Neilí, Neilí, Neilí

Seán Ó Riada do scríobh

Foinse: Pléaráca an Riadaigh (Seán Ó Sé)

O Neilí, Neilí, Neilí,
O Neilí, Neilí, an fuacht.
O Neilí, Neilí, Neilí,
An ghaoth aniar is aneas, aduaidh.

Tí sí ag séideadh ins na sléibhte,
Tá sí ag séideadh ins an ngleann.
Tá sí ag baint díom mo chuid éadaigh,
Tí sí ag baint an ghruaig dem cheann

Curfá

Lig isteach mé, scaoil amach mé,
Lig dom suí cois tine seal,
Tabhair dom práta arm o phláta,
‘S beadsa grámhar, maoineach leat.

Curfá

Táim chomh cráite ag an ngála
Táimse tnáite reoite lag,
Táim fliuch báite ag an sáile
Neilí a stóirín scaoil mé isteach

Curfá

Lig isteach mé, scaoil isteach mé,
Lig dom suí cois tine seal,
Cúpla póigín tabhair dom, a stóirín,
Beimid tamall páirteach deas.

Curfá

Advertisements

An Talamh

Saol

3 bliana fál
3 fáil cú
3 coin each
3 each marcach
3 marcach fia
3 fianna fiolar
3 fiolar dair
3 dhair iúr
3 iúr críoch
3 críoch go deireadh an domhain.

Na Sean-tomhaiseanna

Cos tailimh féar chúig mbó
4 cosa gníomh
2 ghníomh seisíoch
3seisíoch baile bó
2 bhaile bó seisreach
4 seisreacha baile biataigh
30 baile biataigh triocha céad

3 gráinne órlach ionnraic
6 órlaí dorn
2 dhorn troigh
6 troithe deiscéim
6 deiscéimeanna insint
6 insint lait
6 lait forrach
6 forraí aircheann

Ceithre hórlaí bas
Teora bas troigh
Dá throigh déag feartach
Dá fheartach déag forrach
Dá fhorrach déag tír cumhaile

4 teadhall dornán
4 dornáin punnann
20 punnann beart

6 órlaí dorn
9 n-órlaí réise
3 troithe stannairt
5 troithe go leith rámhan
1/4 acra cúlán
1/8 míle stáid

12 lán uibh circe meisrín
2 chárt mornán
2 chárt pota
120 planda céad cabáiste
128 breac céad éisc
2 leastar [feircín] céad ime

Dabhach 4 bailte fearann
216 troigh lait
60 acra taite
3 bannlámha dhá shlait

3 thómhais prátaí maol
10 gclocha go leith peic phrátaí
10 bpúint peic mine

Leath féar bó = Áth laidhre
Trian féar bó = Áth colpaí
An séú cuid d’fhéar bó = Áth coise
Féar trí géan = Féar caorach
Féar sé caorach = Féar colpa
12 gníomh = Fearann
1 stang = péirse ceárnach
6 troithe = Feadh (ar doimhneas)

9 bhfóid gruaigín
9 ngruaigín clampa
9 gclampa dubhachán
9 ndubhachán cruach

3 brios gála
3 gála feothan
3 feothain stoirm
3 stoirm aircín

Is beag ná go bhfuil ainm gach baill de na ballaibh beatha ar ghné éigin talún, mar atá:- béal, cab, leaca, ucht, cúl, éadan, mala, srón, grua, cos, alt, guala, ceann, muineál, scórnach, drom, más, ceathrú, lorga, tón, ladhar, geadán, srl.

An Sliabh

“Mol an sliabh is ná taobhaigh, cáin an tí is ná tréighí.”
“Má phósann túbean ón sliabh pósfair an sliabh go léir.”
“Gach sean le cnoc is gach donas le muir.”
“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.”

Tortóg, tortán agus tolmán na cnapóga is lú ar an dtalamh. Bíonn fraoch nó seisc ag fás ar chuid acu. Meall a tugtar ar chnocán a bheadh ar dhéantús coca féir; tulach ar chnocán gur mó é ná an meall; agus tuaim ar chuicín.

Tugtar beann ar phéic de chnoc chaol ard, ach tugtar mullóg, maolán agus maoileann ar mhaolchnocaibh. Fornocht, pléisc, scéird agus stéig a tugtar ar leascaibh go mbíonn leigean ag gaoith agus ag gailbh orthu.

