Colún Ruth Bn. Uí Riada sa Kerryman

ror.jpg

Foinse: The Kerryman

Cabaireacht Cúil Aodha 30/06/1973

Cabaireacht Cúil Aodha 15/09/1973

Cabaireacht Cúil Aodha 24/05/1974

Advertisements

Cabaireacht Cúil Aodha

Ruth Ó Riada  24/05/1974

Bhí gabha san Sciobairín fadó, agus bhíodh daoine ag teacht ag triall air nár thaitin ró-mhaith leis. Ní bhíodh acu dhó nuair a dheineadh sé beagán éigin oibre dhóibh sa cheardchain ach “go bhfágaidh Dia do shláinte agat.” Ach nuair a théadh an gabha ag ceannach aráin ní bhfaghadh sé gan airgead é. Bhí sé chomh cráite sin den obair, lá go dtug sé cú a bhí aige óna thigh don ceardhcain agus cheangail sé ann í agus sop fúithi. “Sea,’ ar sé, “beidh a fhios agam go gairid an gcothóidh paidreacha na mbochtán so mo chú.”

An chéad duine eile a tháining is ná raibh ach “go bhfágaidh Dia do shláinte agat!” aige, in ionad a pháigh don ghabha. “Sea,” arsa an gabha “bíodh san agat-sa, a chú.” Lean sé mar sin ar feadh tamaill, gan aon bia a thabhairt don cú ach na guíeanna go léir. Ba snuarach an bia iad, mar do fuair an gabha marbh maidean, tar éis í bheith roinnt éigin aimsire i dtortaíobh le beathúna bpaidear.

An céad duine an mhaidin sin a dúirt “go bhfágaidh Dia do shláinte agat,” in ionad páigh a thabhairt don gabha, ‘sé dhein an gabha ná breith ar ghualainn an fhir. “Tá mo chú marbh agus dá mbeathaíodh guíeanna í ba chóir go mbeadh sí go ramhar láidir. Bhronnas gach guído fuaireas le tamall ar an gcoin sin ach ní dhearnadar an ghnó dhi. An dtuigeann tú mé, a fhir mhaith?” Do thuig, agus chuir a lámh ina phóca á rá, “an mór é an costas?” Ba mhinicí go mó as san amach do bhíodh “an mór é an costas” mar phort ag na daoine ná mar a bhíodh “go bhfágaidh Dia do shláinte agat.”

Pé scéal é, chuaigh roinnt de mhuintir Chúil Aodha go Sciobairín do Fleadh Ceoil Chontar Chorcaí, an deireadh seachtaine seo, agus ní raibh aon ghearán acu ina thaobh mar go bhfuaireadar cúpla duais maith ann! Fuair Eoin Ó Suilleabháin an chéad duais amhránaíocht sean nós fir, agus Nóirín Ní Shuilleabháin an chead duais amhránaíocht sean nósmná. Fuair Mairín Ní Shuilleabháin bonn chomh maith.

Bhí ana-theangbháilt idir Chúil Aodha agus Comhdháil an Pan Celtic i mbliana. Chuaigh muintir Chúil Aodha anonn go Cill Áirne an céad oíche chun ceol agus spórt a dhéanamh dóibh i ndiaidh an Banquet oscailte. Bhí oíche mhaith acu, cé ná raibh mórán Ceiltigh le feiscint fós i gCill Áirne an oíche sin. Ansan tháinig dhá bhus go dtí an Bodhrán ist oíche Dé hAoine seo caite le haghaidh béile agus chun cultúr na Gaeltachta a bhlaiseadh. Cuireadh fáilte rompu ar dtúis ag an teorainn ag Barr a’ Choma, agus as san go dtí an Bodhrán. Bhíodar ana-shásta leis an mbéile agus an fáilte a fhuaireadar agus ar deireadh do dhein na Briotánaigh ciorcal mór timpeall an bord fada agus do chanadar amhráin thraidisiúnta agus rince ag gabháilt leis agus tharraingíodar muintir na háite isteach ann diaidh ar ndiaidh. Bhí oíche mór ceoil sa Mhuileann ina dhiaidh agus réitíomar go breá lena chéile – na daoine ón mBriotáin, ón mBreatain Bhig, ón Albain agus sinn féin.

