Nóra an tSleasa

Nóra Ní Scanaill a scríobh an cúntas seo san irisleabhar An Músgraigheach.

Chím go n-ainmníonn Seán Ua Cróinín Nóra an tSleasa Ní Chríodáin ar fhilíbh Bhaile Mhúirne. Mholfainn féin áit di i measc filí na gnáth-chainte. Ní mór gur cheap sí aon amhrán ceart riamh. Ach marar dhein, is filíocht ar fad, geall leis, do stealladh sí uaithi nuair a bhíodh sí ag allagar lena comharsain agus lena daoine muinteartha.

Ó Bhéal Átha ‘n Ghaorthaidh dob ea í – ós na Corraithe. Do phós sí Amhlaoibh Óg ón Slios, agus is uaidh do glaotí Nóra an tSleasa dhi. Ní bhfuair sí aon lá dá sláinte ó phós sí Amhlaoibh, mar ba shuarach leí é. “Neirbhís” a bhíodh ag imirt uirthi, de réir deallraimh. Uaireanta déarfadh duine éigin leí: “Airiú, níl pioc ort.” “Fios mo ghalair chugat” a déarfadh sí láithreach, mar fhreagra.

Bhí cúigear clainne ag Nóra. Thug sí an fheirm dá hiníon chríonna, do Neilí. Do phós Neilí duine de mhuintir Sheitheacháin (Hyde) ó Chathair na Cátha. Níorbh fhada do réitigh Nóra agus Hyde lena chéile. Chuaigh sí féin agus Amhlaoibh i dtigín leo féin ar an bhfeirm. As san amach níor stad sí ach ag troid agus ag aighneas le Hyde, agus ag cur na dlí air. Do ghaibh Hyge ar Amhlaoibh Óg lá. Do rith Amhlaoibh uaidh, agus do sheirbheáil sé ansan é go dtí an Chúirt. Bhí sé ag dearbhú ar Hyde gur bhuail Hyde é agus gur rith sé féin uaidh.

“Conas a rithfá-sa? arsa an t-aturnae a bhíag Hyde.
“Do ritheas chomh maith agus bhí an rith agam,” arsa Amhlaoibh. Bhí coinncín bata ar Hyde agus seo mar do labhair Nóra air:-

“Go deimhin, a Hyde, ní hionadh meidhir ort,
Ó fuairis greim ar an áit seo,
‘S gurb é deir Ryan liom nách aon dea-saghas tú,
Ó briseadh do bhreill ins an Bhlárnain.”

Bhí féar dhá bhó aici ar an dtalamh, agus dúirt Hyde ná raibh aici ach féar aon bhó amháin – gurbh é sin a bhí sa deed. Do choimeád Nóra an dá bhó, agus do ligeadh sí amach ceann acu san oíche agus an ceann eile sa lá, agus ní bhíodh ach aon bhó amháin ar an dtalamh coitianta.

Bhí sé sa mhargadh, leis, go gcaithfeadh Hyde deich cribeanna móna a tharrac chuici gach bliain. Ach do dhein Hyde crib ná raghadh ann ach dhá chiseán. Seo mar do cháin Nóra é :-

“Tá móin agus easair i mullach an Fhíoghra,
Céad moladh le hÍosa a chuir ann iad ag fás:
Amhlaoibh ‘na n-easnamh agus a mhargadh scríofa,
Agus is breallach a bhí sé ag Tadhg an Chúíl Bháin.”

Cléireach a bhí ag Ashe, an fear dlí, dob’ ea Tadhg.

B’sheo rud eile a bhí sa mhargadh, go gcaithfeadh Hyde bláthach a thabhairt di. Do chuaigh sí a’ d’iarraidh na bláthaí air lá, nuair a rugadh an chéad leanbh dó-san. Bhí Hyde istigh ag ní meidhre. Ní bhfuair sí an bhláthach. D’iompaigh sí an doras amach, agus d’iompaigh sí isteach arís air, agus dúirt:-

“Go deimhin, a Hyde,
Ba mhór an raidhse ar mhnáibh tú.
Do nífeá soithigh agus árthaí adhmaid,
Is is ole do roinnfeá an bhláthach.”

