Screathan na nGamhan

Mo Cheantar Féin.

(As Bailiúchán na Scol i Scoil Bhárr d’Ínse ‘sna triochaidí)

Is é an ainm atá ar mo bhaile-se ná Screathan na nGamhan, i bparóiste Bhaile Mhúirne i mbarúntacht Mhúscraí Uí Fhloinn Thiar. Níl ach ceithre tithe ann anois ach bhí cúig tithe ann fadó agus tá ceann acu ina chabhlac tí anois. Ach sa t-seana aimsir bhí bathóg cinn tuí ins gach aon cúinne ann, ach níl a dtásc ná a dtuairisc anois ann mar d’imigh na daoine a bhí iontu na farraigí fuara thar lear.

Is é cúis gur glaodh Screathan air mar ná fuil aon teilgean ann ach screalam chloch. Is é an saghas tailimh atá san áit ná craaigreacha fraoigh, mongacha bogaigh, raona rua is drisleach i gcladránaibh agus riascach cnoic agus beagán páirceanna beatha.

Níl aon abha sa Screathan ach sruthán beag atá ag rith fé bhun an bhaile agus ritheann sé sin isteach sa t-Sulán. Níl aon locha ann ach poill doimhne go nglaonn siad Poll na gCaorach, Poll na Staile, Poll na Madraí, Poll a’ Tobáin, Poll Gorm, Poll a’ Duibh agus Poll na n-Easgún orthu.

Níl aon choill ann ach tá coill mhór in aice ár dteorainn-ne agus Cúm na n-Éag an ainm atá uirthi. Do ghearrtaí a lán crann ann fadó ach le déanaí, ní gearrtar puinn acu ann mar tá sé ana-dheacair iad a bhreith amach as.

Tá clathacha breátha, dathúla, arda im’ cheantar-sa agus táid uile déanta de chlocha mhóra trom. Tá a bhformhór os cionn dhá throigh déag ar airde agus d’fhéadfadh cóiste ceithre rothaí rith ar a mbarr táid siad chomh leathan san. Deir m’athair gur beag contae in Éirinn go bhfeicfeá clathacha mar iad ann. Le linn mo shean athair a deineadh iad uile agus dealraíonn an scéal go raibh fir láidre san am san ann mar tá cuid des na clocha os cionn cúig tona meáchaint.

Níl ach beirt shean daoine beo ar an mbaile seo anois. Táid araon os cionn deich mbliana agus trí fichid. Diarmuid Ó Tuama agus Donnchadh Ó Cróinín is ainm dóibh. Tá an Ghaoluinn go pras líofa acu mar níl eolas acu ar aon ní eile ach í.

Tomás Ó Mulláin, An Screathan

Fuaireas an cúntas seo thuas ó m’athair, Dómhnall Ó Mulláin atá ‘na chónaí ar an Screathan i bparóiste Bhaile Mhúirne i mBarúntacht Mhúscraí Uí Fhloinn Thiar.

Advertisements
Ranganna: Ailt, Béaloideas. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s