Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna

Foinse: Coiste Litríoctha Mhúsgraí (Leagan cóirithe ag Peadar Ó Riada)

Éistígh liom-sa sealadh
go neosad díbh cé ‘r cailleadh.
gurb é Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna
gan trácht ar a chéim.
Go bhfuil a choin ‘s a ghadhair ‘s a chapaill
go doimhin fé chré ‘s fé chartadh,
‘s nárbh fhios cár ghaibh an t-anam
‘bhí in áras a chléibh.
Gur cladhaire an bás a thagann
go ciúin, gan chaint ‘na theangan,
ar nós na taoide leathan
i gcuantaibh a scéithean.
Ach ó tá sé in am dúinn freagairt
bíodh garda Dé ‘n ár n-aice
a thógfaidh saor an t-anam
Go h-áras na Naomh.

Céad glóire leis an Athar
nár mhór le rá a ainm.
tá go cumhachtach ins na flaithis
le trácht ar an saol.
Do chúm ‘s do chlóidh na hAingil
go lonnrach, soillseach, lasmhar
gan smúit, gan cheó, gan pheaca,
gan teimheal mar an ngréin.
Do riaraigh spéir is scamaill
chuir solas ard sa ghealaigh
na réilthín chughainn a’ taithneamh
gach oíche ins an spéir.
Do líon gach abha ‘gus caise
le slaodaibh tiubha len’ fheartaibh
san mhór mhuir bhruchtach fhairsing
ó lán dá chuid éisc.

Céad glóire arís len’ ainm
go síorraí buan le seasamh
do thuill ‘s do fuair an ceannas
an chlú cheart ‘s an réim.
Do líon gach coill le crannaibh
go buacach, bláthmhar, daite
‘s na h-éin go binn ag cantainn
ar a ngéagaibh go léir.
Dá laighead le rá na beacha
do thug dóibh slí deas beatha,
gur chughaigh de údair ghasta
é d’ fhoghlaim ins an léann.
Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh
Go gcnósaid a gcuid meala,
Mar stór i gcomhair a chaite
San Geimhreadh le céill.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s