Carraig na Siúire

Chanadh Cáit Ní Mhuimhneacháin é seo agus tá sé ar a ceirnín ‘An Joga Mór’

Foinse: An Juga Mór (Cáit Ní Mhuimhneacháin)

Ar theorainn Chluain Meala ‘gus Carraig na Siúire
Maidin gheal drúchta go moch ins an bhfómhar.
‘Sea dhearcas an ainnir go maiseamhail múinte
Ba thaitneamhaí liomsa dá bhfaca riamh fós.
Do dhruideas ‘na coinnibh le taitneamh dá meon
‘S mo hata do leagas sa talamh im dhóid,
‘Sé dúirt liom an ainnir “ná bíodh ort aon bhrón,
For indeed I’m not married and to Cashel I’m going.”

“Ó téanam go Carraig ‘gus Caiseal ná taobhaigh,
A chogar mo chléibh, is beidh againn beoir.
Mar is siúinéir maith mise is má thaitneann mo chéird leat
Gluais liom le chéile, lá aerach go fóill.”
‘Sé dúirt liom an ainnir, ag preabadh ‘na suí:
“Such a hearty fine tradesman I never did see.
Come fill us a glass, sir, and then we’ll agree,
To the sweet town of Carrick I’ll travel with thee.”

Nuair’ chuas go dtí an Charrick nách orm a bhí an náire
‘S gan pingin im phóca a ghlaofadh ar lionn.
Nách an ainnir chiúin chailce ag sodar lem shála
‘S nách feadar go dtí an lá ná go rithfinn chun siúil.
“Nuair ná fuil agam scilling do cheannódh braon dí,
Ceanglód leat in Eochaill i gceann dó nó trí mhí”
Ach is é ‘dúirt an ainnir “now don’t forsake me,
But let us get married before you will go.”

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s