Do mhairbh Hyde na cearca uirthi lá, nuair a bhí sí ag Faoistin. Seo mar do chuir sí síos ar an ngaisce a bhí déanta aige:-

“Bliain agus ráithe ó bhíos-sa ag an sagart,
Agus chuas ann an lá so ar láthair chun mo theagasc.
Ar filleadh dhom ar m’áras, ‘s gan mé láidir chun reatha,
‘S é dúirt an fear mánla gur básaíodh mo chearca,
‘S é Hyde an fear fónta, ‘s ní cóir domhsa é mholadh,
Mar do dhein sé mé scóladh nuair do leoin sé mo chearca.
Dá mbeinn-se ‘na chongar ní leogfainn dó an branar,
Thabharfainn cic dó sa tóin a dhéanfadh breoite é ar feadh tamaill.
Greadadh ort, a stócaigh, nár fhógair orm mo chearca,
Go gcuirinn orthu lópaí nó sórt éigin ceangail,
Sara mbeadh sé ag na comharsain go deo leat le casadh,
‘S buachaillí na gcomharsain ag déanamh geoin díot is magaidh.”

Do labhair sí le Neilí ansan:-

“Nuair a bhís-se á phósadh chuireas róbaí ort go talamh,
Culaith bhreá nua agus bróga breá greannta.
Dá mb’áil liom-sa gan tú phósadh ach tú sheoladh thar caise,
ní aireodh na comharsain go deo aon trácht tharainn.”

Ní leogfadh Nóra d’éinne “cailleadh é” a rá, ach , “chuaigh sé abhaile.” Chuaigh sí féin abhaile nuair a bhí sí sé bliana agus trí fichid.

*          *          *          *        *          *          *

Do scríobhas síos an méid sin go léir díreach mar do tháinig sé as béal na sean-daoine ar an Ínse Móir agus iad ag scoraíocht. Ní mise do cheap aon fhocal ná aon rá dá bhfuil.

Nóra Ní Scanaill.

Advertisements

Ceantar Glas Mhúscraí

le Dónal Ó hÉalaithe

Foinse: Amhránaíocht Mháire Ní Chéilleachair

An rabhais riamh i nGúgán Barra, nó ar shleasa Chéim an Fhia
In Uibh Laoghaire maoineach aiceanta, nó ar mhacha Dhún Dá Radhairc
Ar Thearmann Ghort na Tiobratan, nó iarghúltacht Foithrí?
Ceantar aoibhinn maisiúil, is ea Gaeltacht seo Mhúscraí

Sé’n áit is breátha in Éirinn é, tá féile ann is ceol.
Dútaigh álainn mhaorga, faoi bhrat drúchta maidean cheoigh,
Gleannta, gaorthaí, glaisí agus cumarach fraoigh;
Dob é sin fód mo shinsir i bhfearann glas Mhúscraí.

Ansiúd a bheir fé gheasa ag fuaim easa an tSuláin,
Na h-éin go binn ag cantaireacht ar ghéaga is cnocáin
Caomhghuth cuaiche ar chrannaibh, an sionnach glic imníoch,
An fia is a os dea dhathach, ar shleasa glas Mhúscraí

Tá lus na meala go flúirseach ann go cumhra fior ar feoir,
Raithneach is bláth na fiúise ar chlathacha i ngach clós
Fraobh bán, an plúirín sneachta, an rós is an seamair chaoin
Is an cuileann, rogha na coille, mar ornáid ar fud Mhúscraí.

Tá radharcanna dochreidte i bhfolach ansiúd faoi scáth,
Plandaí nádúrtha fiáine agus crónán beach ar bhláth,
An méarachán beag dearg is lus gleoite na mban sí,
An smólach is an chéirseach is iad ag fógairt seoide Mhúscraí.

Tá’n earc luachra fé leac ann, an broc is an ghráinneog,
An t-iora rua, an lasair choille, an eala is an easóg,
An colúr balbh ar a sheachaint, an druidis an fheadóg bhuí,
Is tá raidhse cearca feá i dtaobh tíre seo Mhúscraí.

Ansúd tá aibhnte gléineacha, an Laoi is an Sulán;
An madra uisce ag léim ann, an breac is an bradán,
An eascúin i ngach mionghlaise is an corr-iasc, ag leogaint scíth,
An nádúr ar taispeántas ar uiscí glan Mhúscraí.

Tá láithreacha stairiúla ann, lorg uasal na laoch gan cháim,
Béal a’Ghleanna, Cúl na Cathrach, Céim an Fhia is an Geata Bán,
Cnoc Sathairn Chill na Martra, Túirín Dubh is an Charraig Mhín,
Go raibh leaba ins na Flaithis ag fir chalma Mhúscraí.

Ceantar mór cultúrtha é do cheol is litríocht,
Bhí Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Ó Riada agus Máire Buí,
Ó Síocháin, An tAthair Peadar is Bess Cronin an bhéil bhinn,
Tá na ceolta sí mar anlann ag amhránaithe Mhúscraí.