Mullach a tugtar ar bharr ardchnoic, árdán ar bhall a bheadh i leith na haoirde, tiompán ar leathchnoc, agus foradh-chnoc ar chnoc go mbeadh ana-radharc uaidh. Is ionann gairbhtheann agus taobh cnoic ar a mbeadh drisleacha. Céide nóplás a tugtar ar mhullach réidh chomhthrom cnoic, ach starróg a tugtar ar mhullach ard, spléic ar áit ard scéirdiúil, agus grog-mhullach ar árdán neamh-thorthúil.

Do tabharfaí rascalam ar áit fiain aimhréidh, agus garbhlach ar áit anshocair iomarúil.

Is minic, leis, a tugtar ailp ar shliabh ard, altán ar chnuicí, agus breac-chnoc ar chnoc suarach.

Agus ó tharla go ngnáthaíonn gach aon tsórt ainmhí fiain an sliabh gheibhtear ann brocais, nó broicnis, nó broclach an bhroic, coinicéar an choinín, pruais nó puathais an tsionnaigh, gnáthóg nó lonnachán nó canachán an ghiorria, agus falaráin éan.

Ní lom do na sléibhtibh, ach oiread, mar seo roinnt de na rudaíbh a bhíonn ag fás orthu: aiteann Gaelach, aiteann Mhuire, fraoch, roideog [roideogach], asair, feldhris, foirdhris, iúr sléibhe, seasc-fhéar, fionnán, tuí mhuinge, bruana, cíon, luachair, biorach, broileog, casarnach, camh-shaileog, partaing, biríneach, coinbhile, con-rós, fia-abhall, slithimeach, sméir-dhris.

An Gleann

Is iomaí sórt gleanna ann, ach ní hiomadúla iad ná na hainmneacha a tugtar ar gach aon tsaghas dá bhfuil ann díobh. Tugtar créacht nó alt ar chraosán a bheadh ar thaobh sléibhe. Is ionanna comar agus logán aibhneach idir chnocaibh, ach mám a tugtar ar chéim idir dhá chnoc. Tugtar gaothradh ar ghleanntá coillteach aibhneach, ach inis nó inse a tugtar ar mhaigh cois abhann. Is lú, ansan, an caol ná an inse. Anach a gheobhadh amach trí chnocaibh do thabharfaí scabhat air, ach bearna a tabharfaí air dá mba scrogall idir dhá shliabh a bheadh ann, agus craos a thabharfaí ar bhéal scrogaill dá shórt san. Scabhat idir árdánaibh is scórnach é.

Ansan, do gheobhtaí an diamhar i gcúláire na gcnoc is na sléibhte agus gabhag ina chom iargúlta.Is mar a chéile an com agus log nó ball íseal. Maran log ró-dhoimhin é do tabharfaí cabhán nó cuas air. Gnáth-chlais idir dhá árd do tabharfaí ísleán nó bleán air. Gleanntán caol is minic a tugtar glacán air, agus dá mbeadh scailp idir dhá charraig do tabharfaí clasán uirthi. Gleann guaireach a tugtar ar ghleann coillteach. Is mar a chéile díog agus trínse.

Agus istigh ins na gleanntaibh is iomaí saghas poll is póirse a ghabhann fé thalamh iontu: an dearc, an uaimh nó an neoin, agus an cuasán.

Clasach a tabharfaíar áit a bheadh lán de mhion-chlaiseannaibh nó de mhionlogannaibh.

An Choill

“Dí-mhol an choill agus ná fág í.”
“Coll agus cuileann rogha na coille.”

Seo mar áirítear seacht n-óige na coille:- fuinseóg, sciathóg, beathóg, fearnóg, garóg, dreasóg, saileóg.

Bhíodh an dair ana-fhlúirseach in Éirinn i gcónaí riamh, agus is iomaí san ainm a tugtar ar na coilltibh daraí, idir bheag is mór acu. Doire is coitianta a tugtar ar choill daraí, ach friot a tugtar ar cheann acu a bhíonn ar an míntír. Tugtar caol-doire ar choill óg dharaí, dairbheog ar choill bheag daraí, agus dairbhre ar bhall a bheadh lán de choiltibh daraí.

