A Dhiarmuid Uí Laoghaire

le Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

A Dhiarmuid Uí Laoghaire, dúirt ainnir na gcraobh liom
Go dtaitneadh do scéimh léi is do shlí
Ach gurb é deir a gaolta dá dtugaidís spré dhuit
Ná cuirfá-sa in éifeacht ná i gcrích
Mar go bhfuileann tú éadrom aerach id shlí
Tugtha do bhéithibh is do bhraonachaibh dí
Is gurb é deir gach éinne go rabhais ar an réice
Ba mhó in Uíbh Laoghaire led’ linn.

Admhaím féinigh go bhfuilim buille aerach
Is gur dhúchas dom é ón gClainn mBuí,
Is ná creid-se ód ghaolta dá dtugaidís spré dhom
Ná cuirfinn í in éifeacht is i gcrích;
Do ghfrafainn, do réabfainn, do dhéanfainn an claí
Is do bhainfinn an féar gan mo ghéaga a shnoí,
Do chomhraiceoinn aon fhear ar lár pháirc an aonaigh
Is ní fearr mar a bhragfainn cailín.

Go deimhin féin a shéimhfhir, do shiúlóinn an saol leat
Ach go ndéarfaí gur bhaoth é mo ghnó,
Gur mó ainnir chiúin bhéasach mar gheallais ód bhéal di
A malairt ná déanfá go deo,
Is dá gcastaoi ar a chéile sinn féin i dtí an óil
Is go n-áireoinn mo spré dhuit is nár mhéinn leat mo shórt
Bheadh mo dhaidín ag éad liom is mo mháithrín ag plé liom,
Is go bhfágfá mé ag géarghol go deo.

Go deimhin féin, a spéirbhean, dá siúlófá an saol liom
Ní déarfá gur bhaoth é do ghnó
I dtaobh seafaidí sléibhte ‘muigh ‘á n-áireamh dom fhéinigh
Cé gur mór iad ag céad fear dem shórt;
B’fhearra liom spéirbhruinneal bhéasach dheas óg
Go dtaitneadh a scéimh liom, a méinn is a gnó
‘Ná sparán le ladharnach nó é a fháil dom ó bhaothrach
Nár ól riamh aon reul i dtí an óil.

Féach-se ar mo mhuintir, mo cháirde, is mo shinsear
Nár ghéill riamh do stríocadh i dtí an óil
Ach ag imeacht go fíochmhar fé theasmhach na bruíne
Bíonn maide agus claíomh ghliadh ina ndóid,
‘Na dhéidh siúd bíonn saill agus fíonta acu ar bórd,
Agus clanna na dtíosach ag suí síos ina gcomhair,
Ná creid-sa ód mhuintir dá mbeidís ‘á insint
Ná gur mar sin a chífear sinn fós.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht, Uncategorized. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s