Cabaireacht Cúil Aodha

le Ruth Ó Riada (Kerryman, 15/09/1973)

Bhí mórán cainte i gCúil Aodha mar gheall ar phictiúr Nell Tom (Bean Uí Ríordáin), a bhí sa Corkman tar éis Féile na Rós i dTrá Lí. Do chuir an chaint go léir i gcuimhne do Mhicheál Ó Suilleabháin an uair gur ghearr sé féin agus Diarmuid Ó Ríordáin amach pictiúr a bhí sa pháipéar de chailín a bhí tar éis comórtas áilleachta a bhuachaint. Sheoladar an pictiúr go dtí Diarmuid A’ Choitir leis an bhearsa seo leanas:

“A Dhiarmuid shéimh an dtaitníonn scéimh
An Spéirbhean thuas leat fhéin,
Nuair a leigheas an scéal, do leath mo bhéal
Fan réidh ní neosfad bréag duit,
Ó oirthear Chléire go Ratlin féin
In Éirinn uasal iath-ghlais,
‘Sí réalt is séad na n-ainnir nGael
An bhé seo atá banúil uibhreach.”

Agus seo an freagra a thug Diarmuid A’ Choitir dóibh:

“A fhile cirt ghreanta go bhfuil acmhainn is greann id ghuth,
Do chuiris mé ag machtnamh de dheascaibh do rann bheag suilt,
Do ghlineas an ainnir sa dealbh mar labhrais liom
Ach níor thugas faoi deara aitheas thar fheabhas ‘na cruth,
Ní fheadar ar measadh don mhascalach togha an cirt
Nó an fáth é chun magaidh ag stealairí falsa ionnainn
Ach fuair Venus aon ceannas thar a raibh eile sa domhain dá sliocht
Chun gur nochtadh gan mhailís í ó bhathas go bonn a troigh.”

Pé rud é mar gheall ar Nell agus an comórtas, níl aon dabht ach gur bhain an Bodhrán mórán adhmaid as an teaspainteas “An Gaeltacht Bheo.” Thaispeáin sé dúinn go raibh margadh maith dos na hearraí taobh amuigh den mBodhrán féin, agus do dheineamhar roinnt teangbháil agus ceangal don bhliain seo chughainn. Do dhein an teaspaintas ús ana mhaitheas dos na Gaeltachtaí ar fad, mar do theaspáin sé dhúinn go bhfuilimíd ábalta sinn féin agus ár gcuid oibre a chur os comhair an phobail le cruth gairimiúil, agus go mbeidh meas air. Beidh na mion-tionsclóirí ag tógaint céim mhór ar aghaidh tar éis an chleachtadh sin.

Tá Comharchumann Chúil Aodha ag lorg Bainisteoir Reatha i láthair na huaire chun leathnú ar ghnó na n-earraí, agus scéim Ionad Crainn agus scéim Tigh Siolrú a chur i gcrích. Tá gach dóchas againn go dtabharfaidh Roinn na Gaeltachta deontas dúinn chuige sin, go háirithe anois, nuair atá sé ráite ag Tomás Ó Domhnaill, Aire na Gaeltachta, go bhfuil sé ag súil go mbeidh páirt mhór ag na Comharchumainn i bhforbairt na nGaeltachtaí as seo amach.

D’oscail Scoil Bhárr d’Ínse agus Coláiste Íosagáin an t-seachtain seo, agus fágann san Cúil Aodha thar n-ais fé réim an Fhómhair arís. Níl fágtha againn anois ach lucht na hollscoile, ach chífeá fós leanaí agus tuáille faoina n-ascaillí acu tráthnóna, is iad ag dul ag snámh sa t-Sulán. Deirtear gur minic a bhí fomhar na ngean cruaidh, scuabach, ach tá sé go hálainn i mbliana, agus ní thuigimid fós go bhfuil an samhradh thart.

D’imigh Finteán agus Mícheál Ó Raghallaigh thar n-ais go Sasana tar éis an t-Samhraidh go léir a chaitheamh lena seana-mháthair Síle Bean Uí Shúilleabháin. Chaith Finteán lá ar Scoil Chúil Aodha agus Mícheál lá sa Cheárd Scoil, agus bhí fonn orthu fanacht ar fad. Tiocfaidh an lá fó ina mbeidh siad ina gCúil Aodhaigh amach is amach. Ná raibh Mícheál ag canadh le Cór Chúil Aodha i gCill Mhic Céadair?

Bhí Mícheál Ó Geallabháin, Reachtaire an Chumann Gaelach TCD ar chuairt i gCúil Aodha an t-seachtain seo, a d’iarriadh blas a chur ar a chuid Gaoluinne agus ag bailiú amhrán ón gceantar.

Homo Ludens

Seán Lucy

And he told this story
of the old singer and the tape recorder:
of how the old man listened to his own voice
while fierce anxiety turned down his mouth
until he heard his strengthening voice
move into life again.