Is ionann fás-choill agus coill óg. Dubhthair a tugtar ar choill thiubh achrannach, breac-choill ar cheann go mbeadh na crainn go fánach inti, agus roisín ar choill bhig. Tugtar scairt nó ros-choill ar choill bheag de mhion-chrannaibh is de sceachaibh, agus is beag ná gur mar a chéile iad san agus an chasarnach. Is ionann mothar agus garrán, ach fothar a tugtar ar mhóinteán coillteach. Ar an dtalamh bog, leis, a gheibhtear an tsalchóid .i. coill sailí. Tugtar muine, chomh maith, ar mhion-choill mhion-fháis, agus dá mba fás neanntóg a bheadh ann do tabharfaí neanntanán air. Ainm eile, fós, ar mhion-choill is ea rosán.

Is mar a chéile dreasóg is sceach bheag, agus dreasarnach nó sceachánach a tugtar ar bhall sceachach nó ar bhall a bheadh lán de dhrisleach.

Ar liomatáiste fhairsing choillteach tugtar foraís, ach tugtar coillearnach ar bhall lán de choilltibh.

An Machaire

“Mol an machaire is ná taobhaigh.”

Tugtar magh ar réimse fhairsing réidh thalún agus fánlach ar mhachaire leathan. Ar mhaigh fhuar lom tabharfaí scéird-mhagh, clár ar réidh-thalamh fairsing, agus fosadh ar thalamh comhthrom. Báinseach nó báinseog a tabharfaí ar mhacha féar-uaithne, agus cluain ar léana fairsing idir choilltibh.

Na saghaiseanna páirce a gheibhtear sa mhachaire is iomadúil agus is éagsúil iad. Móinfhéar a tugtar ar pháirc le haghaidh féir thirim, agus tugtar léana ar a leithéid leis. Páirc le haghaidh arbhair is ea gort, agus coinnleach a tugtar ar ghort tar éis an arbhair do bhaint de. Buaile nó bannrach a tugtaí ar an bpáirc ina gcrútaí ba, ach tuar is ea an pháirc ina gcuirtear ba ag fosaíocht oícheanta, agus prátaí a cuirtear de ghnáth sa gharraí. Is ionann starragán agus ré rasaigh páircs, agus cruaiteachán a tugtar ar pháirc neamhthorthúil. Páirc chun imeartha is ea an fháiche, agus lios is ea an pháircín a bhíonn i ráith nó i ndún. Meadhon a tugtar ar pháirc idir mhíntír is talamh garbh.

Fearbán .i. stráice talún. [Ba dhóigh le duine gur cirte d’ainm é seo ar “Ferbane” ná an ceann atá acu air .i. “An Féar Bán.”]

An Abha

An foinse a tugtar ar an dtobar ina dtógann abha ceann. Le linn di gabháil le fánaidh is minic a thiteann sí ina tulcaíbh de dhruim faille nó carraige. Eas nó easach nó scéardán a tugtar ar an áit ina dtárlaíonn a leithéid.

Feadán a tugtar ar shruthán lúbach, agus bíonn an t-uisce ag gluaiseacht go mear sa tsrúill, agus sa chaise. Ar aibhnibh beaga suaracha tugtar siltheán nó sruth.
Nuair a bhíonn tuile éachtach san abhainn a deirtear go mbíonn sé ina rau-thuile nó ina chamhlaigh.

Trao nó taoidhin a tugtar ar an sruth a bheireann uisce chun muilinn.

Bíonn baill chontúirthacha, leis, san abhainn ina mbíonn an t-uisce ag síor-chasadh go coimhitheach. Cuilith nó cuilith-guairne nó poll guairneaín nó saobh-choire a tugtar ar bhall dá shórd san abhainn. Cá hionadh, uime sin, é bheith ina sheanfhocal againn: “breithnigh an abha sara dtighir ina cuilith?”