Tá fothracha creidimh ann gur mhór a gclú agus a gcáil,
Bhí Fionnbarra agus Gobnait, Lachtaín is Naomh Abán,
Do mhair an oidhreacht chreidimh seo le paidir agus le h-aithrí,
D’ainneoin géarleanúint an tSasanaigh ar phobal Mhúscraí.

Tá báighiúlacht is caradas in abhantracht seo na Laoi,
Tá maortas cine is diograis ag borradh i ngach croí,
Tá’n smior Gaelach fós go daingean ann, ‘dir ceol is litríocht,
Níl dáimhscoil eile in Éirinn ach amháin ag baird Mhúscraí.

Moladh le Rí na hAoine a chruthaigh ár ndúthaigh cháidh,
Is a bhronn an gabháltas tíre seo ar ár sínsear le mórghrá,
Gan truailliú, gan lot, gan ainnise, gan máchail ná céataí,
An nádúr mar mhaoin bhunsheasamhach i gceantar glas Mhúscraí.

Má shiúlann tú gleannta is sléibhte ó Thóraí go Cúil Aodha,
Beidh radharcanna na hÉireann le h-iniúchadh agus le plé;
Ach níl aon áit chomh dea-thréitheach, dea-mhaisithe, dea-chroích,
Leis an gceantar álainn maorga, Múscraí glas Uí Fhloinn.

An Tincéir

le Séamas Ó Céileachair

An imeoidh tú arís inniu
A aoi na hoíche aréir
Nach gearr an stad do-nís ansan,
A fhánaí, a thincéir.

I gcrón-tráth lae inné do chonac
Do thine ghlé le gaoith,
Bhí cábán gleoite i dtreo agat
Roimh theacht na hoíche duibhe.

Bhí bia á chóiriú is ceol agat,
Is dhein do chuallacht gleo,
Is chuaigh do chapaill bhreaca amach,
Ar fhéar ag iníor leo.

An té chífeadh an mustar a bhí fút
Is an cúram faoi gach ní,
Ní cheapfadh sé ach gur ansiúd
A bhís chun fanúint choích’.

Nuair chonac tú lonnaithe ‘nár measc
Faoi lángheal aoibhinn ré,
Ba bheag a chuimhníos ar t’imeacht,
Le scaladh soilse an lae.

Cathanna Tábhachtacha Múscraí

Cath Áth a’ Bhuadh.

Ócáid stairiúil ab ea Cogadh na Saoirse, do cheantar Mhúscraí ach má thugaimíd srac fhéachaint ar shean-stair na dúichí seo le cúpla míle bliain tuigfimid ná raibh sa chogadh seo ach leanúnachas ar imruathar namhad ar dhaor smacht agus cos ar bolg ar ár sinsir, ní h-amháin le seacht gcéad bliain ach, go deimhin, i bhfad Éireann roimis sin agus seo a leanas cúpla sampla des na ruathair cosanta seo atá luaite sa stair i seana scríbhinní agus i mbéaloideas Mhúscraí. Tugtar cúntas i Leabhar Laighean faoi chath Áth a’ Bhuadh, cath a troideadh thar dhá lá i gCill na Martra agus ar theora Bhaile Mhúirne agus luann an scoláire Éireannach Eoin Ó Corraí, Argain Dún Dubhghlaise, nó éarlach Dhún Dubhghlaise ar cheann de chatha móra an ama san suas le cúpla míle bliain ó shin.  Ar an gcéad lá den mhór caismirt seo do thárladh imruathar namhad a fuair an lámh uachtair ar arm de dhaoine áitiúla i gcath ag Lúibín na gCorp atá in oirthear Pharóiste Chill na Martra.  Lá arna mháireach do casadh an dá fhórsa ar a chéile arís ar Ghort an Imill ar theora Bhaile Mhúirne ag áth ar Abhainnn na Dubhg laise mar ar troideadh cath fíochmhar agus deineadh scrios iomlán ar an namhad.  Tá Áth a’ Bhuadh fós mar ainm ar an áit seo agus tá Leaba an Bhuadh i mBaile Ghort na Fuinseann, leath mhíle ón áth so.

Cath Cúm na nÉag.