Then sat with concentration till the song was over,
flung his cap on the floor between his boots crying,
‘I’ll never die!’

Another night Seán sat down at the piano
when we were drinking poitín and pints of stout
and played the tune to me for the first time,
that air of pride and loss,
of the sharp love that has accepted loss.

And in his hands our deadly lasting sadness
became acceptable
so I was moved to tears,
not drunk but steady.

I cried,
and when he finished cursed him saying, ‘You bastard,
you took me by surprise’.

He stood up with his fingers round my arm
smiling and laughing;
pleased with my understanding,
more pleased by his power,
most deeply pleased by music
by the thing itself.

One afternoon he said,
‘A man should dance on his own floor’.
And he danced.

Caoineadh don Monsignor Pádraig Ó Fiannachta Iar Uachtarán Dáimh Scoil Mhúscraí

le Betsy Ní Shuibhne

A Phádraig chaoin mo bhrón gur imís
A Uasail shéimh doirtim duit brón is sílim deora tuíocha
Do thaisce leabhar is an stór filíochta
A choinneoid do bheatha go deo ‘nár gcuimhne

Slán go deo leat ó Chúirt na Dáimhe
Bhís mar choinneal órdha ar bhord na saoithe
Do mhanar sheol i Múscraí Má Fhloinn
Do dhoirt le deon dúinn na seoda áilne

Tréine do chreidimh do ghaoluinne agus d’inntealacht
A thuill duit an t-omós agus an onóir ab aired
“An Sagart” “Iris Má Nuad” agus an “Bíobla” ró-álainn
Od’ pheann thagadh leabhar beagnach gach lá uait

Suaimhneas síorraí guím id’ ród
Solas is aoibhneas mór dod’ anam
Beidh Catliona and Colm Cille le fáilte a chur romhat
Is cathaoir ríoga romhat le fanacht.

Rún Comhbhróin don Monsignor Ó Fiannachta

 

Comhbhrón linn go léir a chairde anso ag an nDáimh Scoil, le muintir na h-Éireann, idir tuath agus Cléir, le muintir Chorca Dhuibhne, dá ghaolta, ar bhás d’ár gcara dhil Pádraig.

Bhaineamar an-thaitneamh agus maitheas as nuair a bhí sé mar Uachtarán ar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn.

Is mór a chuir sé leis na h-ócáidí lena chlisteacht agus a dheisbhéalacht, a chuid filíochta, agus a chomhrá bríomhar.

Is mó file ná feicfheadh dán leo riamh i gcló ach amháin an Iris “An Sagart”, agus “Iris Má Nuad”, agus ár mbuíochas leis as san.

Fear léigheanta ab ea é, a chaith a shaol ag craobhscaoileadh an Chreidimh agus na diadhachta le filíocht, cultúr na Gaoluinne tríd a scriobhinní.

Solas síorraí dá anam uasal, Ní bheidh a leithéid arís againn.

 

Betsy Ní Shuibhne
Cúil Aodha
Uachtarán Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Cabaireacht Cúil Aodha

le Ruth Ó Riada (30/06/1973)

Bhí Cúil Aodha ag aisling an tseachtain seo, i lár an tSamhraidh fé bhrothall trom agus ceol na n-éan; abha an t-Suláin ag tarrac gach súile chun faoiseamh agus ag caitheamh scáth-uaine na ngleann is na gcnoc, is scáth-ghorm na spéire.

D’aireófá glór inneall ag baint fhéir agus screadghoil na leanaí thíos fan abhainn mar a mbíonn siad ag snámh de ló is d’oíche. Gach éinne agus a chúram féin air, agus dá bhrí sin ní cabaireacht ar bith san áit le tabhairt dóibh. Fiú amháin níor dhein éinne aon raic le Shain Seáin.

Ní scaoilfeadh Domhall Ó Móráin fadó an oíche sin thairis gan tine cnámh a lasadh. Bhailíodh sé bacla féir agus aiteann tirim agus lasadh sé tine bhreá ar bharr na Milíní a bheadh le feiscint timpeall na tuaithe ar fad. Níor lean an nós sin i gCúil Aodha, cé gur lean sé in áiteanna eile.

Bíonn na bráithre is a gcúram ag bhalcaeracht na laethanta seo, agus leanaí na háite ina measc. Murach na turasanna sin, ní bheadh fhios ag páistí Chúil Aodha cá raibh cathaoir Ghobnatan, nó fiú amháin an seana chosán ag gabháil suas chuige. Tá sé sa bhéaloideas gur shuigh sí ar an gcathaoir seo i nGort na Tiobratan, ag faire ar dhream ná raibh ró-mhuinteartha leí, a bhí ag tógaint caisleán trasna an ghleanna. Gach oíche, chaitheadh sí bolla iarainn a bhí aici, agus leagadh sí an méid a bhí déanta acu i rith an lae. Thagadh an bolla thar n-ais chuichi i ndiaidh gach caitheamh.