An Mhuing (Mhong)

Easc nó eisc a tugtar ar mhuing bhoig fhlich phortaigh. Is é an saghas céanna an fhéith ach gur lú agus gur caoile í. Móinteán is ea réidh go mbíonn garbhfhéar ag fás air, ach is riasc an móinteán íseal fliuch. Ruaidhteach a tugtar ar gharbhréidh agus bogach ar thalamh cartaidh. Bograch, áfach, a tugtar ar mhóinteán bog. Ainm eile ar a leithéid is ea muirleach. [Níor dhóichí riamh é ná gur Muirleach Beag agus nach Muirneach Beag ba cheart ar an mbaile fearainn úd i mBaile Bhóirne [Mhúirne] go raibh díospóireacht ina thaobh tamall óshin.] Is ionann, leis, lapach agus boglach, agus tugtar maiteog ar thalamh a bhíonn go minic fé uisce. Is mar a chéile corrach agus portach, agus fearbán glas fliuch is ea an cuisleán.

Corcach a tugtar ar thalamh íseal portaigh [cf. Corcach mór na Mumhan .i. Corcaigh].

Linnte contúirteacha ná bíonn ach an scraith ar a n-uachtar is ea iad so:- tonn ar bogadh, scraith-mhuing, criathrach, sloigeadal, gluaiseach, ceachair, gliog-scraith, slogaire.

An Charraig

Stuachán nó stuaicín a tugtar ar charraig árd bhiorach. Ainm eile ar charraig is ea aileach [Drom an Ailigh a tugtar ar an mbaile fearainn ina bhfuil Béal Átha an Ghaorthaidh.] Carraig ghéar is ea splinnc. Ruspóg is ea cloch go mbeadh bior féar uirthi.

Tugtar starróg ar charraig a bheadh ar mhullach cnoic. Is mar a chéile farragán agus sceir, agus brannra a tugtar ar fhochair leath-bháite.

Tugtar stolla ar chloich ana-mhór agus poróg ar chloichín. Tugtar ulán ar smután cloiche agus fadhbairne ar oll-chloch. Cloch mhór is ea cairb Boireann is ea oll-charraig nó ball charraigeach.

Sórd galláin is ea liag, agus stocán a tugtar ar charraig ár aonair. Carraig ná bíonn ach a barr le feiscint tugtar lomán uirthi.

Faill nó aill is ea splinnc árd a bheadh ag caitheamh, agus praip nó dreapa is ea faill árd nach féidir dul ag dreapadóireacht uirthi. Slisad carraige is ea cuirpe.

Áit ina mbeadh na carraigeacha go líonmhar do tabharfaí raingléir air, agus clochar nó clochán nó clochóg nó cladar a tugtar ar bhall clocach.

Plásóg fhéarmhar idir charraigeachaibh is ea clamhtán, agus cabhas thar abhainn is ea clochrán.

Tulchán cloch i lár páirce is ea múchán, ach carn cloch ar nós claidhe is ea cladán.

Tugtar reanga nó eascra ar iomaire carraige. Slí a deintear tré charraig is ea fíodhag. Is mar a chéile fochla agus pluais. Cabha is ionann é agus béillic.

Spiorra .i. carraig go mbeadh bior géar uirthi. [Gabhal a’ Spiorra a tugtar ar North Gate Bridge i gCorcaigh.]

Scor, scuirín .i. soc carraige. [Mullach a’ Scuirín a tugtar ar Cork Street i Magh Chromtha.]

An Lucht Oibre

Níor mhór lucht oibre chun an tailimh d’oibriú. An chuid acu a bheadh go humhal éascaidh, tionsclach, toradh-bheartúil tabharfaí na hainmneacha so orthu:- cleithire, fámaire, drail, pleistire, gartaire, scafaire, scólaire, rábaire, lúghaidh, strapaire, stracaire, bramaire, cliobaire, crobhaire, fairceallach, somach, stollaire, tollaire, broiceallach, gleidire, tulcaire, boitseachán, cnapaire, coiteallach, léire, 7rl.

Ach gheobhthaí an saghas so, leis:- fuairthéidh [“Dá mbeadh an ghrian ag scoltadh na gcrann ba mhaith leis an bhfuaithéidh teas”], fiadhaire feadha, panthairt, slibireálaí, spreasán, slabhrálaí, túta, camhcaid, meiliteálaí, sodamán, reanglamán, scraiste, toicneálaí, gadrálaí, bliústar, boidiarmálaí, sceanfartálaí, milleadh maide, liúdaí, lóipíneach, lóiste, srimile, ablach, treallaire, coiliamach, múta, stráille, stríleamán, fuairneálach, fuithlí, breilliceálaí, meilbhíneach, súgán, liodarálaí, snácálaí, útamálaí, srathar, gormaire, stráiméad, tocharálaí, iomlatálaí, aindeiseoir, amparán, amhtais, angarais, hoibín hos, cacalach, fallsóir, fóisí, ladhrálaí, liaghairne, mandó, maosánaí, marbhánaí, meathlóir, meilbhíneach, stocán, spreas, spreasán, sóighmhín sámh, 7rl.

