Ar Leacain na Gréine

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Fonn: ?

Foinse: Sathaor Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire

Ar leacain na gréine inné
is mé ag múscailt mo bhó
‘Sea dhearcas-sa lem thaobh
an spéirbhean mhodhúil mhúinte dheas óg
Do bhí lasadh na gcaor ‘na gné
agus a gnúis mar an rós,
Agus a cúl carnfholt péarlach léi
go dúnaibh a bróg.

Níor dhanaid liom féin teacht féna déin
lena fáilte is lena póig
Ach ar eagla nárbh aon bhean tsaolta
a thárlaigh im threo,
Níorbh aithnid liom féin dá mhéid é
a trácht insa chóig
Ach a pearsa agus a méinn
a scéimh, a cáil, is a cló.

Is ‘na haice siúd do shuíos
is do luigheas ar phlámaireacht léi
Is is gairid arís gur shaoileas
bheith páirteach seal léi.
“Má taoi tuirseach ón tslí dein moill
is go lá tar liom féin
Is gheobhair leabaidh nách tuí ar feadh mí
más áil leat gabháil léi.”

Tá magadh ort, a mhaoin” a dúirt sí,
“is ní hábhar duit mé,
Agus ná feadar cá luigheann
do thigheas ná t-áitreabh féín;
Mar caithfead dul síos go híochtar
Clár Luirc lem scéal
Go bhfeaca-sa an Fleet i bhFaoide
‘na lánchumas tréan.

“A mhascalaigh mhín thar an bhFleet
ná trácht liom go héag,
Mar is le hanacra do chím-se na mílte
i ngátar ‘na déidh;
Tháinig scaipeadh ortha ón ngaoith fóríor!
chuir a lán acu ar strae
Agus i nglasaibh ‘sea do shuíd
mar an ríbhean seo thárlaidh i gcéin.

“Gach duine acu chífir mínigh dóibh
brí mo scéil,
Go bhfuilid ag tíocht go buíonmhar
fí ghrán is fí philéar-
Gearrthacaigh ghroí an Laoiseach,
san Spáinneach dá réir,
Go Banba ag tíocht gan mhoill
le grásta Mhic Dé.”

“Go deimhin más fíor do laoithe,
a stáidbhruinneal shéimh,
Beidh talamh gan chíos gan íoc
gan cháin is gan phlé
Beidh cruinneacht is im is saill
ar an gclár againn féin,
Agus gasra an ghrinn ag díogadh
na gcárt agus dá nglaoch.”

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s