Fáinne An Lae

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Maidean mhoch is mé i bhfeidhil mo stoic
Agus dá seoladh chun an fhéir
‘Sea bhuail umam, ‘s í stuaire an tsuilt
Is í ag duanaireacht is ag éigheamh;
Nuair a chuala an guth ba shuairce liom
Le fonn gur dhruideas léi,
Ba reimhe gach deoir lena leacain bhoig
Agus ba thrua í ag gol i gcéin

Ba chrothach, scuabach, dualach tiugh
a cruacha ag titim léi,
A com seang singil ba néata suite
Is a mala dheas ba chaol,
A déid ba ghile is a béal ba bhinne
Is a dá cích chruinne ghéar-
“Go deimhin, a bhean, ba bhreá do ghean
Go moch le fáinne an lae.

An tú Cearnait ghlic an bhé cheap muileann
Amach a t’intinn ghéar,
Nó an bhé a tugadh thar barr na tuinne
Do mhúscail Cath an Trae,
Nó an fíor gur tú thug an t-ubhall so b’fhinne
Thar mhnáibh na cruinne léi-
Nárbh álainn deas é a scéimh ‘sa gean
Go moch le fáinne an lae?”

“A sháirfhir ghlic na ráite suilt
Ní héinne ‘ca-san mé
Ach bé is ea mé gan chéile ar bith
Cé gur fada mé fí léan;
Beir scéal anois gur daoradh sinn
Ag tréadtha an uilc ‘san chlaein,
Gan bhréag anois tá an téarma istigh
Beidh Éire againn fí réim.”

“Dá mb’áil leat teacht ti’n tábhairne isteach
Is bheith páirteach seal liom féin.”
‘Sé an freagra adúirt: “Níl caoi dhom stad
Tá an fómhar ar leathadh im’ dhéidh;
An diúc a York ‘sa thrúp dá shlad
Ag priúnsa ceart na nGael,
‘S ar an mbliain seo chughainn beidh búir go lag
Sin cúntas ceart lem scéal.”

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s