Focal Brollaigh

Is é an aiste seo le Conchubhar Ó Muimhneacháin a ghnóthaigh an chéad duais ag Oireachtas na bliana 1942 ins an chomórtas san de Chomórtaisí Cuimhne an Mháirtínigh “Don chnúsach is fearr d’ainmneacha úirlisí [agus a mionpháirteanna], de théarmaí is de chainteanna a bhaineas [agus a bhaineadh] le cúrsaí feirmeoireachta, maille le mion-eolas ar an gcuma ina ndeintear [agus ina ndeintí] gach gné ar leith d’obair fheirme.”

Ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh i Múscraí Uí Fhloinn do Chonchubhar, agus ní hinniu ná inné a chuir lucht an Oireachtais ná lucht béaloideasa aithne air ná eolas ar a shaothar, mar is ró-ghairid a bhí an t-Oireachtas ar bun go mbíodh a ainm dá lua coitianta i measc lucht na nduaiseanna de bharr na n-aistí ar shean-aimsearacht a thagadh uaidh. Stad níor bhain do riamh ó shin, i gcás go mba dheacair éinne eile d’fháil inniu is fearr, is cruinne, ná is iomláine eolas ar Ghaoluinn cheantair a dhúchais féin ná é.

Ní haon scéal nua dhó an fheirmeoireacht is a mbaineann léi, ach an oiread. Nach ar fheirm, ar Ráth an Ghaiscígh, a rugadh is a tógadh é, i dtreo nach móide aon t-sórt gnótha feirme do bheith ann nár chleacht sé féin i dtosach a shaoil. Uime sin, ní foghlaim gan taithí aige an scéal; agus aon chuid den ghnó, nó den chaint a bhaineann leis, a bheadh imithe i ndí-chuimhne air ní fada ó bhaile a bheadh le dul aige chun bearna na cuimhne d’aithlíonadh dhó.

Do deimhin féin, ach is mó fé chomaoin sinn uile ag feitheoirí Chiste Cuimhne an Mháirtínigh as ucht na gcomórtaisí seo do chur ar bun don Oireachtas. Níl áireamh ar a dtábhacht ná ra abhfuil de thoradh marthanach ag teacht dá mbarr. Mura mbeadh na comórtaisícéanna san ní móide go mbeadh an aiste ró-thábhachtach so againn – an saothar pinn is mó le rá, a déarfainn, á ndearna a údar fós dúinn, cé gur iomaí rud fónta atá fachta againn uaidh ceana féin.

D’iarr sé orm-sa toradh a shaothar anso d’ullmhú don chlódóir. Ba liom nár leasc san de bhrí gurbh áil liom cúiteamh beag do dhéanamh leis as ucht a ndearna sé riamh de ghiollacht is de fhriotháileamh orm gach aon uair dá mbíodh fadhb le réiteach agam.

Aindrias Ó Muimhneacháin

Breoiteacht an Rí

Do bhí rí ann uair éigint, agus do buaileadh ana-bhreoite go léir é. Bhí sé tabhartha suas chun báis. Ní raibh aon leigheas le déanamh dó, ach aon ní amháin: go gcaithfeadh sé léine a fháil ó dhuine éigint ná raibh aon rud ag déanamh buartha dhó, agus go raibh aigne shuaimhneasach aige: an léine seo a chuir uime agus do chaitheamh, agus go dtiocfadh sé thar n-ais arís ina shláinte chomh maith is a bhí sé riamh.

Sea. Do cheap an rí ná raibh aon mhoill an saghas so léine a fháil, agus do chuir sé amach a mhuintir ag lorg na léine. Bhíodar ag siúl leo agus nach éinne a chasfí orthu d’fhiafróidís de: “An dtabharfá do léine dhúinn i gcóir an rí? Do leigheasfeadh an léine é mura bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit.”