Tugann stair Chúil Aodha cuntas ar chath fíochmhar eile a troideadh sa bhliain 472 idir na Tuatha Dé Danainn agus na Ceiltigh, cath inar maraíodh na céadta fear. Do troideadh an cath seo sa Doire Leathan, cúpla mhíle laistiar de Chúil Aodha ar bhóthar ársa an Moghruith a bhí mar cheangal an uair úd idir Chorcaigh agus Ciarraí.  Deir seanachas an cheantair go raibh líon na marbh ar an mbóthar seo tar éis an chatha chomh hard san gur baisteadh Cúm na nÉag mar ainm ar an straice bhóthair idir an Doire Leathan agus Barr a’ Chumadh, ainm atá coitianta fós.

Cath Bhealach Leachta

Ina leabhar “The History of the O’Mahony Septs” tugann an Canónach Ó Mathúna cúntas ar an gcath seo a troideadh i mbéilic ar bhruach Abha an tSuláin atá láimh le Sráid Mháchromtha an lae inniu sa bhliain 978 idir Bhrian Bhó Ruadh agus Maol Muadha na Mumhan. Tar éis lá dian chatha, do thosnaigh arm Maolmhuadha ag cúlú siar ó dheas fan leaca Sliabh Caoin go dtí gur briseadh orthu ag an mBearna Dhearg nuair a mhairbh Murchadh, mac le Brian, nách raibh ach trí bliana déag, Maolmuadha.  B’é sin an Murchadh a mhairbh Sigurd, ceannaire na Lochlannach i gCath Cluain Tairbh sa bhliain 1014.  Deir seanachas na Béilice gur maraíodh dhá mhíle fear sa chath so agus b’fhéidir, mar chruthú ar sin, do nochtadh carna móra de chnámha daonna san áit seo sna blianta 1895 /1887 láimh le h-Ath na Turgain – áth an chatha.  Luaitear Cath Bhealach Leachta i mórán des na seana leabhra móra, mar shampla, in Annálacha Inis Féithleann, Annálacha na gCeithre Máistirí (1636) i scríbhinní an stairí Seathrún Chéitinn na séú haoise déag agus i stair Charles Smith a foilsíodh sa bhlain 1750.

Cath Calainn.

Troideadh an cath seo i Mí Lúnasa sa bhliain 1261 idir na Normanaigh faoi cheannas na nGearaltach agus Cárthaigh na Mumhan faoi cheannas Domhnall Mór Mac Cárthach Fhighnín.  Ar shleas nó caol mar a dtagann abhann na Ruachtaí agus abha an Sleathainí le chéile in aice Chill Garbháin atá an suíomh catha seo.  Bhí an Cárthach ar leath taoibh ag stiuriú an chatha mar bhí sé críonna ach maraíodh ar an láthair é agus is ann atá sé curtha. Bhí na Gearaltaigh, Muintir Bharrach agus Mac Thomáis i measc na gclanna eachtrannacha.  Do maraíodh ocht mBarún is cúigear déag Ridirí allúracha sa chath a fhág na Cárthaigh i gceannas an chuid seo den Mhumhan ar feadh suas le 300 bliain agus a fhág síochán i réim ar feadh glúin eile.

Cath Céim an Fhia.

Dob’ é an príomh cúis a bhí le Cath Céim an Fhia ná raibh pobal Múscraí sásta claoi le dlithe peanaideacha na ndeachúna ná leis an gcos ar bolg a bhí dá dhéanamh orthu ag údaráis Shasana.  D’eagraíodar iad féin faoi cheannas an Captaen Rock, thugadar aghaidh ar Bheanntraí agus d’ardaíodar leo abhaile roinnt gunnaí, tar éis ruathar a dhéanamh ar an mbearaic agus ar eastáit Iarla Bheanntraí.   Do thuig an Captaen Rock nách fada go mbeadh na Sasanaigh ar a dtóir.  D’aimsigh fear muiníneach agus do chuir ag faire é ar charraig ard ar an dtaobh theas de Chéim an Fhia.  Chomh luath agus a chonaic sé arm Shasana ar a slí aneas ón gCaol Choill do shéid sé adharc agus do deineadh athnuachaint ar an nglaoch catha san ó bhaile fearainn go baile fearainn, ar fud Mhúscraí, faoi mar a bhí socraithe roimh ré agus chomh luath agus a airigh na Buachaillí Bána an glaoch, thugadar a n-aghaidh ar Chéim an Fhia láithreach.  Do shroich na Sasanaigh Crois an Ghúgáin níos túisce ná mar a bhí súil leo agus do dhóadar tigh áitiúil ina raibh cónaí ar dhuine des na buachaillí bána.  Do bhíodar ar tí tine do chur leis an tarna tigh nuair a thugadar faoi ndeara go rabhadar timpeallaithe ag suas le 400 des na buachaillí bána.   Do thug na Sasanaigh aghaidh ar thalamh ard ar bhaile fearainn Thúirín na nÉan.  Do lean fearaibh Múscraí iad agus is ansa a troideadh an cath a lean ar feadh formhór an lae.  Amach sa tráthnóna, do dhein na Sasanaigh iarracht dionghabháltha ar an gcath do thabhairt chun críche.  Do h-airigh buairt a ngunaí mórthimpeall Bhéal Átha an Ghaorthaigh agus nuair a ghlan deatach bhí beirt d’fhearaibh Múscraí sínte marbh ar an sliabh agus fear eile ó Réidh na nDoirí gonnta go holc agus fuair seisean bás i gceann coicíse.  Do daoradh sé dhuine déag agus fiche chun báis tar éis an chatha ach diaidh ar ndiaidh, do scoileadh a bhformhór saor agus ní heol dúinn gur crochadh ach aon duine amháin a ghlac páirt sa chath.   Dob é siúd Éamon Ó Rinn ó Thír Éiltean a crochadh ar an 1/3/1822.   Dob iad Amhlaoibh Ó Loingsigh as Réidh na nDoirí agus Barra Ó Laoghaire as Ínse Geimhleach, an bheirt áitiúil a maraíodh i gCéim an Fhia.

