Cill na Martra

Mo Cheantar Féin.

(As Bailiúchán na Scoil i Scoil Chúil an Bhuacaigh ‘sna triochaidí)

Liam Ó Duinneacha, Ath an Chonnaidh 12/10/1937

Cill na Martra an ainm atá ar an bparóiste seo ach tugannna sean daoine Tuath na Droman uirthi fós. Tá ceithre cinn de bhailteí fearann inti go bhfuil an focal drom iontu agus is dócha gurb é sin is bun leis an sean ainm.

Tá sí i ngiorracht trí mhíle do Mháchromtha ar an dtaobh thoir agus síneann sí siar fan ardú tailimg go Béal an Ghleanna trí mhíle ó thuaidh de shráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Ag Béal an Ghleanna tógann an Tonn, fo-abha na Laoi, a ceann. Gluaiseann an Tonn idir í agus paróiste Uíbh Laoghaire chomh fada soir le Droichead na Toinne. Tagann paróiste Cill Mhichíl agus paróiste Mháchromtha ar an dteorainn as san soir. Tá abha an t-Suláin ar an dtaobh thuaidh dhi, idir í agus paróiste Bhaile Mhúirne agus paróiste Cluain Droichead, ach tá pusca den pharóiste ar an dtaobh thall den abhainn ar a bhfuil scoil Cúil a’ Chuacaigh suite.

Tá dhá shráid bhaile sa pharóiste: Baile Uí Bhuaigh atá sé mhíle ó Mháchromtha agus Réidh na nDoirí atá naoi míle uaidh. ‘Sí Baile Uí Bhuaigh an tsráid is mó. Is ann a chónaíonn an dá sagart. Tá cuid di ar bhaile fearainn Bhaile Uí Bhuaigh agus cuid ar Chathair Céirín agus cuid ar Chathair Daithí. Tá dhá scoil agus dhá thigh tábhairne inti, tigh poist agus roinnt siopaí. Cuireadh suas uachtarlann ann sa bhliain 1927. Bíonn an dochtúir sa tsráid uair sa tseachtain ag an Íoclann. Níl aon stáisiún gárdaí san áit agus níl aon abha ag rith tríd an tsráid.

Tá reilg i gclós an tSéipéil ina gcuirtear daoine ach tá an príomh rielg ar Dún Dá Radhac sa chúinne thoir theas den paróiste. Bhí sean-teampall sa reilg seo agus bhí an seanntóir inar chónaigh an ministir láimh leis. Ar an mbóthar soir chun na reilige, tá casadh ar a dtugtar Lúibín na gCorp. Tá cloch mhór sa díg anso agus ligtí na cómhranna uirthi don sagart chun guí os a gcionn mar ní ligeadh eagla dhó dul níos sia sa tsochraid. Is baolach go sceithfeadh an Mhinistir air leis na saighdiúirí i Máchromtha.

Tá timpeall míle duine sa pharóiste agus téann na comharsain ag scoraíocht chun a chéile i rith an gheimhridh. Ní bhíonn an seanchaíocht eadarthu mar a bhíodh nuair a mhair an tAthair Peadar. Tráchtann siad ar ghnóthaí an lae ach is mó a bhíonn siad ag imirt cártaí agus ag rince. Is beag tigh gan paca cártaí ann agus úirlis ceoil de shaghas éigin.

Seo béas atá ag na seandaoine timpeall. Clúdaíonn siad an ceann is uile sa leabaidh agus deirid féin gur scanradh púcaí a cuireadh na gcroí fé ndear é ó bheith ag éisteacht le lucht soraíochta le linn a n-óige.

Aon pharóiste amháin ab ea Cill na Martra agus Baile Mhúirne tráth. Is ar árdán Cnocáin an Bhóna i mBaile Uí Bhuaigh i gCill na Martra a bhíodh cónaí ar an sagart paróiste. Théadh sé siar ó thuaidh chun aifrinn do léamh do phobal Bhaile Mhúirne. Is minic nuair a bhíodh tuille san t-Sulán, a bhí an uair sin gan droichead, ná h-éiríodh leis dul trasna na h-abhann go gcnósaíodh an pobal ar an bport thall agus go n-éistidís an t-aifreann uathu anall.

Deirtear gur thárlaigh Eoghan Rua ag an abhainn lá agus gur thairg sé don sagart é iompar trasna ar a mhuin. Ní raibh súil aithne ag an sagart air agus bhí fonn ar Eoghan i gcónaí bheith ag imirt ar an gcléir. Nuair a bhíodar istigh san uisce d’inis Eoghan scéal salach náireach don sagart agus ‘sé dúirt seisean leis “Tá an diabhal thiar ort”. “Má tá” arsa Eoghan “ní fada a bheidh” agus san am ceanna do scaoil sé uaidh an sagart síos isteach i lár an tuille.

Advertisements
Ranganna: Béaloideas. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s