“Ó, tá mhuise,” a déarfaidís, “fiche rud.”

Thugadar roinnt laethanta mar seo ag cuardach, agus nuair a chídís duine ag amhrán do raighfí féna dhéin, i bhfoirm “Níl aon ní ag déanamh buartha dhó san.” Do neósfadh sé cad a bhí ag déanamh buartha dhó.

Ar aon tslí, do ghabhadar trí shráid a bhí ann, go minic, an fhad a bhíodar ag cuardach, agus do bhí fíodóir istigh i dtigh ann agus níl aon uair a ghabhaidís don doras ná go mbíodh sé ag amhrán. Isteach leo ag triall air.
“A leithéid seo atá uainn,” a dúradar, “agus is dócha go dtabharfair dúinn do léine, mura bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit, agus deabhraíonn tú ná fuil mar bíonn tú ansan i gcónaí ag amhrán, agus tú go meidhreach duit féin!”
“A’ d’iarraidh a bheith ag scaipeadh na buartha atáim,” a dúirt sé, “leis na hamhráin sin. Níl ach coicís ó imigh mo bhean uaim le fear eile, agus go deimhin, níl aigne ró-shuaimhneasach agam ó shin.”

Bhíodar ag filleadh abhaile, agus teipithe orthu aon duine a fháil ná go raibh rud éigint ag déanamh buartha dhó. Do chonaiceadar stracaire fir istigh in imeall coille. Do bhí tine bhrosnaigh déanta aige agus lon dubh ar bhior aige á rósta leis an dtine: port breá feadaíola aige.
“Ragham féna dhéin,” a dúradar; “cá bhfios ná gurb é an fear ceart é?”

Isteach leo ag triall air. “A leithéid seo,” a dúradar: “an bhfuil aon ní ag déanamh buartha dhuit?”
“Ó, an dial blúire ar an dtalamh!” a dúirt sé. “Níl aon bhuairt aigne orm,” a dúirt sé: “táim chomh suaimhneasach im aigne le haon fhear sa dúthaigh. Aon bhuairt níl orm!”
“Is tú an fear a bhí againn á lorg!” a dúradar. “Féadfairse an rí a leigheas: ach caithfir do léine a thabhairt dó. Sin é an leigheas atá tabhartha dhó ar aon tslí ag dochtúirí.”
“Airiú, do thabharfainn is fáilte,” a dúirt sé, “ach fiú amháin níl pioc den léine agam le blianta, ná aon ní agam a chuirfeadh umum í. Agus ina dhiaidh san,” a dúirt sé, “tá aigne shuaimhneasach agam, agus gan aon ní ag déanamh buartha dhom.”

B’éigint dóibh filleadh abhaile, agus tar éis a raibh cuardaithe acu do theip an saghas so fir a fháil, ach an t-éinne amháin.

Agus nách ait an saghas duine go raibh aigne shuaimhneasach aige – fear ná raibh pioc den léine air! Agus an chuid eile go léir: fuíollach saibhris acu agus gan aon easnamh orthu, agus buairt nó guairneán aigne éigint orthu i gcónaí.

Theip an rí a leigheas nuair a theip an saghas so duine a fháil. Ach dá mbeadh pioc don léine ar stracaire an lon duibh do bhí an rí leighiste aige!

 

a-Th. 844
The search for a remedy for a king’s illness-the shirt of a happy and care-free man. The king’s messengers, having spent many days in fruitless enquiry, hear a beggar singing over his wayside fire. On assuring them that he has not a care in the world, they ask him for his shirt, but the poor man replies regretfully that he has not got one at all.

This and other printed versions listed in FFC 188 are from literary sources-a school-book or a paper.

Sweet Inniscarra

Tá Inis Cara i Múscraí Thoir agus b’é John Fitzgerald 1825-1910 (Bard na Laoi/The Bard of the Lee) a scríobh an t-amhrán molta seo ar a fhód dúchais

I have travelled in exile ‘midst cold-hearted strangers
Far, far from my home, and the beautiful Lee
I have struggled alone through all sorrows and dangers
I braved every storm by land and by sea.
Through Columbia’s wild forests or Indiana’s spicy bowers
And the great foreign rivers whose sands are of gold
I have sighed for thee still ‘mid the birds and the flowers
I love you and will ’til this heart will grow cold.