Béal an Ghleanna.

Do thárla an céad luíochán armtha i gCogadh na Saoirse i mBéal an Ghleanna i Réidh na nDoirí ar an nDomhnach an t-ochtú de mhí Iúil 1918. Ar an lá áirithe seo, do chuir saighdiúirí Shasana cosc ar aeríocht a bhí eagraithe ag Craobh Chonradh na Gaoluinne ar Chúil Aodha agus do bhí beirt phóiliní de chuid an RIC ó Bhéal Átha an Ghaorthaigh i bhfochar na saighdiúirí is ag cabhrú leo. Ar a slí abhaile ó Chúil Aodha go Béal Átha an Ghaorthaigh, d’eagraigh mórsheisear óglaigh áitiúla luíochán ar na póiliní seo ag Béal an Ghleanna agus ní raibh ach cúigear des na hóglaigh armtha.  Sa luíochán seo, do goinneadh duine des na póiliní go holc, do gortaíodh an tarna phóilín agus do ghaibh na hóglaigh a gcuid airm.  De thoradh an luíochán seo, do cuireadh cuirfiú i bhfeidhm i Múscraí lá arna mháireach, cuirfiú a lean go dtí an sos comhraic i mí Iúil i 1921.  Duine des na hóglaigh a ghlac páirt sa luíochán seo ab ea Seán Ó Loingsigh ón nDoireach i Réidh na nDoirí agus gar uncail do Sheán ab ea Amhlaoibh Ó Loinsigh ó Dhoireach a maraíodh i gCéim an Fhia sa bhliain 1822.

Rann Bhríde

Ba chuimhin liom daoine a bhíodh ag dul go Meiriceá, thagaidís fé dhéin mo shean-mháthair chun Rann Bhríde d’fhoghlaim uaithi. Chreididís ná raibh baol báite ar éinne na mbeadh sí aige, mar a deir sí ‘Ní múchfíor, ní báfíor…’ agus leis sin d’fhoghlaimidís an rann. Bhíodh sí á rá timpeall Lae le Bríde i gcónaí, agus Oíche Lae le Bríde leis (Amhlaoibh Ó Loingsigh).

‘Mise Bríd ní Dotha Duinn,
Iníon Aodh ó Theamhra an truím
Mhoch Ciach mhoch Cairbre mhoch Airt
Mhoch Cirmaic mhoch Cais mhoch Cuín.
Mise Bríd ní Dotha d’Aodha
A chuireann an long go réidh ó phort go port.’

Ar do choimirc-se dhúinn féin,
Mar is leat féin an oíche anocht.
Ar do choimirc-se go rachaimid, a Bhríd ní Dotha géalacain.
Go dtuga tú na haithid seo slán sa chóireamh chéanna chugainn.
Ní múchfíor, ní báfíor, ní loiscfidh tine mhearthaill
Éinne mheabhróidh Rann Bhríde gan dearmad.
Dhá liag fearta Bríde i gcéin,
Nó rínn ar an luachair lá an ghéibh,
Drúcht ar an dtalamh dtais
Nó gainimh ins an mhuir mhór ghlais.
Is maith an rátha ‘na dtánamar;
Rath an rátha d’fhágamar
A theacht linn sa rátha ‘na dtánamar!