An Ínse Mhór

Mo Cheantar Féin.

(As Bailiúchán na Scoil i Scoil Bhárr d’Ínse ‘sna triochaidí)

‘Sé an ainm atá ar an mbaile ‘na bhfuilim-se im’ chónaí ná an Ínse Mhór. I bparóise Bhaile Mhúirne i Múscraí Uí Fhloinn in iarthar Chorcaí atá sí. ‘Sé an chúis gur tugadh an Ínse Mhór mar ainm ar an áit, de réir mar a airíos sean daoine á rá, ná gurb amhlaidh a bhí duine uasal tábhachtach ina chónaí i nGort na gCros nó i dTócar agus gur leis bunús an tailimh ó Chúil Aodha agus do ghlaoigh sé an Ínse Mhór ar an gceantar seo ‘na bhfuilimid-ne inár gcónaí anois. Toisc ná raibh aon tithe ann ach inse mhór leathan.

Do dhein sé tigh nó bothán ansan sa taobh thiar den mbaile agus chuir sé reachtaire ina chónaí ann. Chuir sé beithígh sheasca agus ba thrioma siar ann agus an reachtaire á n-aoireacht. Ní raibh ann an t-am sin ach an tigh amháin sin.

Ó am go ham thagadh daoine go dtí an Tiarna Talún chun smiot den áit d’fháil chun botháinín do dhéanamh ann dóibh féin. Anois tá ceathrar feirmeoirí déag ‘na gcónaí ann agus roinnt bheag tailimh ag gach duine acu.

‘Siad na saghais tithe a bhíodh acu ar dtúis timpeall céad go leith bliain ó shin ná tithe beaga cinn tuí agus dhá sheomra iontu gan aon lochta mar ná raibh an chóir acu chun a mhalairt do bheith acu. ‘Sé an áit ‘na bhfuaireadar an t-adhmad a bhí acu chun na tithe a dhéanamh ná sa bhaile ins na portaithe. Is é a bhíodh acu leis chun gach troscáin eile a bhíodh ag teastáil uathu chomh maith, mar atá an bord, an cathaoir, an driosúr, an fuarma agus an clabhar. De ghiúis a bhíodar déanta agus tá cuid acu againne sa bhaile fós.

Is áirithe go raibh coill mór ar an mbaile ar dtúis agus de réir mar a deirtear do tháinig stoirm mhór a leag na crainn go léir. Ó uair go huair, d’fhás cúnlach aníos tríd an bhogach agus ba ghearr go raibh sé no seacht d’fhódaibh móna os cionn gach bata.

‘Sé an chuma go bhfaighidís an t-adhmad ansan ná go mbíodh fear éigin ar an mbaile a ghabhadh amach gach maidean roim éirí drúchta agus bhíodh a fhios aige cá mbíodh an t-adhmad fé thalamh.

Do thagadh na daoine agus dheinidís taighde síos fé na bataí ins na háiteanna boga ach ní raibh ar a gcumas iad d’fháil an uair sin os cionn tailimh. Do dheineadar súgáin de glas luachair agus chuireadar timpeall ar bharr is ar bun na mbataí iad agus d’fhágadar mar sin iad go dtí gur líon an poll d’uisce. D’éirigh na bataí aníos ansan iad féin ar bharr an uisce agus tharraingíodar amach ansan leis na súgáin iad. Níl aon choill ná adhmad anois ann ach cúpla tor de throm nó de sailleach.

Tá aithne ag m’uncail ar chúpla cabhlach mar atá botháinín Choncubhair Bhuí agus botháinín Siobháinín a’Bhaibí. Níl ach na fotharacha díobh seo ‘na seasamh anois agus níl éinne ‘na gcónaí iontu le fada.

D’imigh na daoine óga de réir mar a éiríodar suas go tíortha iasachta go mór mór go Meireceá mar ní raibh aon ní le fáil sa bhaile acu agus níorbh fhiú díobh a bheith ag obair sa droch thalamh.

Níl aon loch in Ínse Mhór agus ‘siad seo na h-aibhní atá ann – Abha Macha na gCloch a tugtar ar an abhainn atá mar theorainn idir na Milíní agus an Ínse Mhór. Tá abha eile ag teacht aduaidh ó theorainn Chiarraí trí Charraig a’Mhadra agus glaoimid an Glaise Gharbh air. Tá sruthán eile ag teacht i leith ó Chnoc Buí agus tugtar an Chumar Bodhar air.

Do bhí fear ‘na chónaí ar an mbaile suim mhaith blian ó shin agus Diarmuid Pead a tugtaí mar ainm air. De mhuintir Mhuirithe dob ea é. Bhíodh sé i gcónaí a d’iarraigh tairbhe a dhéanamh do mhuintir an bhaile.

Bhíodh sé go minic ag troid i gcoinnibh an Tiarna Talún á iarraidh air an chíos do leagadh agus an talamh do shaorú dos na daoine. Ní ligfeadh sé dóibh aon chíos a dhíol mura bhfaighidís cothrom nó ceart éigin.

Ní raibh aon bhóthar ar an mbaile an t-am san. Ní raibh acu ach cosáin agus ní raibh aon trácht an uair sin ar thrucail ná cruib ach dá mbeadh féin, ní fhéadfaidís taisteal ar na cosáin. Is amhlaidh a chuirdís srathar fhada ar dhrom an chapaill agus chuiridís ciseáin anuas ar an srathar fhada agus is leo san a thairringídís na h-uallaí. B’é Diarmuid fé ndear an céad bóthar a dhéanamh isteach san Ínse Mhór.

Níl puinn sean daoine ar an mbaile anois. Níl ach aon duine amháin atá os cionn seachtó bliain agus Conchubhar Ó Síocháin isainm dó agus tá an Ghaoluinn go pras líofa aige. In iarthar an bhaile atá sé ina chónaí agus is é an ainm a tugtaí ar an áit fadó ná an “clochán”. Deirtear gur san áit sin a bhí an chéad bothán ag an reachtaire a bhí ‘na chónaí ar dtúis ar an Ínse Mhóir ag feighilt na mbeithíoch don duine wasal gur leis an Ínse Mhór an uair úd.

Nóra Ní Luasa, Ínse Mhór

Fuaireas an cúntas seo thuas óm’ uncail Diarmuid Ua h-Éalaithe atá ‘na chónaí ar an Ínse Mhóir i bparóiste Bhaile Mhúirne i mbarúntacht Mhúscraí Uí Fhloinn 56 bliana is aos dó.

Advertisements
Ranganna: Béaloideas. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s