Tá Gaeil Bhocht Cráite

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Tá Gaeil bhocht cráite go céasta cásmhar
Agus cúirt gach lá orthu mar dhúbailt bróin,
Clanna sáirfhead dá gcrochadh in áirde
‘S dá gcur síos láithreach sa chroppy hole;
Tá na loingeas lán díobh dá gcur thar sáile,
Mo chumha go bráth sibh faoi iomad yoke,
Nára fada an cáirde go bhfaighidh sibh sásamh – –
Is agat-sa atá san, a Rí na gCumhacht.

Is é chuala ó fháidhibh go ndúirt Naomh Seán linn
Go raibh deireadh an cháirde caite leo,
‘S go dtiocfaidh slaughter ar gach piara másach
Nár ghéill don Pháis is do chaith an phóit;
Aon chaoiní ná tabharfar bás dó
Ag iomchar mála agus é ‘na dhóid
‘S gan déirc sa láimh sin a thabharfadh náid dó
Ach bualadh is cáineadh dá mbrúadh go deo.

Is an bhliain seo atá againn ‘sea bheidh rírá againn
Tar éis búir do thnáthadh is do chartadh i ngleo
Beidh tinte cnámha againn ar na mullaíbh árda
Agus adharc le háthas ag seinm ceoil;
Mná agus páistí go mbeid dá dtnáthadh
Is le clocha an bháin ‘sea do leagfaid póirc,
Is le leomhnú an Árdmhic go leagfaid póirc,
Chomh tiubh le báistigh ar chnoc lá ceoidh.

Leagadh is leonadh agus sceimhle dóite
Go dtigidh ar an gcóip sin ‘s a stór ‘na measc,
An chroch san córda dá gcur fé na scórnaigh
Agus Dia nár fhóirigh go mór a gceas;
Ceangal comhraic orthu ag Oscar cróga
Is é bheith ag gabháil go deo orthu go leonadh an gad,
Is in áit na n-óigfhear ‘tá sínte ró-lag
An bhuíon go brónach go deo na ngealt.

Tá mo shúil lem Mháistir gur gearr an cáirde
Go bhfeiceann lá orthu agus tamall spóirt,
Is go mbeid dá dtnáthadh gan chúirt gan stáitse
Gan fallaí bána gan fíon gan beoir;
Go mbeidh na mílte lánphoc in aon pholl amháin acu
Ar a dtárr in áirde gan chloch gan fód,
Agus Gaeil ar chlár glan ag ól mo shláinte
Is mé féinig láithreach dá chnagadh leo.

Is nár théid ‘sa bhán ghlas ná ag tabhairt an fhásaigh
Go bhfeicead rás ar lucht bolg mór,
Go mbeidh rith is rás ar an ndream seo chráidh sinn
Is d’fhúig fén mbráca gach a dtáinig romhainn;
Nuair a gheobham an lá orthu níl gnó agaibh trácht liom
Ar phiúnt ná ar chárt do chur ar scór,
Ach baraillí lána agus iad ar stáitse
Dá dtabhairt do tháintibh mar dhí le n-ól.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s