Bhí seift ag Naomh Gobnait do gach deacracht a bhuail impi, ach ní fheadar cad é an leigheas a bhí aici do thinneas fiacail. Chaith an Bráthair Ceannt seachtain gan codladh le tinneas fiacail agus thriall sé gach seana chleas agus gach seana phaidir a bhí ann riamh go dtí gur bhris an fhoighne air sa deireadh agus chuaigh sé go Maigh Chromtha chun é a stathadh. Theip ar mhuintir an tí é a dhúiseacht an maidin dá bharr.

Tá roinnt daoine tagtha abhaile ar saoire: an t-Siúr Cora Mary (Eibhlín) Ní Éaluithe ós na Milíní; agus Mairead agus Máire Ní Bhuachalla ó Bharr d’Ínse.

D’imigh roinnt ban ó Chúil Aodha ar turas Bantracht na Tuaithe Bhaile Mhúirne, go dtí Fleadh agus Féasta in Bunratty Déardaoin seo caite. Bhí gach rud leagtha amach go barantúil ag lucht an Chaisleáin, fiú amháin go gcaithidís an bia go léir a ithe lena lámha agus na cnámha os na lomeasna a bhí fágtha a chaitheamh isteach i mbabhlaí “dos na príosúnaigh i bpríosún Luimní.”

Beidh an t-Aonach Ceoil i mBaile Mhúirne an 29ú, 30ú Meitheamh, Iúil 1ú. Tosnóidh sé oíche Dé hAoine le comórtas amhránaíochta, do Corn an Dochtúir Ó Loingsigh. Corn álainn airgid isea an corn seo, luach £200, a bhronn iníon an Dochtúra ar mhuintir an cheantair ionas go gceapfaidís seift éigin chun é a úsáid ar mhaitheas na Gaoluinne agus na traidisiúine. ‘Sé an seift a cheapadar ná go mbeadh comórtas gach bliain ina mbeadh na hamhránaithe ab fheadd san áit ag teacht le chéile agus ag tabhairt teaspántas uathu a spreagfadh suim ins na daoine chun staidéar ar an dtraidisiúin féin agus é a fhorbairt. Tá sé teoranta do shaibhreas amhránaíochta Múscraí agus Uíbh Laoghaire agus dob fhiú go mór cur isteach air.

Ós rud é go bhfuil amhráin Béarla chomh flúirseach agus chomh seanda san áit, ina theannta san, tá comórtas eile ar siúl, agus corn eile. Corn an Mhuilinn, a bhronnadh chuige sin. Teorann chomh fada le Cill Garbháin an uair seo. Déanfar iad a mheas ar na pointí seo leanas – sean nós (na háite), áilleacht, cruinneas nóta, binneas gutha, teacht i láthair, agus cruinneas focal. Céilí leis an Desmond Céilí Band an oíche sin.

Oíche Dé Sathairn beidh Coirm Cheoil le Ceoltóirí Laighean, tás agaibh Éamon de Buitléar, John agus James Kelly srl.

Dé Domhnaigh beidh Aeraíocht le comórtas seiteanna. Tá seit ag teacht ó Chontae an Chláir chuige. Céile arís an oíhe sin.

Beidh an Bodhrán oscailte i gCúil Aodha an deireadh seachtaine sin chomh maith.

Seáinín Dá bhFaigheadh

Foinse: An Bóthar Ó Thuaidh (Scéim Aisling Gheal)

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding

Seáinín dá bhfaigheadh, dá bhfaighead
Seáinín dá bhfaigheadh sé bean
Seáinín dá bhfaigheadh dá bhfaigheadh
Do bhuailfeadh sé an aill amach

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding

Bhí seanabhean thiar sa ghleann
Chaill sé a mheabhar leí sin
Bhí sí go buiniceach teann
Le fothrom trom ar lic

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding

Bhí aici siúd leath dosaen gabhar
Cearc ins gach ball den tigh
Píop aici rópaithe i bpoll
Is fuisce sa chlabhar istigh

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding

Thit uirthi a codladh go trom
Chloisfeá gach srann uaithi
Pósfaidh sí um Inid gan dabht
Má dhúisíonn sí in am chuige

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding

San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding
San teidlí i dí i
San teidlí i dí ding