Slán lem’ Dhúthaigh Féin

le Seán Ó Muimhneacháin

Mo chúig céad slán leis an dúthaigh álainn
Fan ghleann Sulán soir go bruach na Laoi
Le coillte arda atá cúmhrach bláthmhar
Mar dhídean scáthmhar ag broch is ag fia;
Is ann a fhásann fia-úll is áirne
Is sméara breátha go súmhar fiail
Mo bheannacht-sa fágaim le gaolta is cáirde
Ós anonn thar sáile atá mo thriail.

Is anso a tógadh mo mhuintir romham-sa
Is do chaitheas m’óige ann go soilbhir sámh
Le cáirde cróga ‘gus togha na gcomarsan
A dhíolfadh cóir leat in am an ghá;
Bhíodh cluichí is spóirt agus spraoi tráthnóna
Bhíodh rince ‘s ceol ann is an oíche ar fáil
‘Sé mo mhíle brón go mbeidh orm seoladh
Go tír thar beochana gur mhór í a cáil.

Tá tocht im’ chroí agus buairt im’ intinn
Is tá mo mhuintir fé néalta bróin
Ní fonn eachtraíochta ach tóir fostaíochta
A chuir mé ag triall ar an ród seo romham;
Ach beidh mo smaointe de ló is d’oíche
Ar an ngleanntán aoibhinn fan Laoi na seol
Ar cháirde caoine is béithe míne
A bhíodh im’ chuideacht nuair a bhíosa óg

Tá clú is cáil ar na bailte breátha
Is na tailte arda i dtíortha i gcéin
Ach is mó dob áil liom bheith ag siúl na mbánta
Is ag amharc ar bhánchnoic im’ dhúthaigh féin;
An ainnir mhánla go dtugas grá di
Bheith ar thaobh Sulán liom roimh luí don ghréin
Sí a chuirfeadh fáilte romham féin go grámhar
Nuair a fhillfead slán go dtí grá mo chléibh

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s