go cruínn ort, is le teas a gcoirp thug dídean duit,
Is tháinig luisne ar do ghnaoi is tú seascair téite.

Cúrfa
Buailimís cloig go bríomhar is seinnimís ceol bínn duit,
Céad fáilte rómhat, a Naíon dhil.
Ar an gcnoc bhí na h-Aodhairí nuair a chualadar ceol draíochta,
Tháinig glórtha diaga Aingeal ins na spéartha,
Agus chanadar le bínn-ghuth “Glóir do Dhia go siorraí,
Is ar thalamh i measc na gciníocha, go buan go raibh siocháin”.
Éist, a Linbh Íosa le guí na n-aingeal an oíche úd,
Tabhair tuiscint dod’ chréatuirí ar a chéile,
Go gcuifear stop le calaois, le mí-dhaonnacht is sclábhaíocht,
A Phrionsa Bhig sa tuí, tabhair dúinn faoiseamh is síocháin.

Cúrfá

 

 

Focail Siobhán Bn Uí Cheallaigh Ceol is cóiriú Peadar Ó Riada.

The Lure (for Seán Ó Riada)

John Montague

Again, that note! A weaving
melancholy, like a bird crossing
moorland;

pale ice on a corrie
opening inward, soundless harp-
strings of rain:

the pathos
of letters in the 1916 Room
‘Mother, I thank …’

a podgy landmine,
Pearse’s swordstick leading to a care-
fully profiled picture.

That point
where folk and art meet murmurs
Herr Doctor as

the wail of tin
whistle climbs against fiddle, and
the bodhrán begins –

lost cry
of the yellow bittern!