I have roved with fair maidens with dark flowing tresses
And beautiful eyes that looked kindly on me
But I thought with regret of the smiles and caresses
Of a fair-haired young maiden who lives by the Lee.
I have come back again but she’s not in her bower
And the river flows past with its calm tiny wave
I have called her in vain, for the ivy-crowned tower
Of Sweet Inniscarra o’er-shadows her grave.

And the home of my childhood to ruin is fallen
The dear ones that blessed it shall greet me no more
But I gaze on it still joyous visions recalling
Though the long grass has grown on the step of the door.
I’ll be with you soon and the shamrock above me
From my own native birthplace never more shall I roam
Till I’m laid in the grave with the dear one that loved me
As in death she will welcome her wanderer home.

Scéal ar Shagart

Scéal a bhíodh ag sean-daoine ar shagart a bhí chun Aifrinn a rá maidean Domhnaigh i séipéal éigint amuigh ar an dtuath. Do bhí cluith an Aifrinn curtha uime, agus ní raibh an pobal cruinnithe chuige fé mar ba mhaith leis. Dúirt sé leis féin: “Ní déarfad an tAifreann ar feadh sum neomataí féachaint an mbeadh níos mó des na daoine tagaithe.” Bhí saghas coille bige in aice an tséipéil. D’airigh sé an ceol amuigh sa choill mar a bheadh ceol éin. Chuaigh sé go doras agus d’fhéach sa treo inar airig sé an ceol, agus do dhruid tamall amach chun go bhfaigheadh radharc ar an éan a bhí ag cantaireacht. Fuair an t-éan ba dheise dá bhfeacaigh sé riamh agus níor airigh riamh aon cheol mar a bhí aige. D’éirigh an t-éan as an áit ina raibh sé, agus do dhruid uaidh tamall. Thosnaigh ar a chuid ceoil arís. Bhí ana-dhúil ag an sagart a bheith ag éisteacht leis, agus do lean tamall beag eile é, ach do chuimhnigh: “Tá an pobal cruinnithe anois,” a dúirt sé, “agus déarfaidh mé an tAifreann dóibh.”

D’fhill sé thar n-ais chun an tséipéil. Ní raibh aon phobal roimis, aon duine ach aon tseanduine amháin a bhí ag déanamh saghas éigint oibre in aice an tséipéil. D’fhiafraigh sé den tseanduine:
“Cár ghaibh an pobal a bhí ag cruinniú ansan chugam anois?”
“Ó, ní fheadar,” arsa an seanduine, “ní fheaca-sa aon phobal ann.”
“D’fhágas im dhiaidh iad,” a dúirt an sagart, “suim neomataí ó
shin: ní fheadar cár ghabhadar.”
“Ní fheadar-sa, leis,” arsa an seanduine, “ach tá scéal mór ar shagart a bhí anso cúpla céad bliain ó shin – gur ghaibh sé amach maidean Domhnaigh agus cluith an Aifrinn uime. Níor fhill sé riamh ó shin, agus ní fios d’éinne cár ghaibh sé.”

Ar chlos na bhfocal so don tsagart dhein seanóir críona caite dhe, agus do cailleadh é gan puinn moille.

Bhíodh an scéal so i measc na ndaoine, agus deiridís gur dócha gur de thoisc culaith an Aifrinn a bheith uime ag leanúint an éin gurb ea nár fhill sé. Ní fhéadadh na daoine aon tuairim a thabhairt cé acu éan ós na Flaithis an t-éan so nó, b’fhéidir, saghas mallaithe éigint eile a bhí ar thí díobháil a dhéanamh don tsagart.

 

A a-Th. 47Ir A
A priest vested for Mass awaits the arrival of the congregation in a wood close by and listens to a bird’s song. When he returns, as he thinks after a few moments, he finds no one in the church but an old man and from him he learns that there is a tradition locally of a priest who had disappeared 200 years before. On hearing this, the priest becomes a withered old man and dies.

This is the well-known legend of the Monk and the Bird, which has been studied in a delightful monograph by Professor L. L. Hammerich of the University of Copenhagen-Munken og Fuglen: En Middelalderstudie. Copenhagen, 1933.